Sárshaothar cumhachtach ón asarlaí scannán, Jane Campion

Tá gaisce déanta ag Jane Campion agus a cliar lena scannán nua The Power of the Dog

Sárshaothar cumhachtach ón asarlaí scannán, Jane Campion

...
The Power of the Dog
Benedict Cumberbatch (Phil Burbank), Jesse Plemons (George Burbank), Kirsten Dunst (Rose Gordon), Kodi Smit-McPhee (Peter Gordon)
Ceol le Jonny Greenwood
...

Dá ndéarfainn gur físdán comhaimseartha é seo faoin bhfearúlacht thocsaineach, mo léan dóite, ní bheadh ansin agam ach an chuid is lú d’fhís is d’fhírinne an Nua-Shéalannaigh mná a chum is a cheap The Power of the Dog.

Is leithne go mór ná sin raon na bhfearúlachtaí éagsúla atá á nochtadh ag Jane Campion i gcarachtair na bhfear a thugann sí le chéile ar rainse na ndeartháireacha Burbank, i Montana i mbliain ár dTiarna 1925.

Is ríléir na bearnaí atá d’éis fás idir an bheirt dearthár. Fear lách ar bheagán focal é George Burbank. Is mór leis na suáilcí nua-aimseartha a leanann an gustal – teach rainse ollmhór dhá stór, freastalaithe boird, gluaisteán fána thóin, éadaí breátha, fíon ar an mbord, agus Gobharnóir an Stáit ar a bhealach chun dinnéir leo.

Seo fear nua-aoiseach atá ag breathnú amach roimhe.

Ach buachaill bó ar an seandul is ea an deartháir eile, Phil. Sa diallait a mhaireann sé, nó amuigh sa scioból. É ina bhulaí salach, crua, tarcaisneach, pléascánta. Ach is duine léannta, deisbhéalach freisin é. Fear a bhaineann ceol íogair as an mbainseó.

Ólann sé sláinte George is an chomhluadair: ‘So here’s to us brothers, Romulus and Remus, and here’s to the wolf that raised us. Bronco Henry.’

Sea, Bronco Henry. Tréadaí rainse atá marbh le cúig bliana is fichead a bhfuil dia beag déanta ag Phil de. Tá a dhiallait siúd is a chuid spor curtha ar altóir phoiblí sa scioból. Agus, folaithe i bpluais rúnda cois srutháin, tá giuirléidí níos pearsanta ná sin de chuid an tsean-aoire atá anois ina n-ábhar feitise faoi choim ag Phil, ciarsúr síoda Bronco Henry san áireamh.

Is léir nach leor an ‘fhearúlacht thocsaineach’ mar lipéad i gcás an bhulaí áirithe seo.

Ní bréag a rá gur ciúin iad na linnte lána sna carachtair atá cruthaithe ag an asarlaí scannán Campion ar rainse na beirte dearthár.

Tugann ceol bagrach Jonny Greenwood le fios ón tús gur tírdhreach atá curtha as a riocht é domhan briste Phil agus George. In olcas a théann féinfhuath Phil de réir mar a bhrúnn sé George uaidh lena mhaslaí gangaideacha.

Ansin, de phreab, tugann George a chroí don óstach baintrí Rose istigh ar an tsráidbhaile, bean a bhfuil mac aici, Peter, a mbíonn na fir ag magadh faoi mar gheall ar a shuim i mbláthanna agus a gheáitsí baineanda. Leaindeálann George, Rose agus Peter abhaile mar chlann, casadh a chuireann le himeallú agus le binb Phil, gan trácht ar a shíocóis.

Fearann sé cogadh síceolaíoch ar Rose – ‘You’re nothing but a cheap schemer.’

Feachtas leanúnach díspeagtha á fhearadh aige gan taise ná trócaire ná tost. Ní haon ionadh go dtéann Rose i muinín an bhuidéil, díreach mar a chas a céad fhear céile, an Dr Gordon, ar an mbraon céanna fadó, is cosúil.

Cé a cheapfadh go bhféadfadh cúpla nóta fánach ar an mbainseó sceimhle a chur ar dhuine? Idir chiapadh Phil agus tost géilliúil George faoi fheachtas a dhearthár in éadan Rose agus an náire a bhaineann lena cuid ólacháin, tá drochbhail cheart ar Rose faoi dheireadh.

Fearúlacht den uile shórt a chuireann Jane Campion fána scian sa scannán iontach seo. Tá raidhse íogaireachta i bhfearúlacht ghéilliúil George, i bhfearúlacht thocsaineach Phil, agus i bhfearúlacht bhanúil Peter – seans gurb eisean té is suimiúla agus is casta díobh uile.

Bheifeá ag súil go n-íosfadh Phil Peter roimh bhricfeasta. Ach, ní fada go dtagann athrú ar phort Phil ina leith. Cuireann sé chuige an lead óg a chothú ar a dheilbh féin.

Cromann Phil ar rópa ornáideach seithe a shníomh dó. Mar a rinne Bronco Henry dó féin tráth.

Cothú, nó mealltóireacht? Ach, cé acu den mbeirt atá ina chuileog, cé acu atá ina dhamhán alla?

Aimsíonn buille Campion gach tairne, spor agus seithe. Agus fágann sí lear mór leideanna fan na slí dúinn chun rún an scéil a fhuascailt.

Fág faoin gceathrar aisteoirí é  – Cumberbatch, Dunst, Plemons, agus go háirithe, Kodi Smit-McPhee. Aisteoir a bhfuil cumhacht ina ghnúis is ina cholainn thuathalach, amscaí.

Seo aisteoir óg a bhfuil cumas fíor-neamhghnách ann. É go hiomlán istigh leis féin, go hiomlán istigh leis an gcuma atá air, go hiomlán istigh lena chuid eileachta, beag beann ar an saol.

As tobar socair na féintuisceana a tharraingíonn Kodi Smit-McPhee agus an carachtar a chruthaíonn sé a gcuid cumhachta go léir.

Tiocfaidh na hOscair go tiubh. Táid tuillte.

Má leanann Netflix ar aghaidh ar an gcaighdeán seo beidh orm córas cineama baile a cheannach chun coimeád suas leo.

Fág freagra ar 'Sárshaothar cumhachtach ón asarlaí scannán, Jane Campion'