€600,000 fógartha do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan an maoiniú inniu agus é ar cuairt chuig Dún na nGall, áit ar sheol sé Plean Teanga na Gaeltachta Láir i mBaile na Finne

€600,000 fógartha do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta

Tá maoiniú €600,000 fógartha ag an Rialtas chun tacú le seirbhísí luathoideachais a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Dúradh go raibh an maoiniú bliantúil á chur ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta don tréimhse 2022-2023 chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga agus le polasaí an Rialtais don oideachas Gaeltachta.

Agus é ag fógairt an chiste, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go n-éireodh le CNNG níos mó a bhaint amach sa Ghaeltacht de thoradh an mhaoinithe seo agus go dtacófaí le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Le fógairt na dtacaíochtaí seo, tá céim mhór chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá sé mar aidhm ag CNNG deis a thabhairt do gach páiste sa Ghaeltacht freastal ar sheirbhís luathoideachais nó cúram leanaí trí mheán na Gaeilge.

Rinne O’Donovan an ciste a fhógairt agus é ar a chéad chuairt go Gaeltacht Dhún na nGall mar Aire Stáit na Gaeltachta. Sheol sé Plean Teanga na Gaeltachta Láir go hoifigiúil i mBaile na Finne le linn a chuairte.

Thréaslaigh an tAire Stáit leis an gceanneagraíocht, Gleann Fhinne CTR, atá ag cur an phlean i bhfeidhm, plean a ceadaíodh in 2021. Tá sé mar aidhm leis an bplean teanga sin dul i bhfeidhm ar chleachtas teanga an phobail agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga a ardú 10% le linn tréimhse seacht mbliana an phlean.

Fág freagra ar '€600,000 fógartha do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta'