Bagairt mhór an boilsciú do Bolsonaro

Beidh toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl as seo go ceann bliana agus ní dea-thuar don uachtarán reatha Jair Bolsonaro an marbh-bhoilsciú sa tír

Bagairt mhór an boilsciú do Bolsonaro

sMheall ceannlíne aisteach m’aird an lá cheana: ‘Deir 14 faoin gcéad de mhuintir na Brasaíle gur feoilséantóirí iad.’

14 faoin gcéad? I dtír ina mbeadh beárbaiciú acu don bhricfeasta dá mbeadh an t-am acu roimh an obair?

Ansin rith freagra na ceiste liom. Ní ag séanadh feola atá cuid mhór den 14 faoin gcéad sin, shamhlaigh mé. Caithfidh sé gurb é an chaoi nach bhfuil sé d’acmhainn acu feoil a cheannacht. Ná sicín. Ná muiceoil. Ná uibheacha. Ná ceanastar nua gáis. Gan trácht ar an mbille leictreachais atá le n-íoc!

Ní hí an Bhrasaíl an t-aon tír amháin ina bhfuil ardú as cuimse ag teacht ar na praghsanna inti le déanaí, ach tá trí ghné ag baint leis an mboilsciú sa Bhrasaíl a dhéanann cás na tíre sin éagsúil:

1. Tá triomach leanúnach ag cur as don soláthar bia

2. Ós rud é go bhfuil an Bhrasaíl ag brath go mór ar an gcumhacht hidrileictreach, tá an triomach céanna ag cur as don soláthar leictreachais agus tá ardú as cuimse ar an mbille leictreachais dá bharr

3. Tá an tír ina cíor thuathail ó thaobh na polaitíochta de, rud a fhágann go bhfuil titim sheasta ar luach airgeadra na Brasaíle, an real, agus go bhfuil ardú mór ar phraghsanna earraí ón iasacht

An tríú pointe is spéisiúla. Ní hamháin go bhfuil ardú ag teacht ar phraghsanna earraí iompórtáilte; droch-chlú rialtas Jair Bolsonaro thar lear is cúis leis go bhfuil infheisteoirí iasachta ag tarraingt siar as an mBrasaíl. Is fada an lá ó bhí fás ar gheilleagar na tíre agus sin í an phríomhchúis gur ‘marbh-bhoilsciú’, seachas gnáthbhoilsciú, atá á thabhairt ag eacnamaithe ar a bhfuil ag tarlú sa Bhrasaíl faoi láthair: ardú seasta ar na praghsanna le linn lag trá eacnamaíochta.

Ní dea-thuar an méid sin do Jair Bolsonaro. Beidh toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl as seo go ceann bliana. Ní raibh leibhéal tacaíochta Bolsonaro chomh híseal riamh agus de réir gach pobalbhreithe le deireanas bheadh an bua ag príomh-iarrthóir an fhreasúra, an t-iar-uachtarán Lula, ar uachtarán reatha na Brasaíle sa chéad bhabhta vótála – in ainneoin na conspóide a bhaineann leis féin de bharr na scannal calaoise éagsúla a tharla nuair a bhí sé féin agus a chomharba Dilma Rousseff i gcumhacht.

Is mór an t-achar bliain sa pholaitíocht áfach agus is mó fós an t-achar í do na milliúin Bhrasaíleach ar feoilséantóirí iad anois dá n-ainneoin féin. Nuair a bhíonn cileagram ‘conablach circe’ ar díol sna hollmhargaí ar an bpraghas céanna agus a bhíodh ar chileagram filléad sicín bliain go leith ó shin, tá a fhios agat go bhfuil rud éigin as an ngnáth ag tarlú.

Fág freagra ar 'Bagairt mhór an boilsciú do Bolsonaro'