Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú?
Déanann Bridget Bhreathnach an cheist sin agus cuid de scéalta eile na seachtaine a phlé le Muireann Ní Mhóráin, iar-phríomhfheidhmeannach COGG, agus le Maitiú Ó Coimín, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais'