‘Ní béile dom béile gan phónairí,’ a deir mo dheartháir óg Brasaíleach.
‘Ithim pónairí 365 lá sa bhliain,’ a deir úinéir an ionaid aclaíochta mar a mbím i mbun na meáchan. ‘Ná bac le creatháin próitéine nó a leithéid de chacamas. Má theastaíonn uait fás, ith do chuid pónairí.’
Tá an ceart ag an mbeirt. Ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl agus ó thosaigh mé ag ithe pónairí ag am lóin (nach mór) chuile lá, mothaím uaim iad nuair nach mbím sa Bhrasaíl agus nuair nach mbímse i gceannas ar an gcócaireacht. Tá i bhfad níos mó cothaithe i bpónairí ná mar atá in, abair, fataí.
Itheann formhór mór mhuintir na Brasaíle pónairí dubha, pónairí breaca nó pónairí dúshúileacha gach lá, agus nuair a thagann ardú ar an bpraghas, mar atá ag teacht le roinnt míonna anuas, is scéal mór é. An triomach leanúnach agus an breosla daor (caithfear na pónairí a iompar ó gharraí go pláta) is ciontach le cuid den ardú sin, ach tá cionsiocair mhór eile leis: pónairí soighe.
Na laethanta seo, is fearr le mórchuid feirmeoirí sa Bhrasaíl pónairí soighe (a ndéantar bia do bheithígh astu den chuid is mó) a chur ar a gcuid tailte ná na pónairí traidisiúnta a mbíonn dúil ag daoine iontu. Ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ní bhíonn feithidí agus galair ag cur as do na pónairí soighe an oiread agus a bhíonn do na pónairí eile. Ar an dara dul síos, tá éileamh seasta ar phónairí soighe go hidirnáisiúnta agus bíonn an praghas ar a ndíolfar an fómhar ar eolas ag na feirmeoirí soighe i bhfad sula mbaintear na pónairí – cinnteacht nach mbíonn acu i gcás na bpónairí eile.
Tá an t-éileamh idirnáisiúnta ar phónairí soighe chomh mór sin go bhfuil laghdú 35 faoin gcéad tagtha, le 44 bliain anuas, ar an limistéar talmhaíochta sa Bhrasaíl ar a bhfástar pónairí traidisiúnta. Ní tháirgtear ach díreach an méid pónairí traidisiúnta a mbíonn éileamh air, rud a fhágann go mbíonn tionchar ollmhór ag cúrsaí aeráide ar an bpraghas: níl aon stoc ann.
Tá cuid mhór bochtán agus daoine san ísealmheánaicme sa Bhrasaíl ag streachailt cheana féin chun píosa feola nó slisín sicín a chur ar a bpláta. Tá na pónairí traidisiúnta ar cheann de na foinsí próitéine is saoire dá bhfuil ar fáil, ach mura mbeidh stoc pónairí ar fáil mar atá á mholadh ag na saineolaithe talmhaíochta, is measa fós a éireoidh an éagothroime próitéine idir saibhir agus daibhir sa tír.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Géarú ar an éagothroime próitéine de bharr an éilimh idirnáisiúnta ar phónairí soighe'