Jordie Barrett réidh dá chéad chluiche le Laighin ach caithfear a bheith cúramach i gcoinne Bhriostó

Níl aon chluiche éasca ag foirne na hÉireann sa gcéad bhabhta de Chorn na gCuradh an deireadh seachtaine seo

Jordie Barrett réidh dá chéad chluiche le Laighin ach caithfear a bheith cúramach i gcoinne Bhriostó

Is beag scíth atá á fáil ag an gcuid is mó d’imreoirí an phainéil idirnáisiúnta. Ní túisce sceideal trom ceithre chluiche idirnáisiúnta thart ná go mbeidh na trí chúige ag díriú ar an gcomórtas sinsearach idir clubanna rugbaí an limistéir seo, Corn na gCuradh agus Corn an Dúshláin i gcás na gConnachtach.

Sa mbaile a bheas na Muimhnigh inniu agus iad ag tabhairt dúshlán Stade Francais, foireann atá sa dara háit déag ar thábla an Top 14, comórtas inmheánach na Fraince. Níl ach ceithre bhua as aon iarracht déag cláraithe ag foireann Pháras, rud a thabharfas misneach d’fhoireann an bhaile sa gcéad chluiche de Chorn na gCuradh. Teastaíonn muinín. Níl imirt na Mumhan thar mholadh beirte an séasúr seo agus le cur leis na deacrachtaí, tá siad gan oiliúnóir buan faoi láthair.

Amárach, ba dheacair dúshlán ní ba mhó a shamhlú ná an cluiche atá roimh na hUltaigh agus iad sa bhFrainc i gcoinne Toulouse, curaidh an chomórtais seo faoi láthair agus cúig bhabhta eile roimhe seo. Is acu atá an churiarracht ó thaobh curaidh an chomórtais. Ní hamháin sin, is iad Toulouse curaidh an Top 14, comórtas a bhuaigh siad anuraidh.  Bua éasca baile do na Francaigh i mo thuairim, faraor.

Ina dhiaidh sin beidh Cúige Laighean, foireann a d’imir agus a chaill sna trí chluiche ceannais deiridh den chomórtas seo, ag tabhairt faoi Bhriostó sa gcathair sin ar an Avon.

Is iad na Laighnigh an rogha sa gcoimhlint seo ach ní mór dóibh a bheith cúramach mar gur meascán d’imreoirí chéad agus dara rogha atá Leo Cullen a chur chun páirce. Caithfidh fir Átha Cliath a bheith cúramach, tá Briostó sa dara háit ar thábla an Gallagher Premiership, agus cúig bhua as seacht n-iarracht acu go dtí seo. Mar sin féin tá mise sásta bua a thuar do na cuairteoirí, go háirithe agus an ‘All Black’ Jordie Barrett ainmnithe ar an mbinse ag Laighin don chluiche seo.

Anocht sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, cuirfidh Cúige Chonnacht  fáilte go dtí an Bóthar Beag roimh Zebre na hIodáile. Tá sean-aithne ag na foirne seo ar a chéile ó chomórtas an URC agus is ag foireann na Gaillimhe atá an lámh in uachtar ó thaobh cluichí a bheith buaite acu. Is fiú a mheabhrú freisin gur thug Cúige Chonnacht greadadh 54 – 16 do Zebre an uair dheiridh ar imir siad a chéile i nGaillimh i mí Aibreáin seo caite. Ní dóigh go mbeidh an scór chomh mór céanna amárach ach tá mé ag súil le bua eile do na Connachtaigh.

Fág freagra ar 'Jordie Barrett réidh dá chéad chluiche le Laighin ach caithfear a bheith cúramach i gcoinne Bhriostó'