Bratacha san eangach in áit na mbreac agus Daingean Uí Chúis ar tinneall

Tá an Daingean ar buile le caint, le caid, is le cadaráil

Bratacha san eangach in áit na mbreac agus Daingean Uí Chúis ar tinneall

Dá leaindeálfadh iascaire na Gailíle é féin ar an mbaile, ní dhéanfaí puinn suntais dó. Níl caint, níl cúram, níl faic ach an cluiche ag dó na geirbe ag muintir an bhaile iascaireachta. Níl cuaille gan bratach, níl caoirigh sna goirt ar chiumhais an bhaile, iad ag súil le breith aon lá feasta, gan stráice den phéint dhearg thiar ar a ndroim.

Tá an Daingean ar buile le caint, le caid, is le cadaráil. Nach bhfuil os cionn €85,000 bailithe do CLG Daingean Uí Chúis. Chuir an bua iontach a bhí ag Cumann na Gaeltachta flosc agus tine bhreise faoi chúrsaí. Taibhreamh gach leaid óig ó Chorca Dhuibhne geansaí na Ríochta a chaitheamh. Is cuma cén cumann lena mbaineann siad, tugann na dathanna uaine agus óir muintir Chiarraí le chéile i mbealach domhain diamhair dalba. Scéal eile is ea an iomaíocht agus an choimhlint idir na cumainn féin. Ní gá dul thar Ghleann na nGealt soir chun é a thuiscint; ach fágaimis siúd mar atá sé.

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna leaindeáil Íosa Críost. Ní ina steillbheatha  ach i ndán fada a chum Pádraig Ó Fiannachta i mbliain an dá mhíle. Deir an Fiannachtach nach ar an sáipéil a bhí triall Chríost:

‘Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché.

Bhí Jackie Nellie ann

Agus Meáig Finton ina lóipíní,

Agus na Flannúraigh

Agus na Múraigh agus na Brosnachánaigh

Agus cuid mhaith Flaitheartach.’

Pictiúr: Mícheál Ó Coileáin

Muintir na farraige, lucht na mbád, na hiascairí, cuid dá sliocht siúd, clann na seanamhuintire, a thabharfaidh aghaidh ar Chumann Naomh Bríd i bPáirc an Chrócaigh. Garmhac Small Martin, Conor Ó Flannúra, Johnny B atá ina roghnóir agus a bhaineann le Paddy Bán Ó Brosnacháin a d’imir do Chiarraí. Marc Ó Conchúir go raibh cáil an ghaiscígh ar a sheanuncail Tom ‘Gega’ O’Connor. Tá cúigear de chomrádaithe Mharc ag teacht ó Geelong na hAstráile go Páirc an Chrócaigh.

Beidh seisear garmhac ag Margaret Sheehy ag imirt: muintir Ghéibheannaigh, Conor, Niall agus Dylan agus muintir Chonchúir, Pádraig, Aidan agus Brian. Is i dtigh Margaret agus Celsus Sheehy i mBaile an Mhuilinn a d’fhan Robert Mitchum agus an scannán Ryan’s Daughter á dhéanamh in 1969. Beidh na deartháireacha Tom agus Jack Ó Súilleabháin agus a gcol ceathrar Ned Ryan ar pháirc na himeartha. Bhí Leo Ó Súilleabháin, athair Tom Leo agus a dheartháir, Conor, i mbun eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe romhamsa agus chuir sé comhairle orm agus mé ag fágaint an Daingin in 1986. Cén chomhairle a chuirfidh a mhac, Tom Leo ar a chomrádaithe agus an baile á fhágaint acu Dé Sathairn?

Tá Gavin Ó Curráin ar a shlí ón Astráil agus is cuí go bhfuil sé luaite ag Pa Sheehy ina amhrán nua in ómós na foirne, i dteannta an chaptaein Pól Ó Géibheannaigh a bhfuil dealbh dó le cur ar bharra na Binne Báine. Beidh col ceathrar Phóil, Mikey Ó Géibheannaigh ar na barraicíní faoi bhráid an chluiche chomh maith céanna.

Conor Geaney, An Daingean Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ó theaghlach mór caide Cathal Ó Bambaire, tá a athair Jimmy i gcroílár an chumainn. Nuair a bhíos beag, mhúin Jimmy ráiteas dom: A slight inclination of the cranium is as adequate as a spasmodic movement of one optic towards an equine quadruped utterly devoid of any visionary capacity. Is dóigh liom ó shin gur: a nod is as good as a wink to a blind horse a bhí i gceist aige. Fís atá uainn san ardchathair! Fís gheal ghlé, fís níos gile ná fís Naomh Bríd! Ach tá Celette Ní Bhric ina rúnaí ar an gcumann; i bhfad chun cinn ar Naomh an Earraigh!

Chaitheas laethanta ar bhruach na habhann sa Daingean ag imirt Cowboys and Indians le Ted Brown, athair Thaidhg de Brún a imríonn i ngeansaí uimhir a deich. Ní fear caide a bhí ionam. Rug an Bráthair Ó Tornóir orm ag léamh i seomra ranga c.1981 agus na buachaillí eile ar ghort na caide, d’úsáideas tinneas fiacaile mar leithscéal. ‘Ní imríonn tú peil le do chuid fiacla, a mhic Uí Choileáin, amach leat go Páirc an Ághasaigh.’ Cad é sin a bhí á rá agam faoi bhrionglóid gach leaid óg…?

Cuirfidh Mícheál Ó Muircheartaigh ó Pharóiste an Daingin an dea-fhocal sa chúirt dúinn; nach é a thug an dea-fhocal Gaelainne leis ina chroí mór ar fud na cruinne.

D’aistrigh an tSiúr Máire Tarrant, a bhí i gClochar na Toirbhirte sa Daingean ar feadh na mblianta, an t-amhrán ‘Dingle Bay’, Cuan an Daimh Dheirg a thugtaí ar Chuan an Daingin:

‘Is gach clann sa bhaile ag guí le dóchas lán

Go seolfaidh Dia gach aon fhear díobh

Le breacadh an lae go Bá an Daingin slán.’

Beidh dhá chroí ionainn Dé Domhnaigh nuair a thiocfaidh na naomhóga lána go Cuan an Daimh Dheirg.

Creideann na buachaillí seo.

Tá sprid agus tallann go rábach iontu. Níl uathu ach smut den ádh.

Daingean Uí Chúis abú!

Fág freagra ar 'Bratacha san eangach in áit na mbreac agus Daingean Uí Chúis ar tinneall'