MIONLÉIRMHEAS: Léargas scanrúil ar an scrios atá déanta ar an Úcráin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif ón Úcráin

MIONLÉIRMHEAS: Léargas scanrúil ar an scrios atá déanta ar an Úcráin

Epitome
Grianghraif le Vic Bakin
foilsithe ag Void, An Aithin, 2024
176 lch
Toisí:
8¼x10¼”
Luach: €48.00

Cathain a bheidh deireadh leis?! Ina sheomra folctha féin i gCív a dhein Bakin na grianghraif seo a réaladh. Leabhar scanrúil a thugann léargas dúinn ar an scrios atá déanta ar an Úcráin.

finnéithe ar scrios

na stoirc a thagann ar leanaí

sa riasc

An Uas-Mheánaicme go deo!

Family Ties

Grianghraif le Tina Barney

Ábhar le James Welling & Quentin Bajac.

Agallóir: Sarah Meister

Foilsithe ag Aperture, Nua-Eabhrac, 2024

176 lch

Toisí  11¼x9½”

An mbeidh siad linn go deo? Dála na bochtaineachta, na cogaíochta, an bháis agus cháin ioncaim, is dócha go mbeidh!

Ní hé go dtugann siad féin haute bourgeoisie orthu féin, ach tá a fhios ag daoine cé hiad féin.  An dream áirithe sa leabhar seo, is lucht New England iad. Saol an mhada bháin atá acu ach ní saol gan teannas é ar a shon san.

Chaitheas tamall ag breathnú ar an suíomh aici. Níos cóngaraí don bhaile, tá sraith aici fúinne, Eorpaigh. Féach ar an bpictiúr seo ón mbliain 2001:

Insíonn sé rud éigin fúinn, nach n-insíonn?

Cad as do na leaideanna sin, n’fheadar?

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Léargas scanrúil ar an scrios atá déanta ar an Úcráin'