Bhí Mairéad Ní Nuadháin ó Tuairisc i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge a bhí ar siúl i gCill Airne anocht.
Roghnaíodh scríbhneoir Tuairisc mar ‘Colúnaí na Bliana’ ag an searmanas bronnta ag Oireachtas na Samhna 2022, ar cuireadh tús leis inniu.
Ar Mhártan Ó Ciardha, iarcheannasaí spóirt Raidió na Gaeltachta, agus colúnaí eile le Tuairisc, a bhronn Aire Stáit na Gaeltachta, Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2022.
15 duais ar fad a bronnadh.
Chuile dhuine ina seasamh agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh ar Mhártan Ó Ciardha 🌟 #Gradaim22 #OnaS2022 pic.twitter.com/QR6bg0Yl2l
— An tOireachtas (@OirnaGaeilge) November 2, 2022
Bronnadh ag tús na hoíche gradam speisialta na bliana ar RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag ceiliúradh leathchéad bliain a bhunaithe i mbliana.
An Cailín Ciúin, atá roghnaithe le dul san iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar, a bhuaigh an gradam do scannán na bliana.
Dreams cainte le Craoltóir Solabhartha na Bliana Páidí Ó Sé #Gradaim22 #OnaS2022 pic.twitter.com/zepts41Zk9
— An tOireachtas (@OirnaGaeilge) November 2, 2022
Thug Seán Ó Dubhchon, a bhíonn le cloisteáil ar Raidió RíRá agus RTÉ RnaG, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus bhí an lá le Niamh Ní Chróinín, láithreoir ar Cúla4, i rannóg na gcraoltóirí teilifíse.
Cóilín Ó Neachtain, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug an duais ‘Iriseoir na bliana’ leis agus Pádraig Ó Sé, an craoltóir aitheanta ón stáisiún céanna, a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na bliana’.
Ba ar an gclár Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, a léirigh Táin Media, a bronnadh an gradam do chlár teilifíse na bliana.
An Cósta Thiar, sraith a léirigh Aniar TV do TG4, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.
Lucht an chláir Bladhaire ar RnaG, a bhíonn á chur i láthair ag Áine Ní Bhreisleáin, a thug na chreach leo as rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.
Aire Stáit na Gaeltachta @jackfchambers ag oscailt #Gradam22 ag @OirnaGaeilge #OnaS2022pic.twitter.com/FwvWB1klkx
— Tourism-Culture-Arts-Gaeltacht-Sport-Media (@DeptCulturelRL) November 2, 2022
Bhuaigh Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM, an duais sa rannóg Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála.
Bhí an bua ag Cad déarfá le Gaillimh? ar Galway Bay Fm sa rannóg ‘Clár Gaeilge na bliana ar Raidió Tráchtála’.
Ar Darren Ó Dubhgáin, láithreoir aimsire agus leanúnachais le TG4, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.
Ar lucht Molscéal a bronnadh an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta dá bhfeachtas #CPNG.
Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021.
Mairéad Ní Nuadháin, Tuairisc Pearsa Raidió Na Bliana Seán Ó Dubhchon, Raidió RíRá agus RTÉ Raidió na Gaeltachta Pearsa Teilifíse Na Bliana Niamh Ní Chróinín, Cúla4, TG4 Sraith Raidió Na Bliana Bladhaire, RTÉ Raidió na Gaeltachta Iriseoir Na Bliana Cóilín Ó Neachtain, RTÉ Raidió na Gaeltachta Craoltóir Solabhartha Na Bliana Pádraig Ó Sé, RTÉ Raidió na Gaeltachta Clár Teilifíse Na Bliana Seán Ó Riada – Mo Sheanathair, Táin Media Sraith Teilifíse Na Bliana An Cósta Thiar, Aniar TV Scannán Na Bliana An Cailín Ciúin, Inscéal Réalta Óg Na Bliana Darren Ó Dubhgáin, Aimsir agus Leanúnachas TG4 Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana #CPNAG, Molscéal Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail Cad déarfá le Gaillimh?, Galway Bay FM Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála Aon Scéal?, a chraoltar ar Phoenix FM Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais Mártan Ó Ciardha
KH
Comhghairdeachas leis an údar – is breá liom a cuid píosaí ar na daoine a tháinig slán as an Dara Cogadh Mór – iad lán daonnachta.