MIONLÉIRMHEAS: Spléachadh iontach ar an mBriotáin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, spléachadh ar an mBriotáin agus ar an Aetóip

MIONLÉIRMHEAS: Spléachadh iontach ar an mBriotáin
Mórshiúl sa Bhriotáin sa bhliain 1913 in onóir do Naomh Anna

Alain Croix & Marc Rapilliard: Photographes en Bretagne “tradition & modernité”
in eagar ag LOCUS SOLUS
Toisí: 24 x 31 cm
534 grianghraf
ISBN 978 2 36833 370 9
Luach: €49.00

Má tá spéis agat sa Bhriotáin, maisiú ar do bhailiúchán leabhar a bheidh sa chnuasach grianghraf seo.

Agus anois, seo dhaoibh an Nuacht (roimh ré na nuachta bréige, is dócha):

Bolscaire poiblí ón mbliain 1930

 

Lá aonaigh, 1885

 


Fiagaí agus iascaire a bhíonn ag maireachtáil ón lámh go dtí an béal, agus crogall Níleach a mhaireann amhlaidh

Iontais na hAetóipe

Joey L: Ethiopia
Earth Aware Editions a d’fhoilsigh
Toisí: 14″ × 11″
368 lch
Clúdach crua
Luach (i ndollair): $95.00
ISBN: 978-1647227357

Tá an-chur amach ag an ngrianghrafadóir Joey L. ar an Aetóip agus díríonn sé a lionsa sa leabhar

éachtach seo ar gach cuid den tír.

Hiéna i gcathair Harar, ainmhí a bhfuil áit ar leith aige i mbéaloideas an cheantair sin.

Is Críostaithe Ceartchreidmheacha iad móramh an phobail agus thart ar an tríú cuid ina Moslammaigh. Ateachtaigh an tSeachtú Lá atá sa ghrianghraf a ghlac Joe L. de chór eaglasta.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Spléachadh iontach ar an mBriotáin'