Dá ndéarfadh an PSNI go raibh siad éirithe as faireachas neamhdhleathach ar iriseoirí an gcreidfí iad?
Do sheirbhís póilíneachta atá i mbun feachtais chun muinín a chothú is buille trom iad na fíricí atá nochta faoi iompar rúnda a sháraigh an dlí.
D’admhaigh an PSNI os comhair Binse Fiosraithe i Londain cúpla la ó shin go ndearna siad spiaireacht ar an iriseoir aitheanta Vincent Kearney nuair a bhí sé ina chomhfhreagraí slándála ag BBC Thuaisceart Éireann; tá sé ina eagarthóir ag RTÉ i dTuaisceart Éireann anois. Nochtadh freisin go ndearna an tseirbhís faisnéise rúnda MI5, chomh maith le póilíní Londan, an Met, faireachas air.
Sa mhullach air sin ar fad nochtadh nach raibh a mhuintir slán ó spiaireacht ach oiread agus gur bailíodh sonraí a mhná agus a bpáistí maille le máthair a mhná. Údar imní í an bhrathadóireacht ar ndóigh ach chothaigh an t-ionradh ar shaol pearsanta príobháideach an teaghlaigh míshuaimhneas as cuimse.
Mar chomhfhreagraí slándála an BBC ba mhinic Vincent Kearney i mbun obair iniúchta ar an PSNI, Ombudsman na bPóilíní, ar pharaimíleataigh agus ar an gcoiriúlacht. Is léir go raibh an PSNI agus MI5 ar a mbionda ag iarraidh a fháil amach cérbh iad foinsí a chuid eolais. Is léir freisin nach raibh leisce orthu an dlí a bhriseadh chun na foinsí sin a aithint.
Níorbh ócáid aonair ná scéal nó clár teilifíse amháin a bhí i gceist. Admhaíodh gur cuireadh ar bun seacht n-oibríocht idir 2006 agus 2018 nuair a tógadh go mídhleathach sonraí cumarsáide an iriseora – na huimhreacha gutháin a raibh sé i dteagmháil leo ar ghlaonna agus téacs. I ndreas amháin bailíodh faisnéis faoi 1,580 glaoch nó teachtaireacht a fuair nó a sheol an t-iriseoir. I ndreas eile chruinnigh siad lán 2,000 leathanach d’fhaisnéis i dtréimhse trí mhí.
Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le cosaint foinsí iriseoirí. Cuid bhunúsach de shaoirse an phreasa is ea é, aitheanta san dlí agus athdhearbhaithe ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ní mór d’fhoinse muinín a bheith aige nó aici go gcosnóidh an t-iriseoir é. Tubaiste don bhfoinse a bheadh ann dá mbrisfí an margadh iontaoibhe sin agus buille feille don iriseoireacht iniúchta a bheadh ann.
Abair gur thug tú eolas faoi rún do Vincent Kearney a gheall nach nochtfadh sé go brách cé tú féin ach gur tháinig an PSNI ag do dhoras cúpla mí ina dhiaidh sin chun tú a cheistiú. Nó a ghabháil? A chúisiú? Céard a cheapfá? Go ndearna an t-iriseoir feall ort, cad eile? Má bhí tú sna póilíní déarfainn gur gearr a mhairfeadh do ghairm. Cibé, níl a fhios cén leas a baineadh as an bhfaisnéis a bailíodh mar dhiúltaigh na húdaráis é sin a nochtadh.
Cén t-iontas gur mhaígh Vincent Kearney ina ráiteas ag an mBinse Fiosraithe gur chuir iompar na bpóilíní agus MI5 as dá chumas obair iniúchta a dhéanamh. Má bhí foinsí a bhí cothaithe aige le blianta roimhe sin den bharúil anois gur gheall le háisíneacht do na seirbhísí rúnda é cén seans go bhféadfadh sé a chuid oibre a dhéanamh? Anuas air sin, dúirt dlíodóir thar ceann Kearney agus an BBC, na comhghearánaithe, gur mhór acu a neamhspleáchas agus gur chontúirt mhór don iriseoireacht é an faireachas neamhdhleathach.
Bhí minicíocht agus fairsinge an fhaireachais scanrúil. Mheas Vincent Kearney gur léirigh sé sin gur iompar córasach a bhí ann, cé gur thuairisc fiosrú neamhspleách don Bhord Póilíneachta anuraidh nach raibh sé forleathan. Meastar go bhfuil an Príomh-Chonstábla reatha, Jon Boutcher ag iarraidh rialacha níos daingne a chur i bhfeidhm ach ní mór a rá nár bhaill aonair ná ‘rógairí ar rith aonair’ a d’ordaigh an faireachas.
Thairis sin sé an PSNI a dhiúltaigh a thuilleadh eolais a sholáthar do Kearney agus BBC faoi scóip agus sonraí an eolais a bhailigh a spiairí. Is ag seisiún rúnda den Bhinse Dé hAoine a bhí siad toilteanach an fhianaise sin a sholáthar; ní raibh cead isteach ag Vincent Kearney, an BBC ná a ndlíodóirí.
Cá bhfios an bhfaighfear amach in aon chor céard a bhí ar siúl. Ní gá go nochtfaidh an breithiúnas (amach anseo) na sonraí. Is maith ann an Binse Iniúchta ar ghearáin faoi bhailiú faisnéise rúnda ach ní gá go mbeidh sé in ann gach a raibh ceilte a nochtadh. Is de sheans a tháinig sé chun solais sa chéad áit gur deineadh faireachas neamhdhleathach ar Vincent Kearney. Nochtadh an t-eolas nuair a bhí an Binse ag scrúdú gearáin ó Barry McCaffrey agus Trevor Birney faoi spiaireacht orthusan agus d’inis a ndlíodóír, Niall Murphy an drochscéal do Kearney.
Tig leis an mBord Póilíneachta an PSNI a thabhairt chun cuntais faoin scannal seo agus a gcur chuige as seo amach. Tá géarghá lena leithéid má táthar chun muinín a chothú sna póilíní. Tá damáiste as cuimse déanta ag an scéal seo do sheirbhís a bhí i dtrioblóid cheana féin agus é ag teip orthu Caitlicigh a mhealladh mar earcaigh.
Is mór idir é seo agus plean Patten faoinar bunaíodh an PSNI chun a bheith ionadaíoch ar ‘dhá thaobh na deighilte’ agus mionlaigh. Cé a thabharfaidh MI5 chun cuntais? Níl aon fhoras abhus a bhfuil an t-údarás aige é sin a dhéanamh – mhol tuarascáil Patten go mbunófaí ceann ach bhain Peter Mandelson (sea, an fear atá faoi amhras anois mar gheall ar a nasc le Jeffrey Epstein) an plean as an reachtaíocht.
Ní mór don Státrúnaí Hilary Benn a dhul i ngleic leis na ceisteanna seo, go práinneach. Ní iriseoirí ag tochras ar a gceirtlín féin atá i gceist. Tá iriseoireacht neamhspleách, neamheaglach ag croílár an daonlathais agus tá póilíneacht d’ardchaighdeán a thuilleann tacaíocht an phobail dlite do gach saoránach. Tá fiosrú poiblí neamhspleách á éileamh ag Amnesty. Is cinnte go bhfuil gníomhartha riachtanach: i bhfianaise na rúin a scaoileadh le deireanas agus na rúin atá a fhios againn a ceileadh, ní fhuasclóidh briathra an ghéarchéim. Cé a chreidfeadh na briathra?
Fág freagra ar 'An bhfuil an PSNI éirithe as iompar neamhdhleathach in aghaidh iriseoirí?'