An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm nuair a chaith mé cúpla lá in Philadelphia anuraidh, tráth an toghcháin uachtaránachta a bhuaigh Donald Trump, ná droch-chaighdeán an chórais iompair phoiblí sa chathair.
Ní hamháin go raibh minicíocht na dtraenacha fothalún i bhfad níos ísle ná mar a bheifeá ag súil leis i gcathair dá méid, rud a d’fhág go mbíodh fanacht fada orm sna stáisiúin bhrocacha, ach bhí córas meitreo Philadelphia ar an t-aon cheann amháin a d’úsáid mé i mo shaol ina raibh rud éigin cosúil le faitíos orm chuile uair dár thóg mé traein fothalún. Cathair São Paulo sa Bhrasaíl as an áireamh, b’fhéidir, ní fhaca mé oiread daoine gan dídean cruinnithe le chéile san aon áit amháin riamh, ag athrú éadaí sna traenacha agus chuile shórt.
Dheimhnigh cara de mo chuid a bhfuil cónaí air in Philly, agus nach dtiomáineann, go bhfuil cúrsaí go hainnis ní hamháin ar na traenacha fothalún ach ar na busanna freisin; bíonn air Uber a fháil ón mbaile go dtí an obair agus ar ais toisc go bhfuil sé ‘nach mór dodhéanta’ an t-aistear sin a dhéanamh ar an gcóras iompar poiblí.
An tseachtain seo caite, chinn áisíneacht iompar poiblí Philadelphia, SEPTA, gearradh siar 45 faoin gcéad a dhéanamh ar bhuiséad na bliana seo chugainn, rud a fhágfaidh go gcuirfear deireadh le 50 líne bus agus 5 líne traenach réigiúnda sa chathair agus sa cheantar máguaird, agus go ndúnfar síos 66 stáisiún traenach.
Ní hamháin sin ach i mí Lúnasa tiocfaidh laghdú 20 faoin gcéad ar mhinicíocht na seirbhísí iompar poiblí a bheidh fágtha, agus cuirfear i bhfeidhm laghdú 25 faoin gcéad eile i mí Eanáir 2026.
Murar leor sin, tiocfaidh ardú 21.5 faoin gcéad ar na táillí, agus beidh cosc iomlán ar earcaíocht foirne.
É sin ar fad in iarracht easnamh $213 milliún in aghaidh na bliana a chúiteamh.
Gan dabht, in aghaidh a dtola a chinn bord SEPTA na ciorruithe ar na seirbhísí agus an t-ardú ar na táillí a chur i bhfeidhm.
‘Is ionann seo agus deireadh a chur le SEPTA, dáiríre,’ a dúirt bainisteoir ginearálta na háisíneachta, Scott Bauer, leis na meáin. ‘Ón uair a thosóimid ag baint an chórais as a chéile ar an gcaoi seo, beidh sé nach mór dodhéanta an dochar a dhéanfar a chur ina cheart arís amach anseo agus beidh tionchar ollmhór sóisialta agus eacnamaíoch aige sin ar chuile dhuine i stát Pennsylvania, bíodh siad ina bpaisinéirí ar chóras SEPTA nó ná bíodh.’
Seans nach bhfuil sárú Philadelphia le fáil sna Stáit maidir leis na córais iompar poiblí a bhfuil drochbhail orthu, ach tá dúshláin den chineál céanna roimh údaráis iompar poiblí ó cheann ceann na tíre agus easnamh $6 billiún in aghaidh na bliana ag an earnáil go náisiúnta.
Dar le saineolaithe cúrsaí iompar poiblí sna Stáit, tá an earnáil ar bhruach ‘fáinne fí go bás’: agus seirbhísí ag éirí níos measa agus níos daoire ag an am céanna, is lú daoine fós a bheidh sásta úsáid a bhaint astu, agus is lú fós an teacht isteach a bheidh ag na húdaráis iompar poiblí chun na seirbhísí a bheidh fágtha a choinneáil ar siúl, agus mar sin de – go dtí nach mbeidh rogha ag daoine nach bhfuil carr nó rothar acu íoc as Uber, mar a dhéanann mo chara in Philly.
‘Ní gá dó seo ar fad tarlú,’ a dúirt Cathaoirleach Bhord SEPTA, Kenneth Lawrence Jr, ‘dá n-aontódh na polaiteoirí airgead nua a infheistiú sna córais iompar poiblí mar ba chóir.’
Bheadh sé ró-éasca, áfach, an locht faoin scéal seo ar fad a chur ar Donald Trump. Is fíor gur thosaigh an ‘fáinne fí go bás’ in earnáil an iompair phoiblí sna Stáit in aimsir COVID, nuair a bhí an Trumpach ina uachtarán den chéad uair, ach is léir – ba ríléir dom féin é nuair a bhí mé in Philadelphia go gairid roimh an toghchán – nach ndearna rialtas Joe Biden dóthain lena leasú.
Go deimhin, i dtús mhí an Mheithimh, d’fhógair Donald Trump ardú 1.5 faoin gcéad ar an gcaiteachas ar iompar poiblí – ach is léir don dall nach leor é sin ná baol air chun deireadh a chur leis an ngéarchéim. Ach ar an gcaoi sin, is dócha, beidh sé in ann a mhaíomh amach anseo nach airsean an locht má chliseann go hiomlán ar an iompar poiblí in Philadelphia agus i gcathracha eile amach anseo.
Fág freagra ar '‘Fáinne fí go bás’ chóras iompar poiblí Mheiriceá'