Seans go gcuirfidh sé beagán iontais ort a léamh go dtugann béaloideas na peile Gaelaí le fios dúinn gurbh aon fhear amháin a cheap an ghné sin den imirt ar a dtugtar anois an ‘ruathar aonair’ nó an solo.
Cuirfidh sé níos mó ná sin ort a chloisteáil go raibh imirt déanta dhá scór uair ar Chraobh na hÉireann faoin am sin agus go deimhin gur bheag meas a bhí ar an scil nua seo ar a theacht ar an saol di. Mar atá le feiceáil sna seanfhíseáin ghránacha atá ar fáil ó thús an chéid seo caite, agus go deimhin amach go dtí a lár, ba le neart agus ciceanna fada a bhain cuid mhaith d’imirt na linne.
Tá léiriú maith air sin le fáil sa leabhar oiliúna is sine a bhaineann leis an ábhar agus leis an am. Sa mbliain 1914 foilsíodh How to Play Gaelic Football. Ciarraíoch darbh ainm Dick Fitzgerald a raibh deich gcraobh na Mumhan mar aon le 5 chraobh de chuid na hÉireann buaite aige a scríobh. Ní raibh aon ghlacadh ag an nGearaltach leis an argóint go mba í an toirt, an téagar agus an neart a bhí mar bhunchloch ag an spórt a chleacht sé féin. Mhínigh sé cuid den ealaín agus de na scileanna a bhain le chuile ionad ar an bpáirc, cé nach ndeachaigh sé thar fóir le taobh na teicniúlachta ach an oiread.
Maidir leis an lánchúlaí, bhí seo le rá ag Dick. “Obviously what is expected from a full back is that he should clear his lines every time. He may possibly go a step further and endeavour to open up an attacking movement. That however would be exceptional.” Is ar éigean gur call dom a rá go mba chúl báire a bhí sa nGearaltach!
Fear darbh ainm Seán Lavan a rugadh i gCorr Dharach in aice Choillte Mach i gCo. Mhaigh Eo a cheap an ruathar aonair nó an ‘solo’. Níl aon fhíseán ar fáil a chinnteoidh sin, ach tá oiread fianaise agus gur féidir glacadh leis. Gasúr éirimiúil a bhí ann agus é ag freastal ar bhunscoil an Bhaile Ghlais as a bhfuair sé ceann de scoláireachtaí an rí a d’fhág gur cuireadh oiliúint mar mhúinteoir náisiúnta air i gColáiste De La Salle i bPort Láirge. Ba i gCluain Gallán, gar don áit ar tógadh é, a fuair sé a chéad phost.
Ba togha imreoir liathróid láimhe é agus é chomh hábalta leis an gciotóg agus a bhí sé leis an lámh dheas. Nuair a bhuaigh sé ar sheaimpín na hÉireann i gcluiche i 1920 baisteadh an leasainm ‘Baller Lavan’ air. Togha peileadóra ab ea é freisin agus ba é a chuid imeartha do Choillte Mach a shaothraigh áit dó ar fhoirne sinsearacha Mhaigh Eo idir 1918 agus 1924, tréimhse inar bhuaigh siad Craobh Chonnacht faoi dhó. Ba ag imirt do Choillte Mach freisin a fuarthas an chéad amharc ar an straitéis nua seo a thug ‘An Baller’ isteach sa bpeil Ghaelach.
Ruathar aonair faoi lánluas ag tabhairt cic beag don liathróid ón gcos go dtí an lámh faoi bhealach.vRiamh roimhe níor facthas a leithéid déanta sa gcluiche sin. Ní mba é gurbh é fáilte Uí Cheallaigh a cuireadh roimhe ach an oiread.vThuairisc nuachtán amháin go mba bheartas a bhí ann a bhféadfadh contúirt a bheith ag baint leis.
“Cic an chaitín” a bhaist duine den lucht féachana i gcluiche club i Maigh Eo air. Díol suime is ea an t-achar a thóg sé ar imreoirí agus ar lucht leanta glacadh leis go mba scil ann fhéin a bhí sa ruathar aonair. Is deacra fós a dhéanamh amach cén fáth go raibh os cionn scór bliain eile ar a laghad caite sula bhféadfaí a rá go raibh glactha isteach sa gcluiche leis.
Aon seans amháin ar an scil a léiriú i gCluiche Ceannais na hÉireann a fuair Seán Lavan. Craobh 1921 a bhí i gceist, cé nár deineadh an imirt go dtáinig samhradh na bliana 1923. Ní raibh fiú nuachtán a chontae féin, an Western People réidh fós chun glacadh leis an modh imeartha nua seo a raibh sé ag cur faobhair air.
“The speedy Lavan, while inclined to be a bit ornate and rather too fond of holding on to the ball showed that he was capable of much better work, if given the assistance.”
D’fhan an ruathar aonair faoi shuan go dtáinig na 1940idí agus leithéidí Tony Tighe an Chabháin agus Iggy Jones as Tír Eoghain.
Níl mórán sampla níos fearr ar fáil a léiríonn an ruathar agus an choisíocht agus an lúfaireacht a théann leis ná a facthas i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 1998 ó Michael Donnellan.
Luas agus lúfaireacht freisin a sheas do Sheán Lavan nuair a d’fhág gortú nach raibh ar a chumas oiread sin peile a imirt.
Faoin tráth sin bhí cosán eile tógtha aige. D’éirigh sé as an múinteoireacht agus thosaigh ag ag gabháil don leigheas i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.
Bhí sé ar fhoireann na hollscoile sin a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir cúpla uair. Idir 1923-1927 bhuaigh sé boinn ag Craobhacha Lúthchleasaíochta na nOllscoileanna. Bhí sé páirteach i gCluichí Tailteann, i gCluichí Oilimpeacha Pháras i 1924 agus ceithre bliana dár gcionn, ba é a bhí ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann a bhí san iomaíocht i gCluichí Oilimpeacha Amsterdam, áit ar rith sé sa rás 400 slat.
Agus a chuid céimeanna leighis faighte aige, chuaigh sé ag plé leis an máinliacht. Ba in Ospidéal Shráid an Teampaill ba mhó a d’oibrigh sé agus bhí sé freisin ina léachtóir leis an anatamaíocht sa gcoláiste inar oilíodh é. Ba é a bhí mar dhochtúir ag foireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i Heilsincí i 1952.
Fág freagra ar '‘Baller Lavan’, an t-oilimpeach Maigh Eoch a d’athraigh stíl na peile'