AGALLAMH: Ón Airgintín go dtí an Rinn agus ar ais arís

Tá ceiliúradh déanta ag an bhfile ón Rinn Áine Uí Fhoghlú ina cnuasach nua ar a ceangal leis an Airgintín. Labhair sí le Tuairisc

AGALLAMH: Ón Airgintín go dtí an Rinn agus ar ais arís

Seoladh Scéal ó Charolina an tseachtain seo caite, cnuasach nua filíochta le Áine Uí Fhoghlú, ina ndéanann an file ón Rinn ceiliúradh ar an nasc atá aici leis an Airgintín ón lá a rugadh í.

Tógadh Áine sa Rinn, ach rugadh í in Ambasáid na hAirgintíne i Londain, áit a raibh a hathair ag obair agus an teaghlach ar lóistín ag an am.

“Bhí m’athair ag obair in Ambasáid na hAirgintíne ag an am a rugadh mé agus bhí muid ar lóistín sa champas. Rugadh mé sa mbaile agus go teicniúil rugadh ar thalamh na hAirgintíne mé.”

Roghnaíodh beirt chairde lena hathair ina tuismitheoirí baiste di. Beirt ón Airgintín a bhí ag obair san Ambasáid freisin ab ea iad agus baisteadh Áine i séipéal in aice láimhe i Londain. Bhí fonn eachtraíochta ar a muintir agus nuair a bhí Áine thart ar bhliain go leith d’aois, fuair a hathair post san Astráil, agus bhog an chlann ansin ar feadh roinnt blianta.

“Chuamar go dtí an Astráil, in áit sa ‘bush’ nach raibh duine ná deoraí mórthimpeall orainn. Chaill m’athair agus mo mháthair an teagmháil a bhí acu le dream na hambasáide agus seoladh iadsan go dtí na ceithre hairde sna blianta a bhí amach romhainn, mar a bhíonn leis an obair sin.

“Ní raibh fóin ag daoine an uair sin, ach dá mbeadh féin bhí sé chomh costasach, agus thógfadh sé na seachtainí sa phost litir a sheoladh agus b’fhéidir go mbeadh na daoine imithe ón áit faoin am go mbeadh an litir tagtha chomh fada leo.”

Tar éis trí bliana san Astráil tháinig an chlann ar ais go hÉirinn agus shocraigh siad síos sa Rinn, agus is ann a rugadh an bheirt is óige sa chlann. D’imigh an saol ar aghaidh, ach níor lig athair Áine di dearmad a dhéanamh ar an nasc a bhí aici féin leis an Airgintín.

“Bhíodh m’athair i gcónaí ag rá liom, ná déan dearmad go bhfuil baint agatsa leis an Airgintín. Bhí an Spáinnis go líofa ag m’athair is mo mháthair, só nuair a bhí siadsan ag iarraidh rud a rá le chéile nach raibh siad ag iarraidh go dtuigfeadh muide labhraídís Spáinnis. De réir a chéile, thuig muide í freisin.”

De réir mar a bhí na blianta ag dul ar aghaidh, chuimhnigh Áine go mbeadh sé go deas dá bhféadfadh sí teagmháil a dhéanamh lena tuismitheoirí baiste arís.

“Nuair a bhí mé sna fichidí thosaigh mé ag cuimhneamh go mbeadh sé go deas bualadh leo. Scríobh mé litreacha go dtí an ambasáid i Londain ach ar ndóigh dúirt siad go raibh siad imithe le fada faoin am san. Bhí mé ag teacht is ag imeacht ar an scéal, bhí sé ina ‘lá éigin’ agam, nuair a bhíonn tú óg bíonn do shaol ar fad amach romhat.”

Leis an bhforbairt agus an dul chun cinn a tháinig ar an idirlíon le casadh na mílaoise, shocraigh Áine r-phost a sheoladh go dtí an Ambasáid sa mbliain 2009. Ní raibh a fhios aici céard a thiocfadh as, ach shocraigh sí iarracht eile a dhéanamh.

“Níor chuala aon rud agus ansin, lá amháin gan choinne, agus mé istigh sa rang ag múineadh, tháinig teachtaireacht ó iníon m’athar baiste, Carolina. Agus is as sin a tháinig teideal an leabhair. Thugadar cuireadh amach dom agus chuaigh mé féin agus m’iníon Liadán anonn agus bhí ard-am againn. D’fhan muid leo agus tá muid ana-mhór leo ó shin.”

Cuntas dialainne é an leabhar i bhfilíocht, a deir sí. Tá cur síos ar an gcéad lá nuair a rugadh í, cuimhní óna hóige, an turas go dtí an Airgintín agus eachtraí eile.

“Tá dán ann ‘Treasa sa Bhosca’, nuair a baisteadh mé thugadar bonn beag bídeach óir de Naomh Treasa de Lisieux, an bláth beag, bíonn na bláthanna ina baclainn aici sna híomhánna a dhéantar di.

“Nuair a bhí mé ag fás aníos bhíodh cead agam breathnú ar an mbonn seo anois is arís agus bhí sé an-speisialta dom.”

Cnuasach trítheangach atá sa leabhar Scéal ó Charolina, a d’fhoilsigh Éabhlóid, dhá dhán is fiche atá ann, ach tá 66 leagan ann mar go bhfuil na dánta aistrithe go Béarla agus go Spáinnis na hAirgintíne. Tá na haistriúcháin déanta ag cuid de mhórfhilí na hÉireann, Paddy Bushe, Eibhlís Carcione, Cathal Ó Searcaigh, Eiléan Ní Chuilleanáin ina measc. Is é an file agus an t-aistritheoir Airgintíneach Jorge Fondebrider a d’aistrigh na dánta go Spáinnis.

“Duine as an Airgintín a rinne na haistriúcháin, bhí sé tábhachtach dom mar gur theastaigh uaim go mbeadh an fíorbhraon ón Airgintín ann ag freagairt don Ghaelainn.”

Anois agus an leabhar i gcló, níl a fhios ag Áine fós céard é an chéad eachtra eile sa scéal, ach tá áthas uirthi go bhfuil taifead agus ceiliúradh déanta ar an turas go dtí seo.

“Uaireanta bíonn rudaí mar seo mar chloch a chaitear i loch agus na fáinní a thagann as. Ní bheadh a fhios agat.” a deir sí.

Fág freagra ar 'AGALLAMH: Ón Airgintín go dtí an Rinn agus ar ais arís'