Is post conartha lán-aimseartha 5 bliana le conair tionachta é seo mar Ollamh Cúnta le hOideachas Inbhuanaitheachta agus Tíreolaíochta. Cuirfidh an té a n-éireoidh leis nó léi le dualgais teagaisc, taighde agus maoirseachta ar fud na Scoile, agus beidh clár gníomhach taighde aige nó aici san oideachas tíreolaíochta lena gcuirfear le próifíl idirnáisiúnta na Scoile.
Tá post an Ollaimh Chúnta le hOideachas Inbhuanaitheachta agus Tíreolaíochta bunriachtanach i leith fhorbairt leanúnach an teagaisc, an taighde agus na maoirseachta de réir cur chuige idirdhiscliplíneach i Scoil an Oideachais. Déanfaidh an té a n-éireoidh leis nó léi an Máistir Gairmiúil le hOideachas in Oideachas Tíreolaíochta a chomhordú. Déanfaidh sé nó sí teagasc agus maoirseacht ar an gclár seo agus cuirfidh sé nó sí le cláir iarchéime mhúinte agus taighde na Scoile, lena n-áirítear maoirseacht ag leibhéal an chláir máistreachta agus an chláir dochtúireachta. Rachaidh sealbhóir an phoist i mbun taighde, giniúint eolais agus scaipeadh eolais i réimse Oideachas na hInbhuanaitheachta agus na Tíreolaíochta.
Stádas an phoist: Conradh 5 Bliana ar Théarma Seasta, Conair Tionachta
Is é an 11 Feabhra 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bpost seo.
Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO