Beidh ceolchoirm ag a gcloisfear leaganacha nua Gaeilge d’amhráin John Prine i measc na n-ócáidí ar chlár IMRAM na bliana seo a seoladh inné.
Art Hughes agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh liricí Prine don seó ‘Áit a gCanann na hAingil’ agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus Peter O’Toole a bheidh i mbun an cheoil in amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire.
Dúirt Stiúrthóir IMRAM, Liam Carson, le Tuairisc.ie gurbh sáramhránaí é John Prine a raibh bua na scéalaíochtaí agus na filíochta go smior ann.
Tá go leor scannán nua á thaispeáint ar líne mar chuid den fhéile i mbliana, lena n-áirítear Mis, scannán atá bunaithe ar dhán den teideal céanna le Biddy Jenkins.
Beidh scannán nua eile á thaispeáint bunaithe ar théama an tsneachta san fhilíocht agus is iad Gabriel Rosenstock, Helen Ivory agus Mícheál Ó hAodha na filí a bheas páirteach sa scannán sin.
Beidh dhá scannán nua le Rody Gorman á dtaispeáint i mbliana. Léargas ar shaol an fhile faoin dianghlasáil atá sa scannán Glasadh, a thaispeánfar ar an 12 Samhain. Súil siar ar “aislingí a óige” atá sa scannán Turas, a thaispeánfar ar líne i lár na míosa seo chugainn.
Mar chuid de thionscadal Drithliú Aisteach: Filíocht Georg Trakl, taispeánfar dhá scannán faoi mhórfhile na Gearmáinise ar an 17 Samhain.
Tá an clár ar fad ar fáil anseo.
Fág freagra ar 'Amhráin John Prine á gceol i nGaeilge mar chuid d’imeachtaí IMRAM na bliana seo'