Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir

Sa leabhar nua ‘Brigid’ déantar an seanchas agus an tsamhlaíocht a fhí isteach sa bhficsean chun léitheoireacht éadrom thaitneamhach a sholáthar

Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir

Brigid
Kim Curran
Penguin €19.50

Is í Bríd nó Naomh Bríd réalt na huaire seo, tá tíolacthaí mhná an domhain á lua léi agus a féile á ceiliúradh sna ceithre harda.

Tuigfidh tú mar sin gur sciob mé Brigid nua-fhoilsithe den tseilf sa siopa leabhar. D’at mo chuid ríméid nuair a chonaic mé an t-údar, an bhean chéanna a scríobh The Morrigan, Mór-Ríoghain ár bhfinscéalta.

Is aoibhinn liom an chaoi a ndéanann an t-údar seo an seanchas, an tsamhlaíocht agus a tuiscint féin a fhí isteach ina cuid ficsin chun léitheoireacht éadrom thaitneamhach a sholáthar. Tá éacht dá leithéid déanta i nGaeilge ag Leabhar Breac ar ár litríocht dúchais.

Feimineach corraithe iad Curran agus Bríd  a pinn nach ngabhann leithscéal faoina ndearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir agus níl fear amháin sa leabhar seo a dtabharfá gean dó. Éad, uabhar, saint, drúis, craos, brúidiúlacht agus cos ar bolg nádúr na bhfear seo a bhuíochas don tsochaí a chothaigh iad.

Cumhacht seachas inscne (oiliúint seachas dúchas?), a fhágann amhlaidh iad mar is léir gur bhuail ráig den chumhacht-adhradh céanna Bríd an fhicsin le mar a bhláthaigh cáil agus stádas thearmann Chill Dara.

Is iomaí caint ar an dá Bhríd ach sa scéal seo tá an bandia Bríd ag reacaireacht agus í i gcluais Bhríd Chill Dara agus a bua draíochta le fáil aici ach a dtaitníonn a beart agus a meon leis an dia treallach.

Sa leabhar seo gheobhaidh tú an seanchas uilig atá cloiste agat faoi Naomh Bríd ach tú fhéin ansin agus iad ag tarlú, an brat, an chros, an déirce, na mallachtaí agus na míorúiltí.

Iníon le cumhal agus taoiseach a dhíol a máthair le draoi ach a raibh sí ag súil le Bríd. Tá an Bríd seo flaithiúil, cineálta, stuacach, stuama ach ní mór a meas ar aon fhear agus í ar buile faoin drochbhail a ídítear ar mhná sa gcomhluadar sin.

B’fhearr léi an bás fhéin ná fear a roghnaigh a hathair di a phósadh ach tháinig nathair i gcabhair uirthi agus mhill a héadan, marach a shlánaigh í ón bpósadh.

Tá deisceabail chreideamh nua na Róimhe á scaipeadh sa tír agus tugann Bríd faoi thearmann a bhunú agus fáilte ann roimh mhná, bídís críostaí, págánach, aerach, déghnéasach, peacach, maighdeanúil, saibhir nó daibhir. Balla mór thart air agus cos fir ní ghabhfadh thairis.

Tógáil, gaibhneacht, peannaireacht, feilméaracht, táilliúireacht, paidreoireacht, ceiliúradh, banaltracht agus déirce faoina gcúram féin agus an t-ómós céanna do gach dia.

Ar ndóigh scaip a gcáil agus tháinig mná ina sluaite ag éalú ó fhlaitheas na bhfear, gach bean lena dúchas agus a haiteas féin.

Mo léan, chonaic Pádraig in Ard Mhacha agus a mhéiteanna sa Róimh an forás seo sa gCurrach agus chaithfí na mná seo a cheansú le neart nó le plámás. Ní fhaca tú samhail Phádraig seo beo ach uachtarán áirid a shantaíonn dath an óir agus mná géilliúla.

Is mór é m’fhaitíos gurb é Pádraig an Churraoinigh a bheas i mo chloigeann an chéad uair eile a bheas mé ar Mhám Éan – crochadóir suarach a bhí tugtha don mhaoin, don urraim agus don chumhacht agus a raibh amhras air faoi anam a bheith ag bean, cé nár chuid de chúram na Róimhe anam mná, más ann dó!

Díreach mar a chuir an chléir deireadh le ceiliúradh na bpátrún sa gcéad seo caite, choisc an Pádraig seo damhsa, ceol, is ceiliúradh na bhféilte dúchais i gCill Dara [Imbolc féin]  agus ba mhian leis gach págánach a chur den saol.

Ach ní haon ghairdín pharthais a cruthaíodh i gCill Dara, tá allas, ocras, ganntan agus malairt tuairimí ann. Tá an-spadhar sa mBríd seo agus a cuid díoltais gan trócaire. Is beag a foighid leis na deirfiúracha nach dtuigeann a cuid scéiméireachta, ceird na bhfear, fiú gur chlis sí go tútach ar bhean óg ghonta ar son na cumhachta saolta.

Faigheann an chumhacht sin greim uirthi agus déanann sí leithcheal ar a nádúr, a cairde agus a prionsabail ar son na huaillmhéine.

Aisteach go leor níl a fhios cén gáire a bhain an leabhar seo asam agus tá eachtraí anseo a tharlaíonn chuile lá mar gur beag athrú ar nádúr an duine le míle go leith bliain, faraor géar.

Tá na mná seo lán le graostacht, gliceas, greann, imeartas focal, cluanaíocht agus tabhairt faoi deara. Fan go léifidh tú oirniú Bhríd ina heaspag, mé fós lagtha ag gáire! An mbainfeadh sé gáire as fear? Cá bhfios domsa agus is cinnte nach é sin a choinneodh Bríd ó chodladh na hoíche.

Ná bíodh imní ort, sa bhficsean finscéalach, feiceann daoine an solas, faigheann an mhaitheas an ceann is fearr ar an olc agus mairfimid ar fad go sona sásta faoin daonlathas Gréagach!

Fág freagra ar 'Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Feimineach corraithe nach ngabhann leithscéal faoina dearcadh ar an saol a dhear fir d’fhir’, tuairisc.ie, Dé Máirt, Feabhra 24, 2026.

    Is léir ar an gcur síos ag Máire Ní Fhinneadha gur fuath fear a shamhlaíonn Kim Curran, údar an leabhair fiscin, Brigid, le Bríd Naofa. Ní hí an inscne, ach an dúil sa chumhacht, a dhéanann fir chomh barbartha is atá siad, más fíor Kim Curran, agus Máire Ní Fhinneadha ag aontú ó thalamh léi, de réir dealraimh; agus ní raibh Bríd Naofa Chill Dara saor ar an dúil sa chumhacht, a deirtear. Bhí teacht ag Bríd Naofa ar bhua draíochta Bhríde Bandia, ach í seo a bheith sásta le Bríd Naofa, dar le Kim Curran.

    B’fhuath le Bríd Naofa na fir, más fíor an Curraoineach mná, agus tháinig nathair i gcabhair ar Bhríd Naofa, nuair nár theastaigh ó Bhríd Naofa an fear a roghnaigh a hathair seo di a phósadh. Is ea’n a d’fhág an nathair máchail ar aghaidh Bhríde Naofa.

    Chuir Bríd Naofa tearmann ban ar bun –– i gCill Dara, is dócha –– agus ní raibh fáilte ar bith roimh fhear ar bith ann. Ní gnách fáilte a bheith roimh fhir i dtearmann ban sa lá atá inniu ann, go háirithe más ag teitheadh óna gcuid fear brúidiúil a bhíonn na mná sa tearmann.

    Dar le Kim Curran, chreid Bríd Naofa sa Neamh–Shonrachas –– is é sin, gurbh é an t–ómós céanna a bhí ag Bríd Naofa do gach uile dhia, fíor nó bréagach. Rialaigh an Pápa Pius IX, sa bhliain 1863, nach slánófaí duine a ghéilleann sa Neamh–Shonrachas.

    Pádraig Naofa, Easpag Ard Mhacha agus Príomháidh na hÉireann, tuairiscítear é a bheith in éad le Bríd Naofa. Níor thaitin Bríd Naofa leis na húdaráis sa Róimh, ach a oiread, de réir dealraimh. Teachtaireacht a chuir Pádraig Naofa ar TikTok chun na Róimhe, an ea? Cuireann Kim Curran Pádraig Naofa i gcomparáid le Dónaillín an Trumpa, agus líomhnaíonn sí Pádraig Naofa a bheith chomh drúisiúil is a thuairscítear Dónaillín a bheith. Cuimhnímis gur dócha gurb í an Ghàidhlig an chéad teanga a caitheadh ar an ngogán chuig Dónaillín. Seans, mar sin, go dtuigfeadh an Fear Buí alt Mháire Ní Fhinneadha, ach é a léamh!

    Déanann Kim Curran iarracht ar a chur in iúl nach raibh Bríd Naofa gan locht. Tá daoine a d’áiteodh gur diabhal uaillmhianach ba ea Bríd Naofa, dar leis an gCurraoineach mná.

    Tá a chuma air go dtacaíonn an Curraoineach mná leis an drochoipineon atá ag Máire Ní Fhinneadha ar nádúr an duine.

    Seanscéal is ea é gur coisriceadh Bríd Naofa ina hEaspag. Níl fianaise ar bith ann gur tharla sé sin. Pádraig Ua Maoileoin, trócaire air, d’áitíodh sé nár cheart scéal le dealramh a mhilleadh le loighic! Tá bun leis an tuairisc gur ceapadh Bríd Naofa ina Ban–Ab. Bhíodh cuid mhaith cumhachta ag an mBan–Ab sa seansaol.

    Maidir leis an daonlathas Gréagach de, ní raibh locht ar bith aige sin ar an daoirseacht.

    Is eacsaircistí mór le rá é an tAth. Chad Ripperger sna Stáit Aontaithe. Déanann an tAth. Ripperger amach nach ngabhann deamhan colainn duine ach in 0.5% de na cásanna a chuirtear faoi bhráid na n–eacsaircistithe. Ach leath na gcásanna gabhála sin, is mná iad a ndearnadh éigniú orthu. Comhairlíonn an tAth. Ripperger do mhná den saghas sin, cóireáil síciatrachta a fháil, má bhíonn siad ag cuimhneamh ar phósadh, mar gur an–deacair do mhná a éigníodh, buachan ar a gcuid fuatha do na fir, agus go dteipfidh ar an bpósadh, mura gcuirtear cóireáil síciatrachta ar na mná sin. Cuid de na mná a ngabhann deamhan a gcolainn, is mná iad a ndearnadh ginmhilleadh ar leanaí leo. Eachtraíonn an tAth. Ripperger go dtógann sé timpeall 8 mbliana ar eacsaircistí sa lá atá inniu ann, deamhan a ruaigeadh as colainn duine, de dheasca an saol a bheith éirithe chomh peacúil sin. Aniar go dtí tosach bhlianta 1960, ní thógadh sé ach lá nó dhó ar eacsaircistí deamhan a ruaigeadh as colainn duine.

    Is cuid den chreideamh Caitliceach é gur deamhan is ea gach uile dhia Págánach, agus gur cuid d’Aingil an Uabhair iad siúd go léir; is iad Aingil an Uabhair, na hAingil ar ruaig Micheál Ard–Aingeal amach as na Flaithis iad, nuair nach nglacfaidís leis an bpost a thairg Dia dóibh le déanamh. Trian de na hAingil a ruaigeadh as na Flaithis an uair úd. 33 mhilliún dia atá ag na Hiondúigh. Seanchomhairle de chuid na hEaglaise Caitlicí is ea é cuimhneamh ar na Críocha Déanacha –– Bás, Breithiúnas, na Flaithis, nó Ifreann –– agus ní dhéanfaidh tú peaca choíche. Is fuath le hAingil an Uabhair an cine daonna trí chéile, mar gur gnách go dtugann Dia aga ar aithrí don duine daonna, ach nár thug sé deis ar bith, d’Aingeal ar bith de chuid Aingil an Uabhair, aithrí a dhéanamh. Ní mar a chéile agus duine daonna ar bith, thuig gach uile Aingeal cén droch–iarmhairt a bheadh dóibh dá ndiúltóidís glacadh leis an bpost a bhí Dia a thairiscint dóibh. Tá an ghráin shíorraí ag Aingil an Uabhair ar an Maighdean Mhuire, mar nach bhfuil sise ar comhchéim le hAingeal ar bith, ach fós, gur mó an chumhacht spioradálta atá aicise, ná a bhfuil de chumhacht spioradálta ag gach uile naomh dá raibh riamh ann, agus iad go léir a chur le chéile. Ach rud eile atá na heacsaircistithe Caitliceacha a thuar: go bhfuil deireadh le teacht, sula i bhfad, le cumhacht Aingil an Uabhair.

    Mura bhfuil níos fearr le déanamh i rith an Charghais agaibhse, a léitheoirí, machnaígí go maith ar an méid sin, mar a mhol Challoner fadó!

    Brigid a bhí ar mháthair mo mhátharsa. Bhí lán mála d’amhráin Bhéarla agus Ghaeilge ag Brigid, agus ní dócha gur ar scoil a d’fhoghlaim sí formhór na n–amhrán Gaeilge a bhí aici. Tá gach uile chuma ar an scéal gur dátheangach as a hóige ba ea Brigid. Beannacht Dé lena hanam.