Tá “leatrom” á dhéanamh ag “meon aonteangach” Chumann Disléicse na hÉireann i leith chóras díolúintí na Gaeilge, dar le saineolaí oideachais.
Agus é ag labhairt ag an gcomhdháil ‘Réiteach’ a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le déanaí, dúirt an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir go bhfuil “dearcadh aonteangach ar an saol” á chur chun cinn ag Cumann Disléicse na hÉireann agus nach bhfuil an dearcadh sin “ag freastal ar na riachtanais” atá ag páistí na hÉireann.
Bhí Ó Duibhir, iarstiúrthóir ar Shealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, ag labhairt ar chóras na ndíolúintí ón nGaeilge in Éirinn agus ar an ngá leis an córas sin a “athrú ó bhonn”.
Dúirt sé nach bhfuil “a leithéid de rud ann” agus “deacracht foghlama teangacha” agus gurbh fhearr i bhfad córas a chuirfeadh “ionchuimsiú seachas díolúine” chun cinn.
Maíonn Cumann Disléicse na hÉireann go gcruthaíonn foghlaim teangacha “deacrachtaí móra” do dhaoine áirithe a bhfuil an disléicse orthu agus go gcuirtear “brú agus imní” ar na daltaí sin nuair a bhíonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil.
“Is oiriúnú réasúnach é an díolúine do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu agus a bhfuil deacrachtaí móra litearthachta acu, agus nuair nár leor tacaí eile le freastal ar a riachtanais,” a deirtear ar shuíomh idirlín Chumann Disléicse na hÉireann.
Dúirt Pádraig Ó Duibhir chomh maith go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag “easpa gnímh” na Roinne Oideachais i dtaobh cheist na ndíolúintí agus go raibh an baol ann go mbeadh díolúintí á bhfáil ag 20% de dhaltaí na hÉireann ó fhoghlaim na Gaeilge amach anseo.
“Má théann líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge os cionn 20%, bhainfí an bonn den Ghaeilge mar ábhar éigeantach scoile ag leibhéal na hArdteiste,” a dúirt Ó Duibhir.
In 2024-25 a bhí an líon is mó riamh daltaí sa gcóras oideachais a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge.
Bhí díolúine ag 14.3% de dhaltaí iar-bhunscoile an stáit, ardú don ochtú bliain as a chéile.
Mhaígh sé go raibh “cleachtas na hÉireann as riocht le tíortha eile” agus nach bhfuil bunús maith eolaíochta faoi chur chuige na Roinne Oideachais is leith na ndíolúintí.
“Ní thugann muid an deis do dhaltaí a thagann ó thíortha eile tar éis 12 bhliain d’aois an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní tharlaíonn sé sin i dtíortha eile – sa Bhreatain Bheag mar shampla. Múintear an teanga ag ‘leibhéal iontrála’ agus bíonn rochtain ag gach dalta uirthi – ionchuimsiú seachas díolúine a bhíonn ann.
“Tá sé fíor-eisceachtúil go mbronntar díolúine ó fhoghlaim na Sualainnise sa tSualainn, tugtar díolúine shealadach sa Chatalóin chun gur féidir leis na daltaí breith suas lena gcomhghleacaithe, agus tá curaclam solúbtha acu i Lucsamburg,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Duibhir go bhfuil an teachtaireacht á cur amach ag an Roinn Oideachais faoi láthair “nach bhfuil an Ghaeilge tábhachtach agus go bhfuil an Ghaeilge deacair”. Mhaígh sé go gcaithfeadh “solúbthacht” a bheith sa chóras díolúintí le go mbeifí in ann freastal ar “riachtanais na ndaltaí” ar bhealach a bheadh “ag teacht le fealsúnacht ionchuimsitheach”.
Mhol Pádraig Ó Duibhir an cur chuige a chuir an Dr Aoife Ní Ghloinn ó Ollscoil Mhá Nuad chun chinn ag an gcomhdháil chéanna. Dúirt Ní Ghloinn gur cheart don siollabas Gaeilge “aitheantas a thabhairt do phróifílí éagsúla teanga agus cumais” agus gur iomaí cineál duine a d’fhéadfadh a bheith i gceist sna “próifílí” sin.
Dúirt sí go bhféadfaí an siollabas a chur in oiriúint do dhalta i scoil Ghaeltachta a mbeadh “fuaimniú fíormhaith agus caint neamfhoirmiúil an-fhorbartha” aige, nó do mhac léinn ollscoile a mbeadh “scileanna litearthachta, scríbhneoireachta, agus acadúla” aige ach a bheadh ag streachailt le “comhrá nádúrtha ar bhonn sóisialta”.
Luaigh Ní Ghloinn an té a bheadh labhairt na Gaeilge aige ach a mbeadh “deacracht leis na scileanna litearthachta” aige mar dhuine eile a bhféadfaí siollabas a mhúnlú dó.
“An rud a dhéanaimid dóibh sin [daoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta acu] ná díolúine a thabhairt dóibh [ón nGaeilge] nuair nach díolúine atá ag teastáil ach cúrsa éigin eile a chabhródh leo.
“Bheadh muid in ann freastal níos fearr ar na riachtanais sin atá ag daltaí dá mbeadh muid in ann iad a thuiscint,” a dúirt Ní Ghloinn, atá ina stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge i Má Nuad.
Fág freagra ar '‘Leatrom’ á dhéanamh ar dhaltaí ag ‘meon aonteangach’ i leith díolúine na Gaeilge – saineolaí oideachais'