Cliar agus script maith ag ‘Aontas’, ach faraor ní haon ‘Heat’ na Gaeilge é

Scannán stuama é ‘Aontas’ a bhfuil cliar maith agus script inniúil aige, ach is trua nach bhfuil a thuilleadh aicsin ann

Cliar agus script maith ag ‘Aontas’, ach faraor ní haon ‘Heat’ na Gaeilge é

Bhí mise páirteach i robáil bainc uair amháin. Fan! Lig dom friotal eile a chur air sin – bhí mise istigh i mbanc nuair a robáladh é. Sin níos fearr. Banc i mBaile Andarsain, sna drochlaetha, mé sna 20idí luatha. Bhí mé ag caint le F, ainnir an airgid, spéirbhean an bhainc, taobh thiar den fhuinneog slándála, nuair a thosaigh sí a chaoineadh. “Bhuel, frig,” a shíl mé, “tá a fhios agam nach bhfuil mé dóighiúil ach tá sin ag dul thar na bearta.”

Is ansin a mhothaigh mé go raibh sí ag amharc taobh thiar díom. Thiontaigh mé thart agus sin iad – beirt fhear, púicíní orthu, duine acu le gunna agus duine eile, an créatúr, le mála plaisteach ina ghlac aige, é ag cur an mhála amach ar nós gur Oíche Shamhna a bhí ann agus bhí sé i mbun trick or treat. (Hm, a smaointigh mé, fear IRA faoi oiliúint.)

D’iarr fear an ghunna an t-airgead go neamhbhalbh ar lucht an bhainc agus cuireadh an t-airgead sa mhála phlaisteach agus d’imigh fear an ghunna agus fear an mhála phlaistigh agus lean F ag caoineadh ar feadh tamaill agus, sa deireadh ar fad, chuaigh mé abhaile chuig mo mham agus dúirt mé léi cad é a tharla agus chroith sí a ceann agus dúirt: ‘It’s terrible when that happens.’ Mar is bean de bhunadh Bhéal Feirste mo mham agus tá muid crua. Raidht!

Ar an ábhar sin a bhí mé ag dúil chomh mór sin leis an scannán, Aontas, atá amuigh ó bhí anuraidh ann ach a craoladh den chéad uair ar an teilifís, TG4 agus BBC NI, an oíche chéanna.

(Póg mo thóin, a chríochdheighilt!)

Ní fhaca mé an scannán de bharr sos deas pléisiúrtha ón ‘earnáil’ agus seans mór nach bhfeicfinn Aontas murach go raibh sé ar an teilifís – ‘Just when I think that I am out, they pull me back in!’. Ach mheall siad lena nglórthaí mé agus is dea-rud é sin; bhí fonn orm an rud a fheiceáil. Rinne mé coinne leis an ócáid, rud annamh go maith ar na saolta seo.

Baineann an scannán le triúr gadaithe, mná, agus iad ag robáil craobh den chomhar creidmheasa áitiúil. Tá Carrie Crowley (Mairéad) agus Bríd Brennan (Cáit) sa dá phríomhról agus Eva-Jane McGaffrey (Sheila) ar an tríú gadaí. Tá Crowley agus Brennan ina n-aisteoirí cumasacha agus, comhartha aoise anseo, chonaic mé Brennan agus í ina haisteoir óg sna drámaí Billy le Graham Reid a craoladh ar an teilifís abhus ag tús na 1980idí agus í ag aisteoireacht le haisteoir óg a raibh, ó, c’ainm a bhí air? c’ainm a bhí air? Ó sea, Kenneth Branagh. Is í McGaffrey an duine is óige den triúr agus cuireann a carachtar leis an phlota agus leis an teannas go breá cumasach.

Ábhar spéise mar sin domsa? Robáil bainc nó robáil bhainc? (Facaf Gramadach na Gaeilge!) Thar barr! Caiméilearacht? Iontach. Fear gnó cam gránna. Ó, sea, a stór, beidh mé leat. Sin an stuif ceart.

Gach aon rud go breá mar sin? Bhuel, faraor, tig leat seo a thógáil ar aigne mhí-aibí an léirmheastóra mheánaosta seo ach ba mhór an gonc an rud ar fad. Seasca bliain d’aois atá mé ach, i mo cheann, is déagóir mé agus nuair a chonaic mé an réamhphoiblíocht don scannán, bhí mé ag smaointeamh go raibh, faoi dheireadh agus faoi dheoidh, Heat na Gaeilge ar an bhealach. Leagan beag dúchasach den chlasaic sin de chuid Micheal Mann; Pacino agus de Niro le chéile i radharcanna scannáin den chéad uair ariamh, Pacino mar Vincent Hanna (ainm Éireannach!) agus de Niro mar Neil McCauley (ainm Éireannach!). An dea-Éireannach agus an droch-Éireannach in iomaíocht le chéile agus gunnaí! Neart gunnaí! Agus aicsean! Agus teannas! Scannán den scoth.

Sea, a dúirt mé, beidh orm an Ghaeilge atá ar ‘shoot-out’ a lorg don léirmheas ar Aontas. Bhuel, d’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar ‘shoot-out’ – tréanbhabhta lámhaigh – ach ní raibh sé de dhíth orm. Cinnte, tá scaoileadh ann, ar éigean, ach níl tréanbhabhta lámhaigh ar bith in Aontas. Níl Mairéad, Cáit ná Sheila ag rith síos an phríomhshráid, Armalites a-go-go, faoi lámhach na bpiléar, na fuinneoga ag pléascadh thall is abhus agus na péas sa tóir orthu.

Aicsean? Á, ní hea, ach mothúcháin, mná ag roinnt a gcuid mothúchán agus piostal bocht uaigneach sa chuideachta. (Ach, ar a laghad, thug siad mála siopadóireachta chun na robála leo.)

Cliar maith a bhfuil eolas ar a gceird acu, script inniúil agus scannán stuama a bhfuil tús, lár agus deireadh ann ach, a Thiarna, aicsean atá uaim! Aicsean! Tabhair dom rud beag den Viagra Éireannach sin – foréigean. Ach chan é. Mothúcháin agus deora. Á, bhuel, beidh Heat i gcónaí agam.

Fág freagra ar 'Cliar agus script maith ag ‘Aontas’, ach faraor ní haon ‘Heat’ na Gaeilge é'