An Ghaeilge agus uachtaránacht na hÉireann
Chuir Éadaoin Fitzmaurice, tionchaire Éireannach ar TikTok tús an tseachtain seo caite le díospóireacht maidir leis an tábhacht go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtarán na hÉireann. Ag labhairt di ar a cuntas, @EadaoinFitzmaurice, dúirt sí go raibh roinnt de na físeáin a bhí eisithe ar TikTok ag iarrthóirí agus daoine atá ag smaoineamh ar a bheith ina n-iarrthóirí agus ‘not a word of Irish,” le cloisteáil iontu.
I mBéarla a bhí físeán Fitzmaurice, ach dar léi go mba chóir go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag éinne a bheadh ag iarraidh a bheith ina uachtarán ar Éirinn.
Spreag an físeán mír ar The Pat Kenny Show an tseachtain seo ar Newstalk. Ag tús na míre chas siad taifeadtaí d’iaruachtaráin is iad ag caint i nGaeilge. Chuirfeadh sé deora le do shúile ag éisteacht leo. Cé a cheapfadh gurb é Pat Kenny a chuirfeadh duine ag caoineadh le teann tírghrá?
Bhí Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Chonradh na Gaeilge, istigh ar an gclár agus bhí cupla focal i nGaeilge aige le Pat Kenny.
Chuaigh an tuairisceoir Dylan Hand amach ar na sráideanna ag fiafraí de dhaoine an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh uachtarán na hÉireann in ann Gaeilge a labhairt? Tá sé tábhachtach, a dúirt formhór na ndaoine a casadh air.
Deir bean amháin gur léirigh Micheál D. Ó hUigínn cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge. “The way he managed to capture the essence of what it is to be Irish, the best elements of us as a people and as a country. I don’t think that can truly be done through English alone, to capture all of that you need to have the Gaeilge and the Béarla as well.”
Arsa fear eile, “They should be fluent, they’re the head of state. I guarantee you there’s no other country in Europe where the head of state can’t speak the native language.”
Spreag an díospóireacht pobalbhreith ar TheJournal.ie i rith na seachtaine freisin, agus iad ag cur na ceiste, an chóir go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hÉireann. Os cionn 15,000 duine a chaith vóta. Tá 53% de na daoine a d’fhreagair an phobalbhreith den tuairim go mba chóir go mbeadh sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán agus 18.4% eile a deir nár ghá gur riachtanas a bheadh ann ach go mba chóir go mbeadh Gaeilge ag an té a bheadh ina Uachtarán ar Éirinn.
Aimsir na bhfoichí
Bhí muid ar an airdeall le seachtain anuas ó chuala muid go raibh an chornfhoiche Áiseach feicthe thíos i gCorcaigh agus fógra bithshlándála tugtha ag an tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra. Is iomaí foiche atá tagtha isteach sa gcistineach ó shin anseo i nGaillimh, ach ní déarfainn gur cornfhoiche Áiseach a bhí in aon cheann acu. Aimsir na bhfoichí atá anois ann go ceann cúpla seachtain eile. Aimsir na gcuileog freisin, agus plá cuileog anuas orainn le seachtain.
Tá Lilí Banríon an Tí, an gadhar, ceaptha ina garda cosanta in aghaidh na bhfoichí agus na gcuileog. Is í féin a rinne an ceapachán agus tá sí an-dáiríre ina dualgas.
Séard atá i gceist sa ról ná a bheith ar an airdeall d’aon fheithid eitilte a thagann isteach sa teach ón am go n-osclaíonn sí a súile ar maidin go dtí an uair a dtiteann sí i laige ag deireadh an lae. Níor éirigh léi breith ar aon chuileog fós, ná, ba chóir dom a rá, aon cheann acu a dhíbirt as an teach. Más tada é, tá mé a cheapadh go bhfuil siad ag deáráil uirthi is ag tabhairt cuireadh dá gcairde a theacht isteach ag spochadh aisti.
Tá an coileán óg, Brownie, í féin ag iarraidh a theacht isteach ar an obair, cé nach léir go dtuigeann sí cén t-údar atá leis an tafann ar fad. Ní chuireann an easpa tuisceana aon bhlas as di agus í ag léimneach den tolg le díograis is ag tafann in ard a cinn aon uair go n-éiríonn Lilí chuig na cuileoga. Bhí mé i dtrioblóid leis na gasúir an lá cheana nuair a dúirt mé nach raibh aon mheabhair beo inti is go raibh sí ag déanamh a bealaigh sa saol bunaithe ar an áilleacht amháin.
‘Tá sí álainn agus tá sí cliste freisin!’ a deir an Cailín Beag liom agus í maslaithe ar son an choileáin. Mar a déarfadh mo mháthair, ní chuirfidh an áilleacht an pota ag fiuchadh.
Cá ndeachaigh na blianta?
Níl an Cailín Beag chomh beag sin níos mó agus í ag tosú sa mheánscoil an tseachtain seo. Cá ndeachaigh na blianta? Tá mé ag an bpointe sin de mo shaol anois go bhfuil sé de dhualgas orm ceisteanna mar sin a chur ar bhonn rialta.
Tá siad ag tosú ar ais ar scoil an-luath i mbliana le hais blianta eile. Beidh an chéad lá sa mheánscoil ag roinnt de na scoileanna inniu, agus cuid eile ag tosú amárach. Chuir an tús luath iontas ar roinnt daoine nuair a tháinig an scéala ag tús an tsamhraidh agus féilire na bliana seo foilsithe.
Tháinig sé rómhall do bhean amháin a raibh mé ag caint léi agus a saoire samhraidh in áirithe aici cheana féin is ní bheidís ar ais in am don chéad lá ar scoil. Cheapfá go mbeifeá sábháilte go leor a bheith imithe an tríú seachtain de mhí Lúnasa.
An chúis atá leis, is cosúil, ná go bhfuil an lá saoire bainc ag titim luath i mí an Mheithimh na bliana seo chugainn. Beidh sé ann ar an gcéad lá den mhí agus cuirfear tús le scrúduithe na hArdteiste díreach ina dhiaidh ar an 3 Meitheamh. Caithfear comhaireamh siar 166 lá scoile ansin agus sin é an fáth go bhfuil na meánscoileanna ag oscailt chomh luath is atá i mbliana.
***
Ag éisteacht le…
Úrscéalta na Gaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Eibhlín de Bhailís. Athchraoladh atá sa gclár seo atá á chraoladh gach Dé Céadaoin i rith an tsamhraidh. Aistí ar mhór-úrscéalta an fichiú haois i nGaeilge atá i gceist leis an gclár. An tseachtain seo is aiste ar an úrscéal An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil a bhí faoi chaibidil.
Fág freagra ar '‘The Gaeilge and the Béarla as well’, aimsir na bhfoichí; na meánscoileanna ar ais luath'