
Mason Melia (Sacar)
Tar éis dóibh críoch den scoth a chur leis an séasúr, meastar go mbeidh St Patrick’s Athletic go láidir san iomaíocht i bPríomhroinn na hÉireann i mbliana agus iad ag iarraidh an tsraith a bhuachan den chéad uair ó 2013.
Ba léir gur thug ceapachán iarbhainisteoir na hÉireann Stephen Kenny an-spreagadh don fhoireann agus ba léir an-tionchar a bheith ag leithéidí Joe Redmond, Jamie Lennon, Brandon Kavanagh agus Jake Mulraney ar an imirt. Mura dtiteann an tóin astu, beidh an-seans acu ar an gcorn, go háirithe má choinníonn an tosach óg Mason Melia ag feabhsú de réir a chéile.
Mí Mheán Fómhair seo caite a shlánaigh Melia, arb as Baile an Chinnéidigh i gcontae Chill Mhantáin dó, seacht mbliana déag ach tá léirithe aige cheana féin go bhfuil sé breá ábalta ag neart agus fisiciúlacht na bhfear atá ina thimpeall sa bPríomhroinn.
Dúirt Kenny nach raibh aon imreoir aige roimhe seo a bhí chomh hóg ach a bhí ag déanamh chomh maith sin in áit lárnach ar an bpáirc agus go raibh dúil ag Melia san obair.
Meastar gurb é Melia an chéad imreoir a imríonn i Sraith na hÉireann a n-íocfar breis is €1 milliún air, ach fágann tionchar an Bhreatimeachta nach féidir leis aistriú go dtí club sa mBreatain go dtí Eanáir 2026, ach a mbeidh ocht mbliana déag sroichte aige.
D’fhéadfadh sé dul chun na hEorpa níos luaithe ná sin agus tá Bologna san Iodáil agus Hannover 96 sa nGearmáin i measc na gclubanna a bhfuil suim léirithe acu ann ach meastar gurb iad Tottenham Hotspur is mó a bhfuil seans acu Melia a cheannach agus go bhfuil siad sásta fanacht go dtí an bhliain seo chugainn. Bhí Melia thall i Londain agus in ionad traenála Spurs an mhí seo caite agus d’fhreastail sé ar an gcluiche a bhí acu i gcoinne Chelsea.
Beidh lucht tacaíochta Pats’ ag súil go mbeidh bonn na Príomhroinne abhus ina phóca aige sula n-imíonn sé, áfach.
Sam Prendergast (Rugbaí)
An t-am seo anuraidh, measadh gur idir Jack Crowley, Ciarán Frawley agus Ross Byrne agus a dheartháir, Harry, a bhí sé teacht in áit Johnny Sexton mar leathchúlaí amuigh na hÉireann ach is féidir ainm Sam Prendergast a chur leosan agus an chuma ar an scéal go bhfuil an Laighneach imithe chun tosaigh orthu uile.
Crowley na Mumhan a thosaigh na cluichí ar fad i gCraobh na Sé Náisiún i rith an earraigh ach thuill Frawley ardmholadh i rith an tsamhraidh nuair a scóráil sé dhá phreabchúl ag deireadh an chluiche i gcoinne na hAfraice Theas chun seaimpíní an Domhain a chloí as baile. Crowley arís a thosaigh an chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne mí na Samhna ach faoin am gur chas Éire ar an Astráil ag deireadh na sraithe sin, Prendergast a bhí i ngeansaí uimhir a 10.
Ba léir óna laethanta scoile sa Droichead Nua go raibh cumas ar leith ag Prendergast agus ní féidir an chomparáid le Sexton a sheachaint ach is beag duine a cheap go mbeadh sé ag tosú d’Éirinn is gan é ach 21 bliain d’aois.
Is é a thosaigh mar leathchúlaí amuigh sa dá chluiche a bhí ag Cúige Laighean i gCorn na gCuradh chomh maith agus má leanann cúrsaí mar atá, beidh cinneadh mór le déanamh ag Simon Easterby aimsir na Sé Náisiún, agus é ag glacadh ceannais ar fhoireann na hÉireann tráth a mbeidh Andy Farrell leis na Lions. Má éiríonn go maith le Prendergast ansin, cás bhfios nach mbeidh an geansaí dearg sin á chaitheamh aige san Astráil sa samhradh.
Gearóid Dunne (Iománaíocht)
Tógann sé níos faide na laethanta seo ar imreoirí óga briseadh isteach ar fhoirne sinsir idirchontae toisc go mbíonn an cluiche ag an leibhéal is airde chomh tapa agus chomh fisiciúil. Bhí Gearóid Dunne Chill Chainnigh fós ag imirt le foireann Faoi 20 an chontae ach níor cheart go mbeadh an dua céanna air áit bhuan a bhaint amach i measc na bhfear.
Imreoir mór, téagartha é Dunne ar féidir leis imirt mar lántosach nó ar an gcliathán, áit ar féidir leis breith ar phocanna amach. Ainmníodh é ar fhoireann mhionúir na bliana in 2021 agus tá sé ina imreoir tábhachtach cheana féin dá chumann, Tulach Ruáin.
Tá foireann shinsir na gCat bainte amach cheana féin aige agus é tugtha isteach ag Derek Lyng in 2023. Fuair sé cúl agus pointe in aghaidh Aontroma mí Aibreáin agus é ag imirt ina chéad chluiche i gCraobh Shinsir Laighean agus ba cheart go bhfeicfí níos minice é i mbliana.
Lara Gillespie (Rothaíocht)
Bhí tráth ann nuair nár cheap Lara Gillespie go mbeadh sí riamh in ann dul ag rásaíocht ar rothar arís. Seaimpín na hEorpa faoi aois, chaith Gillespie cúpla bliain ciaptha ag tinneas ach tháinig sí chuici féin faoi dheireadh agus tá gaiscí á ndéanamh aici ó shin.
Bhuaigh bean Áth na Sceire dhá bhonn óir ag Craobhacha Raonrothaíochta Faoi 23 na hEorpa in 2023 agus choinnigh sí uirthi ag dul i bhfeabhas anuraidh. Is ar an raon a bhuaigh sí a boinn idirnáisiúnta faoi aois ach léirigh sí a hilchumas nuair a bhuaigh sí an Giro Mediterraneo Rosa mí Aibreáin, rás bóthair cúig lá san Iodáil. Ní raibh Gillespie róshásta lena taispeántais sna Cluichí Oilimpeacha, in ainneoin go raibh sí san iomaíocht do bhonn ar an lá deireanach, ach nuair a chuirtear san áireamh gur bhris sí a gualainn cúpla seachtain roimh na Cluichí agus go raibh Covid uirthi sa tréimhse sin chomh maith, níor cheart di a bheith ródhian uirthi féin.
Ba é an bonn cré-umha a bhuaigh sí ag Craobhacha Raonrothaíochta an Domhain mí Dheireadh Fómhair buaicphointe na bliana. Ní raibh Gillespie ach ceithre phointe chun deiridh ar Julie Leth a bhuaigh an bonn óir, agus chríochnaigh sí an bhliain go láidir.
D’fhág torthaí na bliana seo caite gur tugadh ardú céime do Gillespie go dtí príomhfhoireann UAE Team ADQ agus súil aici coinneáil ar an mbóthar ceart in 2025.
Nick Griggs (Lúthchleasaíocht)
Bliain den scoth a bhí in 2024 do Nick Griggs agus curiarrachtaí náisiúnta faoi 23 sáraithe aige sna rásaí 1500m, 3000m agus 5000m. Mar bharr air sin, bhuaigh sé bonn airgid sa rannóg faoi 23 ag Craobhacha Trastíre na hEorpa ag tús mhí na Nollag, gan é ach soicind amháin chun deiridh ar Will Barnicoat na Breataine.
Ba í sin an tríú bliain as a chéile ag Griggs bonn a bhuachan ag na craobhacha agus nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil cúpla bliain eile aige faoi 23, seans go dtiocfaidh an bonn óir sin sula i bhfad.
Tá gaiscí déanta ag Griggs sna ranna faoi aois le tamall anuas, thóg sé bonn óir leis ó Chraobhacha Faoi 20 na hEorpa in 2021 nuair nach raibh sé ach 16 bliain d’aois mar shampla, ach is í an chéad chéim aige ná dul chun cinn a dhéanamh i measc na sinsear. Beidh deis aige é sin a dhéanamh ag Craobhacha Faoi Dhíon na hEorpa agus an Domhain sa Mhárta.
Fág freagra ar 'Cúigear óg i saol an spóirt arbh fhiú súil a choinneáil orthu in 2025'