Foclóir Uí Dhónaill, moncaí bréagáin, fáinne pósta… mála á phacáil agam don tseanaois…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An uair seo: tá ‘mála’ á phacáil ag ár gcolúnaí do lá éigin amach anseo nuair a bheidh sé féin sean nó nuair a bheidh a mheabhair féin ag teip air

Foclóir Uí Dhónaill, moncaí bréagáin, fáinne pósta… mála á phacáil agam don tseanaois…

Tá mo mhála á phacáil agam.

Faoin am go mbeidh seo á léamh agaibh beidh mé ar an mbealach go dtí an t-aerfort.

Tá os cionn leathbhliana ann ó chonaic mé mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus a bhfuil cónaí uirthi i dteach altranais ar an taobh eile den Atlantach. Ní mórán é leathbhliain, ach nuair a mhothaíonn tú go bhfuil an t-am ag rith amach …

Ó theagascóir a bhíodh ag obair san ionad aclaíochta a fuair mé an chomhairle is fearr dá bhfuair mé riamh maidir le málaí a phacáil.

Ní mór duit tosú ar an obair seachtain nó mar sin sula mbeidh tú ag taisteal.

Fágann tú an mála oscailte i gcúinne éigin i do sheomra codlata agus de réir mar a chuimhneoidh tú ar rudaí nár chóir duit dearmad a dhéanamh orthu agus tú ag bualadh bóthair, cuirfidh tú isteach sa mhála iad.

Ar an gcaoi céanna – go mall réidh agus de réir a chéile – tá ‘mála’ de shórt éigin eile á phacáil agam le roinnt blianta anuas.

Maithigí dom anois go bhfuilim chun úsáid a bhaint as meafar seanchaite. Má bhí an ceart ag an múinteoir Laidine fadó ba iad na Rómhánaigh a chéad smaoinigh ar an mála droma (ceann den seandéanamh, ar ndóigh, ceann a chaithfeá thar do ghualainn ar mhaide) mar shamhail ar stair phearsanta, ar chuimhní, an duine.

Le roinnt blianta anuas, tá rudaí fánacha ach a bhfuil cion mór agam orthu á gcur i leataobh agam, súil agam go meabhróidh siad tréimhsí de mo shaol dom amach anseo, i gceann daichead bliain abair, má thosaíonn mo mheabhair féin ag teip de bharr seanaoise nó, fórsaí na cruinne idir sinn agus an drochrud, má thagann an galar céanna orm agus atá ar mo mháthair.

An t-léine ghorm leis an réalta bhuí a bhíodh mar éide oibre agam sa chaifé a bhíodh agam i nGaillimh tráth, agus atá róbheag dom anois, tá sí sin i mála na gcuimhní, agus léine an chumainn capoeira a raibh mé i mo bhall de ar feadh na mblianta freisin.

Mo chóipeanna caite d’fhoclóirí Uí Dhónaill agus De Bhaldraithe a cheannaigh mé i dtús na 1990idí agus a d’iompair mé ar mo dhroim (!) go dtí an Ísiltír agus ar ais go hÉirinn ar bháid agus ar bhusanna toisc nárbh ann d’eitiltí saora an uair sin, tá siad sin sa mhála chomh maith.

Tá grianghraif ann, roinnt leabhar eile, moncaí bréagáin, mo chéad phéire spéacláirí agus mo chéad phéire lámhainní dornála, ancaire ar mhuince a thug mo dheartháir óg Brasaíleach dom, fáinne pósta nach gcaithim níos mó, litir nó dhó, agus mo chuid greannán Gaston. (NASC: https://en.wikipedia.org/wiki/Gaston_(comics))

An t-aon rud amháin faoin mála sin ná nach ann dó go fóilleach ach i m’intinn – gach seans gur cófra a theastóidh dáiríre – ach tá na hearraí a bheas ann i dtaisce, más go meafarach féin é.

Fág freagra ar 'Foclóir Uí Dhónaill, moncaí bréagáin, fáinne pósta… mála á phacáil agam don tseanaois…'

  • Joe Ó Ceallaigh

    Sin alt speisialta. Is fiú taisce mar seo a bheith ag achan duine.
    Chuir sé an leabhar The Memory Chalet le Tony Judt i gcuimhne dom.