Easpa seirbhísí Gaeilge san AE pléite le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa

Scríobh an Feisire Seán Kelly ó Fhine Gael chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Rialtas na hÉireann le moltaí maidir le cén chaoi le tuilleadh aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge a chur ar fáil

Easpa seirbhísí Gaeilge san AE pléite le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa

Tá an teip seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge i bParlaimint na hEorpa pléite ag feisire Éireannach le hUachtarán na Parlaiminte.

Scríobh an Feisire Seán Kelly ó Fhine Gael chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, ag impí uirthi réiteach a fháil ar an bhfadhb a fhágann nach bhfuil seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta á cur ar fáil sa Pharlaimint.

Vótáladh san earrach síneadh go dtí 2029 a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge ná i Máltais ceal dóthain aistritheoirí agus ateangairí do na teangacha sin.

Deir an Feisire Kelly go bhfuil gníomh práinneach ag teastáil chun a chinntiú go gcaitear leis an nGaeilge mar a chaitear le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.

Ina litir chuig an Uachtarán Metsola, déanann Kelly roinnt moltaí a d’fhéadfadh an fhadhb a réiteach, dar leis.

Aithníonn sé, mar shampla, go bhfuil meabhrán tuisceana idir Coimisiún na hEorpa agus Ollscoil na Gaillimhe chun saineolas ar an Ghaeilge a chothú. Ba chóir, a deir Kelly, meabhráin a chomhaontú le tuilleadh institiúidí acadúla chun a chinntiú go mbeidh tuilleadh aistritheoirí agus ateangairí cáilithe ag teacht chun cinn.

Ar an ábhar céanna, deir sé go bhfuil Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar cheann de na hinstitiúidí ar chóir meabhrán a aontú leo chun leas a bhaint as líon na gcainteoirí Gaeilge ó thuaidh. Deir Kelly go bhfuil éiginnteacht ag cur as do chainteoirí Gaeilge a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann agus a bhfuil pas Éireannach acu. Deir sé go dteastaíonn treoirlínte “soiléire agus sonracha” chun é a dhéanamh níos éasca dóibh poist san AE a fháil.

Molann Kelly freisin gur chóir don AE feachtais earcaíochta a reáchtáil a bheadh dírithe ar na ceantair Ghaeltachta. Deir sé gur chóir go mbeadh eolas faoi na deiseanna atá san AE á chur ar fáil do dhaltaí go luath tar éis dóibh tosú ar an iarbhunscoil mar go mbíonn sé ródheireanach daoine a mhealladh níos déanaí.

Tá Kelly freisin ag iarraidh go ndéanfaí forbairt ar na deiseanna cianoibre a chuirtear ar fáil agus measann go gcuirfeadh sin go mór leis an soláthar cainteoirí Gaeilge.

Sa litir, deir Kelly go bhfuil sé buíoch as na bearta atá déanta ag an Uachtarán Metsola cheana féin chun deireadh a chur leis an maolú i dtaobh na Gaeilge ach gur gá aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb le “práinn agus le dúthracht”.

Scríobh an Feisire Kelly litir freisin chuig an Aire Oideachais Norma Foley agus é ag iarraidh uirthi a machnamh a dhéanamh ar na moltaí maidir leis na meabhráin tuisceana agus an obair feasachta sna scoileanna Gaeilge.

Tá an Feisire nuathofa Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil ar dhuine eile de na Feisirí Éireannacha a bhfuil sé ráite acu gur chóir seirbhísí iomlána ateangaireachta agus aistriúcháin a chinntiú sa Pharlaimint.

Ag labhairt di le Tuairisc ar a toghadh don Pharlaimint, dúirt an t-abhcóide agus iarchraoltóir gurb é cur chun cinn na Gaeilge an phríomhsprioc a bheidh aici san Eoraip.

Tá Ní Mhurchú agus Seán Kelly ar bheirt den cheathrar Feisirí a toghadh chun na hEorpa a dúirt go labhródh siad Gaeilge sa Pharlaimint “go rialta” agus mar “ghnáthchleachtas”. Is iad Billy Kelleher ó Fhianna Fáil agus Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre an bheirt eile.

Dúirt urlabhraí ón AE le Tuairisc roimhe seo go raibh 19 aistritheoir agus seisear cúntóirí fostaithe faoi láthair in Aonad Aistriúcháin na Gaeilge ach go raibh “roinnt” ball foirne breise ag teastáil chun an líon foirne atá sna haonaid aistriúcháin eile a bhaint amach.

Dúradh go raibh iarrachtaí leanúnacha ar bun chun cur le líon na n-aistritheoirí agus na n-ateangairí ach gur margadh “an-teoranta” a bhí ann agus go raibh iomaíocht ghéar ann do dhaoine cáilithe.

Fág freagra ar 'Easpa seirbhísí Gaeilge san AE pléite le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa'