GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Amhránaithe, ceoltóirí, damsóirí, aisteoirí, agus scríbhneoirí á lorg!

Deiseanna iontacha d’ealaíontóirí cruthaitheacha anois ar fáil mar chuid den MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.

Tá ár gcuid scoláirí MA tar éis an-bhliain go deo a bheith acu i mbun ceoil, amhránaíochta, ceapadóireachta agus Gaeilgeoireachta! Rinne siad socrúchán oibre den scoth le foireann an Oireachtais AGUS d’eagraíodar féile iontach sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta Tá na scoláirí sin ag obair faoi láthair ar a gcuid tograí cruthaitheacha, agus tá aghaidh á tabhairt againn anois ar an mbliain nua acadúil chomh maith.  Tá scoláirí cruthaitheacha de gach saghas á lorg againn – amhránaithe, ceoltóirí, damhsóirí, aisteoirí, scríbhneoirí – mar sin bígí dána agus bígí linn!

Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge: Sruth MA d’Ealaíontóirí Cruthaitheacha na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá an sruth nua máistreachta Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ar an bhfód anois le bliain agus tá ealaíontóirí cruthaitheacha á lorg faoi láthair againn don bhliain acadúil nua 2022/23. Sa chúrsa nuálach seo in Ollscoil Mhá Nuad, is féidir a bheith ag amhrán, ag damhsa, ag seinnt ceoil, ag aisteoireacht, nó i mbun ceapadóireachta mar chuid de do mhórthogra taighde; is féidir leat do chleachtas cruthaitheach a fhorbairt mar chuid den obair chúrsa sa mhodúl NG636 Taighde Dána: Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge agus is féidir féile bheag sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta a eagrú agus a rith mar chuid den mhodúl NG656 Féile Bheag.

Dlúthchuid den chlár nua léinn seo is ea an chomhpháirtíocht atá ar bun idir an tOireachtas agus Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, rud a chruthaíonn deis iontach do mhic léinn taithí phraiticiúil a fháil le saineolaithe gairmiúla sna healaíona Gaeilge agus eolas a fháil ar chultúr bríomhar ilghnéitheach na n-ealaíon dúchais in Éirinn. Cuireann an tOireachtas socrúcháin ghearra oibre ar fáil do mhic léinn, agus bíonn foireann an Oireachtais ar fáil chun comhairle a chur ar na mic léinn agus a bhféile bheag féin sna healaíona Gaeilge agus Gaeltachta á pleanáil agus á reáchtáil acu. Is cáilíocht mháistreachta í seo atá oiriúnach d’ealaíontóirí uile na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus dóibh siúd a bhfuil suim mhór acu sna healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha i gcoitinne. Is bealach é chun speisialtóireacht sa Ghaeilge agus sna healaíona a fhorbairt ag an am gcéanna. Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair agus is é an sprioclá ná 31 Iúil 2022.

Is féidir cur isteach ar an MA Nua-Ghaeilge tríd an gcóras PAC ar líne http://www.pac.ie/maynoothuniversity (cód: MHU50 (lánaimseartha) nó MHU51 (páirtaimseartha)). Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas iontrála agus faoin gcúrsa nua le fáil ar shuíomh Roinn na Nua-Ghaeilge agus ón Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona, Tríona Ní Shíocháin, in Ollscoil Mhá Nuad ag triona.nishiochain@mu.ie

Deiseanna den Scoth do Scríbhneoirí Cruthaitheacha in Ollscoil Mhá Nuad

Mar chuid den MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, is féidir anois tabhairt faoi thogra sa taighde ealaíonta in ionad an tráchtais thraidisiúnta. Ní hamháin go gciallaíonn sé seo gur féidir le lucht ceoil, amhránaíochta, damhsa agus aisteoireachta a bheith ag gabháil do chúrsaí taibhithe mar chuid dá gcúrsa MA, ach ciallaíonn sé gur féidir le scríbhneoirí próis, filí, agus drámadóirí tabhairt faoin scríbhneoireacht chruthaitheach mar dhlúthchuid dá gcúrsa léinn chomh maith. Más mian leatsa ardchaighdeán a bhaint amach i do chuid scríbhneoireachta, ceapadóireachta, agus cruthaitheachta, is deis iontach í seo duit tabhairt faoina leithéid faoi stiúir na scríbhneoirí agus na bhfilí iontacha atá ar fhoireann Roinn na Nua-Ghaeilge.

Scoláireachtaí MA

Tá ceithre cinn de scoláireachtaí MA ar fiú €3000 an ceann iad á gcur ar fáil ag Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, don bhliain acadúil 2022/23. Tuilleadh eolais anseo.

Seisiún Eolais

Beidh fáilte romhaibh ag an seisiún eolais ar líne faoi dheiseanna cruthaitheacha ar an MA Nua-Ghaeilge ar an 27 Meitheamh ar a 12.45 am lóin. Clárú roimh ré ag: nua.ghaeilge@mu.ie  Tuilleadh eolais le fáil ó Thríona Ní Shíocháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona, Ollscoil Mhá Nuad ag triona.nishiochain@mu.ie .

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Amhránaithe, ceoltóirí, damsóirí, aisteoirí, agus scríbhneoirí á lorg!'