Níl ceist an Bhreatimeachta imithe, bíodh a fhios agat

Tá roinnt den tuairim gurb í an aidhm atá ag rialtas Keir Starmer filleadh de réir a chéile ar rialacha an Aontais Eorpaigh

Níl ceist an Bhreatimeachta imithe, bíodh a fhios agat

Breatimeacht. Anois sin focal nár chuala muid le píosa. Bhí sé bliana ann ar an gcéad lá d’Eanáir ó d’fhág an Bhreatain an tAontas Eorpach go hoifigiúil agus beidh sé deich mbliana i mí an Mheithimh ó vótáil pobal na Breataine imeacht as an Aontas i reifreann a tharraing clampar agus conspóid.

Sna ceithre bliana idir an reifreann agus imeacht na Breataine caitheadh uaireanta an chloig ag trácht ar cén cruth a bheadh ar an socrú. Dúradh leis an mBreatain go mbeadh aiféala orthu faoin gcinneadh. Fuair muid leide an tseachtain seo go mb’fhéidir go bhfuil an rialtas thall ag iarraidh droim láimhe a thabhairt leis an mBreatimeacht agus druidim ar ais níos gaire don Aontas.

Dúirt an Príomh-Aire Starmer ag comhdháil slándála Munich le gairid nach ionann an Bhreatain sa lá inniu agus mar a bhí an tír le linn bhlianta an Bhreatimeachta. Teastaíonn naisc níos dlúithe leis an Aontas agus leis an margadh aonair chun an Bhreatain a chosaint mar thoradh ar an éiginnteacht ar fud an domhain faoi láthair, a dúirt Starmer.

Tá cainteanna ag leanúint ar aghaidh i gcónaí ar réimsí inar féidir comhoibriú idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach a neartú. Fógraíodh le gairid, mar shampla, go mbeadh an scéim Eorpach, Erasmus ar fáil do mhic léinn sa mBreatain in athuair. I measc na n-ábhar eile atá á bplé faoi láthair tá margadh leictreachais comhtháite agus comhaontú tréidliachta agus sábháilteachta bia. Tá súil go mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir le haontú ag an gcéad chruinniú mullaigh eile a cheaptar a reáchtálfar roimh an samhradh.

Tá roinnt polaiteoirí den tuairim gurb í an aidhm atá ag rialtas Starmer ná filleadh de réir a chéile, earnáil i ndiaidh earnála, ar rialacha an Aontais Eorpaigh ionas ar deireadh nach dtabharfar faoi deara gur beag difear a bheidh idir an Bhreatain agus an tAontas.

An deacracht atá ag Starmer ansin, más í sin a mhian, go bhfuil páirtí Nigel Farage ag neartú sna pobalbhreitheanna in aghaidh an lae. Imeacht as an Aontas Eorpach an bhunchúis a bhí le UKIP, an chéad pháirtí a bhí ag Farage agus leanann an naimhdeas ina measc do rud ar bith a bhaineann leis an Eoraip. Cuir leis sin go bhfuil deacrachtaí móra polaitiúla ag rialtas Starmer faoi láthair agus is beag dúil a bheadh ag go leor d’fheisirí an Lucht Oibre i Westminster an cheist achrannach seo a chur i mbéal an phobail arís.

Ag brath ar thorthaí na dtoghchán áitiúil i Sasana agus na toghcháin in Albain agus sa Bhreatain Bheag i dtús mhí na Bealtaine, tá gach uile seans ann nach mbeidh Starmer ina cheannaire ar an Lucht Oibre níos mó. Má éiríonn leis teacht slán agus má leanann eacnamaíocht na Breataine ag fulaingt mar atá, is féidir glacadh leis go mbeidh an focal Breatimeacht le cloisteáil i measc bhunaíocht na polaitíochta arís, más i gcogar féin é.

Fág freagra ar 'Níl ceist an Bhreatimeachta imithe, bíodh a fhios agat'