Áine Ní Bhreisleáin ceaptha ina Clár Reachtaire le RnaG

Is í an t-iriseoir aitheanta de chuid Nuacht RTÉ/TG4 Áine Ní Bhreisleáin a ceapadh ina clár reachtaire i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga

Áine Ní Bhreisleáin

Tá Áine Ní Bhreisleáin, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, ceaptha ina Clár Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá seacht mbliana caite ag Áine ag obair le seirbhísí nuachta RTÉ/TG4 agus í lonnaithe san iarthuaisceart.

Is i stiúideo na nDoirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill a bheas Ní Bhreisleáin lonnaithe nuair a thosóidh sí ar an bpost nua i gceann cúpla seachtaine. Is é cúram an chlár reachtaire ná léiriú agus láithriú cláracha chúrsaí reatha RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh maith le cúnamh a thabhairt do sheirbhísí eile na de chuid na heagraíochta.

Dúirt Áine Ní Bhreisleáin le Tuairisc.ie go bhfuil sí ag dúil go mór le tosú sa phost úr.

“Taitníonn obair raidió liom agus tá mé ag dúil go mór le filleadh ar an stiúideo sna Doirí Beaga anois. Sular thosaigh mé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4, chaith mé thart ar dhá bhliain ag obair leis an raidió ag na deirí seachtaine agus i rith an tsamhraidh nuair a bhí mé ar an ollscoil agus tá mé iontach sásta go mbeidh mé ann arís,” a dúirt sí.

Beidh Áine fós le feiceáil ar fheasacháin nuachta RTÉ agus TG4 as seo go ceann cúpla seachtain.