Ní shaighdfear an Taoiseach sa Teach Bán ach caithfidh sé an fód a sheasamh

Seans nach gcuirfear an fháilte chroíúil chéanna roimh Mhicheál Martin sa Teach Bán is a chuirtí roimhe seo roimh Thaoiseach

Ní shaighdfear an Taoiseach sa Teach Bán ach caithfidh sé an fód a sheasamh

Nuair a thoghtar ceannaire nua rialtais in aon tír ar domhan glactar leis go mbíonn mí na meala acu agus gur tréimhse é sin nach féidir locht a fháil orthu. Sna Stát Aontaithe áirítear an chéad 100 lá mar thréimhse nach ndéantar mórán cáinte ar Uachtarán nua ar mhaithe le deis a thabhairt don réimeas nua dul i dtaithí ar an obair atá rompu.

Ar ndóigh, tá Uachtarán sna Stáit Aontaithe anois nach bhfuil gaol ná dáimh aige le héinne a chuaigh roimhe. Tá sé eisceachtúil, i dtús báire, go bhfuil sé tofa in athuair, tar éis ceithre bliana amuigh, leis an dara téarma a chaitheamh sa Teach Bán. Tá sé eisceachtúil freisin go bhfuil smacht iomlán aige ar chóras polaitiúil na tíre, más tromlach beag féin atá aige.

Fuair muid léargas soiléir an tseachtain seo nuair a labhair sé le tithe na Comhdhála ar an tacaíocht atá aige i measc na bPoblachtánach agus an smacht atá aige ar an bpáirtí, gan trácht ar an ngaisce atá aige féin as a bhfuil bainte amach aige! Ba léargas é freisin ar a laghad brí agus atá sna Daonlathaithe faoi láthair agus an deacracht atá acu freasúra de shaghas ar bith a chur ar fáil.

Cén bhrí, mar sin, a bhain foireann Thithe an Rialtais sa tír seo as an teachtaireacht agus céard a chomhairligh sé dóibh faoi chuairt an Taoisigh an tseachtain seo chugainn? Tá na gnáth-argóintí faoi cé acu ar cheart nó nár cheart dó freastal ar ócáid na Céadaoin pléite le seachtainí anois. Tá an Taoiseach ag dul anonn beag beann ar na cúiseanna ar fad fanacht as.

Labhair iarcheann feadhna an Tí Bháin an tseachtain seo faoin gcuairt agus dúirt gur cheart don Taoiseach fanacht sa mbaile an babhta seo. D’oibrigh Mick Mulvaney sa Teach Bán le linn chéad uachtaránacht Donld Trump. Chaith sé seal i dTuaisceart Éireann freisin mar thoscaire speisialta eacnamaíochta. Tuigeann sé Éire agus cás na hÉireann agus creideann sé nach é leas na tíre seo go rachadh Mícheál Martin go Washington an deireadh seachtaine seo. Deir sé go bhfuil tuairim láidir in Washington faoi láthair nach bhfuil ag éirí le taidhleoirí na hÉireann dul i gcion ar Phoblachtánaigh, go háirithe. Dream iadsan a thacaíonn go láidir le hIosrael – creideann siad go bhfuil muid rófhabhrach do mhuintir na Palaistíne.

Tá tuairim ina measc freisin go bhfuil Éire claonta in aghaidh na bPoblachtánach. Anuas air sin ar fad, tá Trump agus a rialtas ag iarraidh na comhlachtaí idirnáisiúnta ar fad atá sa tír seo a mhealladh ar ais go Meiriceá. Cuir leis sin ar fad go gcítear Éire mar chomhghleacaí dílis le mórthíortha na hEorpa ach tá neart ábhar cáinte agus argóna ag Trump.

Is polaiteoir críonna stuama a bhfuil taithí na mblianta aige é Mícheál Martin. Ní dóigh go n-éireoidh le Trump é a shaighdeadh mar a rinne sé le Volodomyr Zelensky an Aoine seo caite. Ní hin le rá nach ndéanfaidh Trump agus Vance iarracht sampla na hÉireann a úsáid mar léargas ar an obair atá ar siúl acu le Meiriceá a chosaint ar stáit agus rialtais choimhthíocha.

Ar na cúiseanna sin ar fad deir Mulvaney gur cheart don Taoiseach fanacht sa mbaile cé go dtuigeann sé nach nglacfar lena chomhairle. An cheist anois an mbeidh sé in ann a thalamh a sheasamh, agus gan a bheith náirithe os comhair an tsaoil ag Uachtarán nach féidir a thomhas ó lá go lá cén seasamh a ghlacfaidh sé ar aon ábhar ar leith.

Fág freagra ar 'Ní shaighdfear an Taoiseach sa Teach Bán ach caithfidh sé an fód a sheasamh'