Plean teanga na hInse seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá trí phlean teanga do Líonraí Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin phróiseas pleanála teanga – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin

Plean teanga na hInse seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Tá plean teanga Bhaile na hInse á sheoladh ag Aire Stáit na Gaeltachta agus cuairt á tabhairt aige ar chontae an Chláir ar maidin.

Is é An Clár as Gaeilge Teo an cheanneagraíocht pleanála teanga atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don bhaile. Cuirfear buiséad bliantúil €80,000 ar fáil don cheanneagraíocht thar thréimhse seacht mbliana chun an plean a chur i bhfeidhm.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur “údar áthais” dó seoladh an phlean teanga nua do Bhaile na hInse agus mhol sé an “obair mhór” atá déanta ag daoine “ar leas na Gaeilge in Inis”.

“De thoradh na hoibre atá déanta ag a leithéid agus ag páirtithe leasmhara, ar nós Gaelscoil Uí Chíosóig agus Gaelcholáiste an Chláir – gan trácht ar eagraíochtaí agus ar fhorais eile anuas tríd na blianta, tá bonn láidir ag an nGaeilge mar theanga bhisiúil bheo sa mbaile. Tógfar ar an obair fhónta sin le feidhmiú an phlean teanga atá á sheoladh inniu faoin bpróiseas pleanála teanga,” a dúirt sé.

Mar chuid dá thuras, tabharfaidh an tAire Stáit Chambers cuairt ar Ghaelscoil Mhichíl Cíosóg agus ar Ghaelcholáiste an Chláir, mar a chasfaidh sé le baill foirne agus le daltaí na scoileanna sin.

Fágann fógra an lae inniu go bhfuil trí phlean teanga do Líonraí Gaeilge ceadaithe go dtí seo faoin phróiseas pleanála teanga – Inis, Baile Locha Riach agus Cluain Dolcáin.

Tá dhá phlean teanga as an 26 plean atá le hullmhú faoi Acht na Gaeltachta 2012 do na ceantair Ghaeltachta fós le ceadú.

Tá pleananna teanga Oileáin Árann agus na Gaeltachta Láir i nDún na nGall á meas ag Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire.

Tá plean teanga Thrá Lí á mheas i láthair na huaire agus an baile sin ag iarraidh aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.

Tá pleananna teanga á gcur i bhfeidhm cheana féin i Leitir Ceanainn, i nDaingean Uí Chúis, i gcathair na Gaillimhe agus ar an gClochán Liath. Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

Fág freagra ar 'Plean teanga na hInse seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Eoin Ó Murchú

    Tá cónaí ormsa i gCluain Dolcáin, agus is ball de Mhuintir Chrónáin mé (ar linn an t-áras). Tá an Ghaeilge beo anseo, ach mar gheall ar iarrachtaí an phobail mar is beag atá déanta ag an gcomhairle contae nó foras ar bith eile den chineál sin.
    Taobh amuigh de Áras Chrónáin, tá ar a laghad trí naíonra gaeilge, dhá bhunscoil gaeilge agus meánscoil gaeilge amháin.
    Tá muintir an bhaile bródúil as Gaeilge bheo a bheith sa mbaile, ach baineann gach fiontar le iarracht an phobail féin.
    Má tá plean don Ghaeilge ann, ní fheicim aon chomhartha dhe in obair na comhairle contae. Níl aon fhiontair phoiblí ann ar chor ar bith don Ghaeilge in ainneoin iarrachtaí Áras Chrónáin, iarrachtaí an phobail, agus iarrachtaí comhairleoirí cosúil le hEoin Ó Broin (an ceann eile) agus Peadar Caomhánach, maoir na comhairle.
    Is rud maith é go bhfuiltear ag caint faoi plean a chothódh an teanga sa mbaile, ach bheadh sé níos fearr dá mbeadh gnó ar siúl ag na hinstitiúidí stáit freisin.