‘Athrú radacach’ molta chun deireadh a chur le meath na Breatnaise

Moltar i dtuarascáil nua go mbunófaí ceantair speisialta Breatnaise agus go rachfaí i ngleic leis an ‘géarchéim tithíochta’ i bpobail labhartha na Breatnaise

‘Athrú radacach’ molta chun deireadh a chur le meath na Breatnaise

Tá “athrú radacach” ag teastáil chun deireadh a chur le meath na Breatnaise, a deirtear i dtuarascáil nua.

57 moladh atá sa tuarascáil ón gCoimisiún do Phobail Labhartha na Breatnaise [Commission for Welsh Speaking Communities] a seoladh ag an Eisteddfod in Pontypridd inné.

Ceann de na beartais sa tuarascáil ná go dtabharfaí aitheantas agus tacaíocht ar leith do na ceantair is láidre ó thaobh líon na gcainteoirí Breatnaise. Moltar chomh maith go dtabharfaí san áireamh stádas na gceantar sin nuair atá polasaithe náisiúnta á bhforbairt agus go leasófaí na polasaithe sin de réir mar is gá.

Bheadh dhá bhealach ann le haitheantas speisialta mar cheantar láidir teanga a fháil. D’fhéadfadh an Rialtas an stádas sin a thabhairt d’áit ina bhfuil níos mó ná 40% den phobal ina gcainteoirí Breatnaise, agus bheadh cead chomh maith ag na húdaráis áitiúla aitheantas a thabhairt do cheantar áirithe.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil go bhfuil géarchéim tithíochta i bpobail labhartha na Breatnaise agus moltar go mbeadh polasaithe tithíochta agus pleanála ar leith ag na ceantair speisialta Breatnaise.

Moltar forbairtí tithíochta a thabharfadh tús áite do riachtanais mhuintir na háite agus forbairtí a mbeadh an pobal féin i gceannas orthu. Moltar ciste iasachtaí le rátaí ísle úis a bhunú chun cabhrú le grúpaí pobail talamh nó tithe a cheannach.

Beartas eile atá molta sa tuarascáil ná go mbunófaí straitéisí pleanála teanga do cheantair ina bhfuil aistriú teanga ag tarlú.

Pléann na moltaí eile le hábhair éagsúla amhail an fhorbairt pobail, labhairt na Breatnaise san áit oibre, cúrsaí eacnamaíochta, oideachais agus comhionannais.

Tá anailís chuimsitheach sa tuarascáil chomh maith ar thorthaí Dhaonáireamh 2021. Ag laghdú atá líon na gcainteoirí Breatnaise ó 2001. De réir an daonáirimh dheireanaigh 538,000 duine a bhí trí bliana nó os a chionn a bhí ina gcainteoirí Breatnaise, 17.8% den phobal.

Bunaíodh an Coimisiún do Phobail Labhartha na Breatnaise in 2022 chun dul i ngleic leis an laghdú ar líon na gcainteoirí sna ceantair ina bhfuil an teanga fós á labhairt ag formhór an phobail nó ina raibh sí á labhairt ag formhór an phobail go dtí le déanaí.

Agus an tuarascáil nua á seoladh, dúirt Cathaoirleach an Choimisiúin, an Dr Simon Brooks: “Fadhb í seo atá againn le fada agus sin é an fáth go dteastaíonn athrú radacach ach praiticiúil uainn.”

Dúirt sé go mbeadh gá “le gníomhartha cróga” agus le beartais nua a bheadh lárnach sa pholasaí poiblí.

Dúirt Chéad-Aire Thionól na Breataine Bige, Eluned Morgan, gur “céim ríthábhachtach” maidir le neartú na teanga ina croícheantair a bhí in obair an Choimisiúin.

“Is í an Bhreatnais ár dteanga náisiúnta agus is linn go léir í,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Athrú radacach’ molta chun deireadh a chur le meath na Breatnaise'

  • Brian Ó Daimhín

    Ba cheart an rud céanna a dhéanamh in Éirinn.

  • Kerry Blue

    Tá an t-aos óg á tréigint ansiúd thall chomh maith céanna.
    Bhíos ann.

  • An t-Eileanach

    Bhíos amuigh ar na hoileáin i nGaeltacht na hAlban an mhí seo caite. An-chuid daoine ag labhairt as Gaelainn na hAlban ann, ach níl mórán ar na hoileáin dos na daoine óga in aon chor. An-chuid den dream óg ina dtríochaidí imithe go dtís na cathracha ar an míntír in Albain nó i Sasana. Cuid acu tagtha ar ais toisc gur féidir obair ón mbaile áfach. Bhí an ceantar féin ag braistint saghas ciúin agus liosta le háireamh é an líon scoileanna iata atá ar an oileán. Is dócha gur buntáiste é ó thaobh caomhnú teangan a bheith iargúlta, ach ní foláir rud éigin a choinneáil sa tsiúil chun an aos óg a mhealladh – bhí monarcha feamainne acu agus feirm éisc, agus tá aerfort bídeach agus calafort acu freisin. In ainneoin sin, bhí cuma saghas scartha amach ar an áit. Ní mór don aos óg imeacht i gcomhair na hollscoile pé scéal é, agus cuid mhór acu socraíonn siad iad féinig le poist ar an míntír ina dhiaidh sin.