Cluichí móra i dTrá Lí agus Páirc an Chrócaigh anocht agus an comórtas ag géarú

Amárach a thabharfaidh an dá fhoireann ar bharr na sraithe, Dún na nGall agus Maigh Eo, aghaidh ar a chéile i mBéal Átha Seanaidh

Cluichí móra i dTrá Lí agus Páirc an Chrócaigh anocht agus an comórtas ag géarú

...
Sraith Náisiúnta Peile – Roinn 1

Dé Sathairn, 14 Feabhra

Ciarraí v Gaillimh – Páirc Aibhistín de Staic, 17:00 (Beo ar RTÉ)
Áth Cliath v Muineachán – Páirc an Chrócaigh, 19:00 (Beo ar TG4)

Dé Domhnaigh, 15 Feabhra

Dún na nGall v Maigh Eo – Páirc Uí Dhomhnaill, 13:45 (Beo ar TG4)
Ros Comáin v Ard Mhacha – Páirc de hÍde, 14:00 (Iarbheo ar TG4)/

...

Nuair a fógraíodh na cluichí i Roinn 1 na sraithe peile i mbliana, bí cinnte go raibh Jack O’Connor agus Pádraic Joyce ag díriú isteach ar an gcluiche a bheidh againn anocht idir Ciarraí agus Gaillimh mar cheann de na cinn is tábhachtaí san earrach.

Agus babhta a trí anois bainte amach againn, tá cúpla cluiche ag an dá fhoireann chun meirg an gheimhridh a chur díobh. Anuas air sin, bhí briseadh coicíse ag an dá fhoireann ón gcluiche deireanach chun féachaint siar ar an tús sin agus cúpla athrú beag a dhéanamh, dá mba ghá.

Anois, ní hin le rá go mbeidh go mbeidh Ciarraí agus Gaillimh ar lánluas anocht i dTrá Lí, níl againn ach Lá Fhéile Vailintín, ach tá a ndóthain oibre déanta ag an dá fhoireann faoin tráth seo nach gcuirfear suas le mórán leithscéalta. Ní hé go mbíonn O’Connor ná Joyce ag brath orthu sin rómhinic ar aon chaoi.

Thús seal, thíos seal a bhí an chéad dá bhabhta ag Ciarraí agus Gaillimh agus cluiche amháin buaite agus ceann caillte ag an dá dream. D’fhéadfá a rá go raibh an t-ádh ar an bpéire acu leis na buanna a bhí acu chomh maith, Ciarraí ag sciobadh na bpointí leo i gcoinne Ros Comáin sa gcéad bhabhta agus an rud céanna déanta ag Gaillimh in Ard Mhacha cúpla seachtain ó shin.

Is de réir a chéile atá Jack O’Connor ag tabhairt isteach na n-imreoirí a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh agus deiseanna tugtha do leithéidí Evan Looney, Armin Heinrich, Cillian Trant and Tomás Kennedy. Níor imir David Clifford sa gcluiche a chaill siad in aghaidh Dhún na nGall i mbabhta a dó agus tinneas ag cur as dó ach seans go bhfeicfear ag pointe éigin anocht é agus beidh lucht tacaíochta na Ríochta ag súil le sárthaispeántas eile ó Sheán Ó Sé, a bhí ar fheabhas thuas i mBéal Átha Seanaidh.

Is ar éigean go raibh an bua tuillte ag Gaillimh thuas in Ard Mhacha ach thugadar pointí tábhachtacha abhaile leo. Tabharfaidh an tionchar a bhí ag Cillian McDaid agus Matthew Tierney ar an imirt tar éis dóibh teacht isteach mar ionadaithe sa gcluiche sin misneach do na Gaillimhigh agus dea-scéal é chomh maith go bhfuil John Maher ainmnithe ar an bhfoireann agus é ag teacht chuige féin théis gortú rúitín. Tá cara agus comrádaí Maher ó Bhóthar na Trá, Rob Finnerty, ag imirt ar fheabhas do Ghaillimh le cúpla bliain anuas anois ach beidh níos mó ná eisean ag teastáil chun scóranna a fháil má tá na Connachtaigh chun aon rud a fháil ón gcluiche seo.

Tá coimhlint mhór eile romhainn anocht nuair a thabharfaidh Áth Cliath agus Muineachán aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Tá an dá fhoireann fós gan aon phointe i Roinn 1 agus is mó seans ná a mhalairt gur Roinn 2 a bheidh i ndán don dream a chailleann cluiche na hoíche anocht.

Tar éis d’Áth Cliath cailliúint in aghaidh Mhaigh Eo cúpla seachtain ó shin, dúirt Ger Brennan go raibh cúpla cinneadh crua le déanamh maidir le cuid de sheanfhondúirí na foirne, fir a bhfuil boinn uile-Éireann ina bpócaí acu, agus seans go bhfaighidh muid amach anocht an raibh an bainisteoir dáiríre nó an raibh sé ag iarraidh a chuid imreoirí a ghríosú.

Casfaidh an dá fhoireann atá ar bharr na sraithe ar a chéile amárach agus Maigh Eo agus Dún na nGall ag teacht le chéile i Leitir Ceanainn. Beidh Jim McGuinness sásta go maith le cúrsaí go dtí seo agus bua i bPáirc an Chrócaigh ag na Conallaigh i mbabhta a haon agus curaidh na hÉireann cloíte ina dhiaidh sin. Dáire Ó Baoill a d’aimsigh an cúl in aghaidh Chiarraí agus pointí maithe faighte ag Finbarr Roarty, Hugh McFadden, Michael Langan, Ciarán Moore agus Conor O’Donnell sa mbua 1-22 in aghaidh 1-18 ar Chiarraí.

Ní bheidh aon easpa muiníne ag cur as do Mhaigh Eo ach an oiread tar éis dóibh sean-naimhde, Áth Cliath agus Gaillimh, a shárú go dtí seo agus tús iontach curtha ag Andy Moran lena thréimhse mar bhainisteoir.

Cuirfidh Ros Comáin fáilte roimh Ultaigh don dara babhta as a chéile nuair a thiocfaidh Ard Mhacha chomh fada le Páirc de hÍde. Bhí bua tábhachtach ag Ros Comáin ar Mhuineachán cúpla seachtain ó shin ach shamhlófá go dtabharfaidh Ard Mhacha dúshlán níos mó dóibh agus foireann Kieran McGeeney ag iarraidh teacht ar ais ón gcailliúint in aghaidh na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Cluichí móra i dTrá Lí agus Páirc an Chrócaigh anocht agus an comórtas ag géarú'