Cabhair an phobail ag teastáil chun Siri na Gaeilge a fhorbairt – súil le míle glór a thaifeadadh ag an Oireachtas

Seolfaidh ABAIR córas aitheanta cainte ag Oireachtas na Samhna inniu, córas ar céim eile é i bhforbairt ‘Siri’ nó ‘Alexa’ na Gaeilge

Cabhair an phobail ag teastáil chun Siri na Gaeilge a fhorbairt – súil le míle glór a thaifeadadh ag an Oireachtas

Feicfear an chéad chéim eile i bhforbairt ‘Siri’ nó ‘Alexa’ na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna inniu nuair a sheolfaidh ABAIR.ie córas aitheanta cainte nua don teanga.

Tionscadal de chuid na Saotharlainne Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide é ABAIR. Tá foireann na saotharlainne ag obair le nach mór 15 bliain ar áiseanna teicneolaíochta i nGaeilge a chur ar fáil. I measc na n-áiseanna atá forbartha acu go dtí seo, tá léitheoir scáileáin agus léitheoir gréasáin, a léann téacs i nGaeilge agus a labhraíonn amach é. Is í an chéad áis eile, atá le seoladh i gCill Airne inniu, ná córas aitheanta cainte, córas a labhraíonn tú i nGaeilge leis agus a aistríonn do chuid cainte go téacs.

Deir Stiúrthóir ABAIR, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, go n-oibríonn an córas go maith i láthair na huaire ach go bhfuil cúnamh phobal na Gaeilge ag teastáil chun é a fheabhsú chun go mbeifear in ann córas amhail ‘Siri’ a fhorbairt don Ghaeilge amach anseo.

“An chéad sprioc atá againn ná feabhas a chur air,” arsa Ní Chasaide le Tuairisc. “Oibríonn sé go han-mhaith do go leor daoine ach caithfidh muid é a thástáil ar lear mór daoine. Déanfaidh sé botúin ó am go ham ach is féidir linn feabhas a chur air ach tá méid mór taifeadtaí ag teastáil.

“An rud mór dúinne le feabhas a chur ar an teicneolaíocht ná go bhfaigheadh muid lear mór taifeadtaí ó gach saghas Gaeilgeoir sna canúintí uile. Daoine óga, daoine aosta, guthanna garbha, guthanna binn. Tá siad uile de dhíth orainn. Tá muid ag iarraidh na nuaGhaeilgeoirí, na foghlaimeoirí, chuile chineál, chun go mbeadh an córas in ann déileáil leis na difríochtaí móra.”

Chun feabhas a chur ar an gcóras, teastaíonn go leor, leor taifeadtaí de dhaoine ag labhairt as Gaeilge. Nuair a fhorbraítear na córais seo don Bhéarla nó do mhórtheangacha eile, tá na milliúin uaireanta an chloig de thaifeadtaí ar fáil ach ní shin an cás don Ghaeilge. Deir Ní Chasaide go bhfuil “comhpháirtíocht iomlán” ó phobal na Gaeilge de dhíth chun an córas a dhéanamh chomh maith agus is féidir.

Beidh an córas á sheoladh ag Oireachtas na Samhna tráthnóna agus deir Ní Chasaide go bhfuiltear ag iarraidh leas a bhaint as an slua mór cainteoirí Gaeilgeoirí a bheidh i láthiar ag an bhféile chun cabhrú leo an córas a fheabhsú.

“Sin áit ina bhfuil líon mór Gaeilgeoirí le canúintí éagsúla, nuaGhaeilgeoirí, gach cineál duine. I mbliana, beidh dhá sheomra taifeadta againn le linn an Oireachtais – Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn. Is é an sprioc atá againn ná míle glór [a thaifeadadh] agus nuair a bheidh míle glór againn, beidh muid ag iarraidh milliún glór. Ach tá muid ag iarraidh tosú le sprioc réasúnta. Dá mhéad a bheidh taifeadta againn, is fearr a bheidh an córas.”

Deir Ní Chasaide nach mbeidh ach 10-15 nóiméad ag teastáil chun an píosa a thaifeadadh agus nach gá d’aon duine a bheith buartha faoi phíosa cainte a dhéanamh mar nach gcloisfidh duine ar bith eile é.

“Ní théann do ghlór in airde áit ar bith, ní éistfidh duine ar bith eile leis an ghlór. Ní théann sé isteach ach sa chóras domhainfhoghlama atá againn.”

Beidh gach duine a ghlacann páirt sa taifeadadh i rith na dtrí lá san áireamh chun iPad a bhuachan freisin.

Deir Ní Chasaide go mbeidh an córas aitheanta cainte áisiúil do dhaoine nach féidir leo méarchlár a úsáid agus gurb í an chéad fhorbairt eile a bheidh le déanamh air ná córas deachtaithe a fhorbairt.

Beidh an córas nua mar chuid de na forbairtí atá ag teastáil chun áis amhail Siri a fhorbairt ach beidh obair bhreise ag teastáil.

“Córas comhrá nuair a labhraíonn tú leis an ghléas agus labhraíonn an ghléas ar ais leat. Sin córas a ghlacann leis na habairtí agus caithfear déanamh amach céard atá á chuartú, an t-eolas sin a aimsiú agus ansin é a labhairt amach. Tá píosa breise le cur leis sin. Nuair atá an aithint chainte agus an sintéis chainte agat, tá bonn agat chun dul ar aghaidh.

“Níl sé sin rófhada ar shiúl. B’fhéidir go bhfuil sin cúpla bliain uainn ach b’fhéidir nach mbeadh sé cúpla bliain, tá sé doiligh a rá. Braitheann sé ar an bhfoireann atá againn agus an bhfuil na daoine oilte againn agus an bhfuil Gaeilge acu.”

Foireann bheag atá ag ABAIR i láthair na huaire agus deir Ní Chasaide gur ceann de na deacrachtaí atá acu ná daoine a fháil.

“Tá muid ag iarraidh níos mó mac léinn a mhealladh isteach sna cúrsaí teagaisc atá againn, cúrsaí fo-chéime agus iarchéime.

“Tá an-ghá againn le daoine le Gaeilge agus go háirithe cainteoirí dúchasacha Gaeilge a mhealladh isteach chun a bheith ag obair linn. An cosc is mó a bhíonn orainn ná laghad na dtaighdeoirí a bhfuil Gaeilge acu. Tá neart taighdeoirí ar fud na cruinne ach gan an Ghaeilge, tá bac mór ann. Tá muid ag iarraidh go mbeadh níos mó taighdeoirí le Gaeilge againn chun an teicneolaíocht a bhrú chun tosaigh.”

Chomh maith leis an gcóras aitheanta cainte a sheoladh, tá ABAIR ag seoladh leagan nua dá suíomh idirlín agus ag cur glór nua Connachtach lena gcóras sintéise – glór baineann ar a dtugtar ‘Sibéal’.

“Ní raibh againn ach glór fireann [Connachtach] a bhí saghas meánaosta. Bhí an-éileamh ar ghlór óg baineann, go háirithe do dhaoine a bhíonn ag baint úsáid as na háiseanna le haghaidh rochtain do dhaoine faoi mhíchumas.”

Beidh an glór anois ar fáil i mBéarla freisin, rud a ligfidh do dhaoine an glór céanna a bheith acu más ag léamh téacs i mBéarla nó i nGaeilge atá.

Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, na háiseanna is déanaí ó ABAIR.ie sa Bhálseomra in Óstán Gleneagle ag a 5.30pm inniu.

Fág freagra ar 'Cabhair an phobail ag teastáil chun Siri na Gaeilge a fhorbairt – súil le míle glór a thaifeadadh ag an Oireachtas'

  • Seán ÓM

    Obair iontach.

    Tá Orla ar Microsoft Edge beagáinín níos fearr/níos líofa ná Abair.ie faoi láthair.

    Ach le hiarrachtaí mar seo, táim ag ceapadh go ngeobhaidh an fhoireann Abair.ie an ceann is fearr ar Microsoft arís eile ar ball.

  • Seanán Ó Coistín

    Tá iarrachtaí éagsúla ar bun ag cuideachtaí agus ag dreamanna éagsúla. Tá an glór Orla de chuid Microsoft thar barr. Agus mé ag éisteacht léi, tá sé amhail is dá mbeadh bean sa seomra liom ag labhairt os ard. Níl na guthanna atá forbartha ag ABAIR chomh maith le glór Orla. Tá súil agam go mbeidh na guthanna saorga de chuid ABAIR go maith amach anseo. Ba bhreá liom Mycroft AI a bheith ar fáil i nGaeilge. Tá gá le callaire cliste atá in ann an Ghaeilge a thuiscint agus rudaí a rá leis an nduine. Beidh le feiceáil cad é a chruthóidh ABAIR. Tá súil agam go gcuirfí a nguthanna saorga ar fáil le foinse oscailte chun gur féidir feidhm a bhaint astu ar ghléasanna éagsúla. Gach rath orthu.

  • Seán Ó Raghallaigh

    Más mian libhse i gColáiste na Tríonóide dul i dteagmháil linne inár gCiorcal Comhrá i
    Seanchill, Co. Bhaile Átha Cliath, cuir rp. chugam más é bhur dtoil é. Seán Ó R