Peileadóir Gaeltachta san iomaíocht do ghradam Imreoir na Bliana

Tá Louise Ní Mhuircheartaigh as Ciarraí, an Conallach Niamh McLaughlin agus Emma Duggan na Mí ainmnithe don ghradam ag na himreoirí idirchontae

Peileadóir Gaeltachta san iomaíocht do ghradam Imreoir na Bliana

Tá an sárpheileadóir ó Chorca Dhuibhne, Louise Ní Mhuircheartaigh, ar dhuine den triúr a bheidh san iomaíocht i mbliana do ghradam Imreoir na Bliana TG4.

Tá Ní Mhuircheartaigh, an Conallach Niamh McLaughlin agus Emma Duggan ó chontae na Mí ainmnithe don ghradam i ngrád na sinsear. Is iad na himreoirí idirchontae a roghnaíonn buaiteoir an ghradaim seo.

Bhí bliain den scoth ag Ní Mhuircheartaigh le Ciarraí agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu den chéad uair ó 2012. Scóráil sí 1-2 sa chluiche ceannais mí Iúil ach fuair foireann láidir na Mí an ceann is fearr ar mhná na Ríochta. Mar sin féin, ba í Ní Mhuircheartaigh, arb as Ard na Caithne di, duine de na tosaithe ab fhearr sa tír in 2022 agus í ainmnithe do ghradam All Star freisin.

‘Bhí laethanta an-dorcha againn ó 2012’ – mná Chiarraí agus Louise Ní Mhuircheartaigh ar thairseach ré nua 

 

Ainmníodh Emma Duggan don ghradam anuraidh chomh maith, ba í Vikki Wall a fuair an ceann sin. Cé nár scóráil Emma ach pointe amháin sa chluiche ceannais, gan ise ní bheidís sa cluiche sin mar gurbh í a d’aimsigh scóranna cinniúnacha in aghaidh na Gaillimhe agus in aghaidh Dhún na nGall sna babhtaí ceathrú ceannais agus leathcheannais.

Bhí Niamh McLaughlin as Bun an Phobail ina captaen ar fhoireann Dhún na nGall a raibh an-bhua acu ar Áth Cliath sna babhtaí ceathrú ceannais agus a thug dúshlán don Mhí ina dhiaidh sin.

Sa ghrád idirmheánach, triúr as contae Laoise a fuair ainmniúchán – Mo Nerney, Aisling Donoher agus Erone Fitzpatrick. Cathy Carey (Aontroim), Bláithín Bogue agus Eimear Smyth (Fear Manach) atá ainmnithe do ghradam na sóisear.

Fógrófar buaiteoirí na ngradam ag ócáid bhronnta All Stars TG4 an mhí seo chugainn, Dé Sathairn an 19 Samhain.

Fág freagra ar 'Peileadóir Gaeltachta san iomaíocht do ghradam Imreoir na Bliana'