Os cionn €3.7 milliún fógartha chun amhránaíocht, ceol, drámaíocht agus damhsa a chur chun cinn sa Ghaeltacht

Tá deontas trí bliana de €3.7 milliún fógartha d’Ealaín na Gaeltachta agus fógraíodh chomh maith deontas dhá bhliain €518,000 do Chonradh na Gaeilge don tionscadal ‘Gluaiseacht’ 

Os cionn €3.7 milliún fógartha chun amhránaíocht, ceol, drámaíocht agus damhsa a chur chun cinn sa Ghaeltacht

Tá deontas ar fiú breis is €3.7 milliún ceadaithe ag an Rialtas don eagraíocht Ealaín na Gaeltachta do chlár trí bliana.

Dúradh go gcuideoidh an maoiniú nua – méadú 200% ar an allúntas deiridh a bronnadh ar Ealaín na Gaeltachta – leis an eagraíocht ceithre phost nua a chruthú agus freastal a dhéanamh ar 5,000 duine óg sa Ghaeltacht.

Cuirfear maoiniú ar fáil freisin do 14 ealaíontóir Gaeltachta freisin, idir cheoltóirí, dhrámadóirí agus amhránaithe.

Eagraíocht í Ealaín na Gaeltachta a bhíonn ag díriú ar chur chun cinn na n-ealaíon traidisiúnta, go háirithe an drámaíocht, an scríbhneoireacht, an ceol agus na healaíona béil, mar bhealaí chun an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn.

Deir Roinn na Gaeltachta go mbainfear leas as an gciste chun clár oibre a fheidhmiú fud fad na Gaeltachta agus é mar phríomhaidhm leis deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Martin gur údar áthais di an ciste méadaithe, ardú ó €1.3 milliún in 2019, a fhógairt.

“Tá obair fhónta ar bun le blianta fada ag Ealaín na Gaeltachta le cúnamh mo Roinne agus an Údaráis araon, chun tacú le cur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht,” a dúirt Martin. “Is tábhachtaí ná riamh an obair sin agus is mó a aithnítear ná riamh an luach faoi leith a bhaineann leis na healaíona teangabhunaithe don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.”

Chuir Paddy Glackin, stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh an bhfógra agus dúirt go gcuirfeadh an maoiniú breise go mór le cumas na heagraíochta deiseanna a sholáthair d’aos óg na Gaeltachta sna healaíona agus go mbeadh a rian le feiceáil sa Ghaeltacht go ceann i bhfad.

I 1997 a bhunaigh Údarás na Gaeltachta Ealaín na Gaeltachta chun ealaíona dúchasacha agus comhaimseartha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Idir an dá linn, tá deontas dhá bhliain €518,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, do Chonradh na Gaeilge don tionscadal ‘Gluaiseacht’ in 2023-2024.

Iarracht atá i Gluaiseacht daoine óga a spreagadh chun an teanga a úsáid trí na buntáistí a bhaineann léi a chur ar a súile.

Tá obair fíor-thábhachtach ar bun ag Conradh na Gaeilge ar mhaithe le húsáid na teanga a chothú agus a threisiú i measc aos óg na tíre – ní hamháin iad siúd atá sa chóras Gaelscolaíochta nó ar tháinig tríd, ach daoine óga a bhfuil suim ar leith acu sa teanga go ginearálta,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Os cionn €3.7 milliún fógartha chun amhránaíocht, ceol, drámaíocht agus damhsa a chur chun cinn sa Ghaeltacht'