TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Géarú ar an éagothroime próitéine de bharr an éilimh idirnáisiúnta ar phónairí soighe

De bharr an éilimh mhóir ar phónairí soighe, tá laghdú ollmhór ar sa Bhrasaíl ar líon na bhfeirmeoirí atá sásta na pónairí traidisiúnta a fhás

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Géarú ar an éagothroime próitéine de bharr an éilimh idirnáisiúnta ar phónairí soighe

‘Ní béile dom béile gan phónairí,’ a deir mo dheartháir óg Brasaíleach.

‘Ithim pónairí 365 lá sa bhliain,’ a deir úinéir an ionaid aclaíochta mar a mbím i mbun na meáchan. ‘Ná bac le creatháin próitéine nó a leithéid de chacamas. Má theastaíonn uait fás, ith do chuid pónairí.’

Tá an ceart ag an mbeirt. Ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl agus ó thosaigh mé ag ithe pónairí ag am lóin (nach mór) chuile lá, mothaím uaim iad nuair nach mbím sa Bhrasaíl agus nuair nach mbímse i gceannas ar an gcócaireacht. Tá i bhfad níos mó cothaithe i bpónairí ná mar atá in, abair, fataí.

Itheann formhór mór mhuintir na Brasaíle pónairí dubha, pónairí breaca nó pónairí dúshúileacha gach lá, agus nuair a thagann ardú ar an bpraghas, mar atá ag teacht le roinnt míonna anuas, is scéal mór é. An triomach leanúnach agus an breosla daor (caithfear na pónairí a iompar ó gharraí go pláta) is ciontach le cuid den ardú sin, ach tá cionsiocair mhór eile leis: pónairí soighe.

Na laethanta seo, is fearr le mórchuid feirmeoirí sa Bhrasaíl pónairí soighe (a ndéantar bia do bheithígh astu den chuid is mó) a chur ar a gcuid tailte ná na pónairí traidisiúnta a mbíonn dúil ag daoine iontu. Ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ní bhíonn feithidí agus galair ag cur as do na pónairí soighe an oiread agus a bhíonn do na pónairí eile. Ar an dara dul síos, tá éileamh seasta ar phónairí soighe go hidirnáisiúnta agus bíonn an praghas ar a ndíolfar an fómhar ar eolas ag na feirmeoirí soighe i bhfad sula mbaintear na pónairí – cinnteacht nach mbíonn acu i gcás na bpónairí eile.

Tá an t-éileamh idirnáisiúnta ar phónairí soighe chomh mór sin go bhfuil laghdú 35 faoin gcéad tagtha, le 44 bliain anuas, ar an limistéar talmhaíochta sa Bhrasaíl ar a bhfástar pónairí traidisiúnta. Ní tháirgtear ach díreach an méid pónairí traidisiúnta a mbíonn éileamh air, rud a fhágann go mbíonn tionchar ollmhór ag cúrsaí aeráide ar an bpraghas: níl aon stoc ann.

Tá cuid mhór bochtán agus daoine san ísealmheánaicme sa Bhrasaíl ag streachailt cheana féin chun píosa feola nó slisín sicín a chur ar a bpláta. Tá na pónairí traidisiúnta ar cheann de na foinsí próitéine is saoire dá bhfuil ar fáil, ach mura mbeidh stoc pónairí ar fáil mar atá á mholadh ag na saineolaithe talmhaíochta, is measa fós a éireoidh an éagothroime próitéine idir saibhir agus daibhir sa tír.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Géarú ar an éagothroime próitéine de bharr an éilimh idirnáisiúnta ar phónairí soighe'