Tá Sinn Féin chun tacú leis an iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly i dtoghchán na huachtaránachta.
Ghlac ardchomhairle an pháirtí tráthnóna leis an moladh go dtacófaí leis an Teachta Dála as Gaillimh ar cainteoir líofa Gaeilge í.
Meastar go gcuirfidh cinneadh Shinn Féin tacú le Connolly, seachas a n-iarrthóir féin a chur chun cinn, borradh faoina feachtas.
Tá tacaíocht cheana ag Connolly ó Pháirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal seachas Brabús agus an Comhaontas Glas.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gurb é an cúram a bhí ar a páirtí ná Fianna Fáil agus Fine Gael “a choimeád amach as an rialtas agus a choimeád amach as an Áras”.
“Chruinnigh Ard-Chomhairle Shinn Féin ar maidin agus ghlac said vóta chun tacú le Catherine Connolly don uachtaránacht. Tháinig sé seo sna sála ar chomhairliúchán leathan lenár n-ionadaithe tofa agus leis an bpáirtí go náisiúnta.
“Tá dhá thosaíocht againn Fianna Fáil agus Fine Gael a dhíbirt as oifig agus iad a choimeád amach ón Áras. Cinneadh mór dúinn. Oibreoidh muid i gcomhar leis an bhfreasúra uilig chun dul i ngleic leis an rialtas agus rogha a thabhairt don phobal. Anois an t-am, anois uair na cinniúna.
“Tá an cluiche faoi lán seoil anois chun Catherine Connolly a thoghadh mar uachtarán. D’fhéadfadh sí a bheith ina sár-uachtarán.
“Is féidir linn uachtarán a thoghadh a sheasfaidh an fód d’Éirinn Aontaithe, a sheasfaidh an fód d’áit na hÉireann sa domhan mar chosantóir ar an neodracht agus ar chearta daonna, duine a labhróidh amach do chothrom na Féinne agus don eacnamaíocht chóir.”
Chuir Catherine Connolly fáilte roimh fhógra Shinn Féin.
“Creidimse gur athrú chun feabhais an chomhghuaillíocht den eite chlé, den eite chlé ón lár agus de neamhspleáigh atá ag tacú le m’iarracht faoin uachtaránacht.”
Fág freagra ar '‘Déanfaimid ár ndícheall’ – Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly don uachtaránacht'