Nuair a d’inis cara dom go raibh sí ag obair sa stáisiún gardaí is gnóthaí san Eoraip, bhí mé ite le fiosracht faoin obair a bhíonn ar siúl aici agus faoin méid a tharlaíonn go laethúil sa stáisiún sin – Stáisiún Shráid an Stórais, i mBaile Átha Cliath.
Thóg sé tamall orainn coinne a dhéanamh a shásódh an bheirt againn. Ba í an chéad dris chosáin uafásach ná marú a dlúthchara, an Garda Kevin Flatley, i lár mhí na Bealtaine in eachtra ar an mótarbhealach i mBaile Átha Cliath. (Ó shin i leith, fuair an duine ar an rothar gluaiste a bhí páirteach san eachtra, bás chomh maith.)
Ní bhíonn mo chara amuigh i mbun dualgas tráchta, ach thuig sí go maith gach a mbaineann leis.
‘Bíonn tú ag cur do bheatha i mbaol go minic,’ a dúirt sí. ‘Ní féidir a bheith cinnte ariamh, an stopfaidh tiománaí, má sheasann tú amach roimhe. Stopfaidh an chuid is mó de na daoine ach tá mionlach ann nach stopfaidh.’
‘Agus an mbíonn baint ag drugaí leis an scéal go minic?’ a d’fhiafraigh mé féin di.
‘Is cuimhin liom sula ndeachaigh mé isteach sna gardaí an chéad uair,’ a dúirt sí. ‘Tairgeadh táibléidí cannabais dom uair amháin. Anois, nuair a théim amach i gcomhair oíche ‘shóisialta’, feicfidh mé fianaise thart orm chuile áit, go bhfuil drugaí á gcaitheamh.’
Stopann na gardaí tiománaithe anois agus is rud rialta é go gcuirtear tástáil drugaí orthu. Deir mo chara gur tháinig ardú mór air sin le cúig bliana anuas.
Bíonn na gardaí i Stáisiún Shráid an Stórais ag déileáil le chuile chineál coire gach lá. Ach ní mar a chéile chuile gharda a bheas ar dualgas ansin. Tá aonad inimirce ann a bhíonn ag obair le hoifigigh chustaim thíos ag an gcalafort, beidh aonad eile ag déileáil le cosaint páistí agus beidh aonad eile ag plé le coireanna a bhaineann le hionsaithe gnéis.
Tugtar traenáil speisialtóireachta do na gardaí a bheas ag ceistiú páistí agus daoine a ndearnadh ionsaithe gnéis orthu, nó daoine faoi mhíchumas. Bíonn siad ag plé freisin le cásanna stairiúla – ar nós na gcásanna a bhaint leis na Gasóga agus na cásanna a bhain leis na Bráithre Críostaí.
De bharr na n- imeachtaí atá ag tarlú i dTuaisceart Éireann faoi láthair, bhí suim ar leith agam i láimhseáil círéibeacha sráide agus imeachtaí móra a tharlódh gan choinne i lár na cathrach.
Meabhraíodh dom go raibh cosúlachtaí go leor idir círéibeacha an Bhaile Mheánaigh agus an méid a bhris amach i lár chathair Bhaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin – i mí na Samhna 2023. Eachtra a dúradh go raibh baint ag eachtrannaigh leis, a bhí lárnach don dá scéal.
‘Bhí baint mhór ag na meáin shóisialta leo (círéibeacha Bhaile Átha Cliath),’ dúirt sí. ‘Bhí a fhios ag madraí an bhaile go raibh rud éicint ag dul a’ tarlú an lá sin. Ach céard é an ‘rud’ sin? B’in an cheist.’
Nuair a bhris an foréigean amach ar na sráideanna tháinig na gardaí ar fad i gcabhair ar an dream ar an láthair.
Bhí sise í féin amuigh i mbruachbhaile áirithe ach tháinig sí isteach go lár na cathrach ar an toirt.
Nuair a fhéachann sí siar anois air, tá eolas maith ag na gardaí anois faoi na daoine a ghlac páirt sna círéibeacha, a deir sí. Is é a tuairim anois ná nárbh é an naimhdeas i gcoinne na n-inimirceach a bhí á saighdeadh, ach rud eile ar fad – dúil sa ngoid agus a leithéid. An bhfuil bealach acu anois chun teacht roimh eachtraí mar sin?
An bhfuil lár na cathrach níos sábháilte anois?
Maíonn sí go bhfuil na gardaí i bhfad níos feiceálaí na laethanta seo ar shráideanna na cathrach. Go háirithe na gardaí in éide oifigiúil – bíonn siad le feiceáil thart ar patról ar na sráideanna, agus cuirtear ar dualgas iad go háiteacha ar leith má bhíonn trioblóid ar bith tuairiscthe iontu.
D’fhiafraigh mé di ar cheap sí go raibh baint ar bith ag an éide nua leis an ‘feiceálacht’ sin. Breathnaíonn na gardaí an nua-aimseartha anois – cosúil le foireann ‘SWAT’ sna Stát Aontaithe, measaim féin.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh ardú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na ngardaí agus gur gearr go mbeidh gar do 15,000 duine sa bhfórsa, an líon is airde le blianta.
Ag preasócáid an tseachtain seo caite, taispeánadh riar mór fearas nua, canóin uisce ina measc, atá ceannaithe ag an nGarda Síochána le dul i gleic le léirsithe sráide agus a leithéid. Beidh Éire i mbun na hUachtaránachta ar an Aontas Eorpach an bhliain seo chugainn agus bheadh duine stuama ag súil le léirsithe agus agóidí de chineál éicint lena linn.
Dúirt mo chara liom go dtugtar traenáil rialta dóibh anois le bheith réidh d’imeachtaí móra nó d’eachtraí nach mbeadh súil leo. Is cuid thábhachtach d’obair na ngardaí i Sráid an Stórais a bheith réidh don uile rud.
‘Caithfidh tú cuimhneamh ar an áit a bhfuilimid lonnaithe,’ dúirt sí. ‘Táimid gar do Pháirc an Chrócaigh, an 3 Arena, Beairic Uí Choileáin – an Músaem a mbíonn coirmeacha ceoil ann, lár na cathrach le féilte ar nós Lá’l Pádraig, an mórshiúl ‘Bród’, Oíche Chinn Bhliana, an ceantar mór siopadóireachta agus an méid gadaíochta a bhíonn ar siúl ansin chuile lá…gadaíocht siopaí ‘ar ordú’ go minic.’
Fáiltíonn mo chara roimh an dea-scéala faoi líon na ngardaí a bheith ag ardú, ach is cúis díomá di go gcaithfidh gardaí fós éirí as an obair nuair a bhíonn líon áirithe blianta curtha isteach acu. Ceapann sí gur caillteanas don fhórsa é go n-imíonn daoine a bhfuil traenáil speisialta faighte acu agus taithí na mblianta acu ar an bpóilíneacht. ‘Téann an taithí agus an t-eolas amach an doras leo,’ dúirt sí.
Gach maidin agus í ag triall ar an obair, ní bhíonn tuairim aici céard a bheas roimpi. D’fhéadfadh duine an lá a chaitheamh sa gcúirt, d’fhéadfadh sé nó sí a bheith i lár círéibe, nó ag fiosrú feallmharú fuilteach, nó b’fhéidir ag déileáil le duine a thóg péire ‘jeans’ as Penneys.
Agus ina dhiaidh sin uilig, beidh scrúdú le déanamh ar gach ceann de na heachtraí sin sa stáisiún póilíní is gnóthaí san Eoraip.
Fág freagra ar 'Scéalta ón stáisiún póilíní is gnóthaí san Eoraip'