Feicfear i mbliana torthaí phlean TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil – Ardstiúrthóir

Deir Alan Esslemont go bhfuil súil aige go léireoidh RTÉ 'dea-thoil' maidir le mian TG4 a seirbhís nuachta féin a bhunú

Feicfear i mbliana torthaí phlean TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil – Ardstiúrthóir

Deir Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil súil aige go mbeidh torthaí an chinnidh scaradh le seirbhís nuachta RTÉ le feiceáil roimh dheireadh na bliana.

Bunaithe ar mholadh a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán an samhradh seo caite, tá cinneadh glactha ag TG4 a bheith neamhspleách ó RTÉ i dtaobh na nuachta.

Deir Esslemont go bhfuil obair ar bun ag an stáisiún Gaeilge cheana féin lena seirbhís nuachta féin a bhunú.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt Ardstiúrthóir TG4 go mbeadh cuid de thorthaí na hoibre sin le feiceáil i mbliana.

“Go dtí seo, bhí smacht eagarthóireachta ag RTÉ ar Nuacht TG4. Tá muid ag iarraidh go dtiocfaidh athrú air sin. Cur i gcás, faoi Shamhain, feicfidh sibh branda nua, leagan amach nua, stiúideo nua agus cuirfear béim [nua] ar Nuacht TG4,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Esslemont go bhfuil sé le casadh le hArd-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, an tseachtain seo chugainn chun an t-athrú atá le teacht ar an gcaidreamh idir an dá stáisiún a phlé. Dúirt Esslemont go bhfuil súil aige go léireoidh RTÉ “dea-thoil” maidir leis na hathruithe atá beartaithe.

D’fhógair an Rialtas ag tús na bliana go ndéanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar an idirbheartaíocht atá ar siúl idir TG4 agus RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Faoi láthair, RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus an clár cúrsaí reatha 7Lá ar fáil do TG4 mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

Moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, áfach, go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta agus deir Esslemont gur chóir breathnú an bhfuil gá fós leis an dualgas reachtúil sin a chur ar RTÉ.

“An rogha a b’fhearr liomsa ná an maoiniú a fháil agus na daoine a bheith fostaithe againn féin. Sin an rogha ab fhearr liom. Bunaíodh [TG4] le template eile, sin uair an chloig sa lá a fháil ó RTÉ. B’fhéidir, mar chuid den athbhreithniú iomlán ar na meáin Ghaeilge, breathnú arís ar an uair an chloig sa lá seo agus a rá ‘Bhuel, bhí sé seo lárnach le déanamh cinnte gur tháinig TG4/TnaG ar an aer ach théis fiche a cúig, sé, seacht mbliana, ar cheart dúinn breathnú air arís?’

“An tuairim atá againn féin mar ardbhainistíocht ná go mb’fhearr linn ár gcuid acmhainní féin a bhainistiú, nuacht san áireamh.”

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 chomh maith go raibh sé mar sprioc aige go mbeadh an stáisiún Gaeilge ag soláthar cláracha do RTÉ amach anseo, seachas a mhalairt.

Maidir leis na daoine atá fostaithe ag RTÉ faoi láthair chun seirbhís nuachta TG4 a chur ar fáil, dúirt Esslemont nach raibh post aon duine i mbaol, fiú dá dtiocfadh deireadh leis an gcaidreamh le RTÉ ó thaobh na nuachta.

Dúirt Esslemont go raibh cúpla rogha ann maidir leis an bhfoireann agus go ndéanfaí cinneadh i gcomhar le RTÉ agus Coimisiún na Meán.

“D’fhéadfadh muid leanúint ar an mbealach atá againn faoi láthair, go mbeidh smacht eagarthóireachta againn ar an nuacht ach go mbeidh sé curtha ar fáil ag daoine ó RTÉ nó d’fhéadfadh sé go mbeadh daoine ag teacht trasna go TG4,” a dúirt Esslemont.

“Aon duine atá ag obair do Nuacht TG4, tá siad an-sábháilte agus tá todhchaí láidir ann,” ar sé.

Ag an gcruinniú i dTeach Laighean inné, dúirt Cathaoirleach nua Bhord TG4, Anna Ní Ghallachair, go raibh lucht an stáisiúin “ag tnúth leis an neamhspleáchas agus leis an iolrachas a bhaint amach inár seirbhís Nuachta mar atá molta ag an Choimisiún um Thodhchaí na Meán”.

Dúirt Ní Ghallachair nach raibh an stáisiún róshásta leis an gclár nuachta a bhí ann agus “go m’fhéidir go raibh easpa téagair ann go pointe”, cé nach ar TG4 a bhí ann locht, dar léi.

Tá Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ag TG4 chun na hathruithe atá beartaithe ar sholáthar nuachta TG4 a chur i bhfeidhm.

“An cur chuige a bheidh ag Deirdre sa chéad tréimhse ná comhoibriú le Nuacht TG4, leis na fostaithe de chuid RTÉ, agus rudaí a athrú de réir a chéile,” a dúirt Alan Esslemont.

Fág freagra ar 'Feicfear i mbliana torthaí phlean TG4 a seirbhís nuachta féin a chur ar fáil – Ardstiúrthóir'