25 bliain a bhí mé nuair a thosaigh mé ag cleachtadh capoeira, 35 nuair a thug mé faoin jú-jiotsú Brasaíleach, agus 45 nuair a cheannaigh mé lámhainní agus mála dornálaíochta dom féin. Bliain níos déanaí arís, agus mé ag freastal ar ranganna dornálaíochta san ionad aclaíochta (tá a leithéid ceadaithe arís tar éis na paindéime) tá cathú orm nach raibh an misneach agam tabhairt faoin spórt sin nuair a bhí mé 15, an aois atá ag Deivisson, an t-aon duine eile sa rang.
Thug mé faoin capoeira bliain is fiche ó shin toisc gur ealaín chomhraic ‘dheas mhúinte’ gan teagmháil atá ann. Spórt teagmhála an jú-jiotsú Brasaíleach ar ndóigh ach níos minice ná a mhalairt bíonn tóin do chéile comhraic i d’aghaidh agus níorbh é sin an cineál teagmhála a shantaigh mé.
Sa dornálaíocht, tá cead agat duine eile a bhualadh. Tá sé go deas fear eile a bhualadh.
Bhí sé an-deacair orm an abairt thuas a scríobh – léiriú, is dócha, ar cé chomh mór is atá an tabú a bhaineann leis an dornálaíocht mar spórt i gcónaí, i gciorcail áirithe pé scéal é. Bíonn tú ceaptha a rá go bhfuil dúil agat sna scileanna agus sa luas, go bhfuil tú ag iarraidh do dhúshlán féin a thabhairt nó go dteastaíonn uait meáchan a chailleadh. Ní maith a rá go bhfuil dúil agat san fhoréigean.
Dá ndéarfainnse le mo mhuintir nuair a bhí mé 15 bliain d’aois go dteastódh uaim freastal ar ranganna dornálaíochta is dóichí ná a mhalairt go ndéanfaidís coinne dom le síceolaí. Ní bhuaileann buachaillí múinte buachaillí eile; thar aon rud eile, ní bhuaileann buachaillí ar múinteoirí ceoil daonlathacha sóisialta agus gníomhaithe ar son na síochána domhanda iad a dtuismitheoirí buachaillí eile.
Is léir nach mbíonn fadhbanna dá leithéid ag cur as do Deivisson, an stócach 15 bliain d’aois arb é an t-aon dalta eile é sna ranganna dornálaíochta ar a mbím ag freastal. Bíonn sé ag rá liom é a bhualadh níos láidre.
Trí oíche sa tseachtain múineann Amanda, an teagascóir, sraith nua smitíní, trasdoirne, doirne aníos, cosaintí agus coisíocht dúinn. Ina dhiaidh sin, bíonn orainn trí bhabhta trí nóiméad a chur dínn ag speáráil lena chéile. Leathchéad suíonna aniar ansin chun deireadh a chur leis an rang, duine againn ag tabhairt soncanna sa ngoile don duine eile. Leathmharbh a bhímid tar éis uair an chloig, ach cúis bhróid nach beag dom é go mbím in ann coinneáil suas, ó thaobh teacht aniar fisiciúil de pé scéal é, le Deivisson – in ainneoin go bhfuil mé 31 bliana níos sine ná é.
Ach an rang deireanach, baineadh freanga aiféala asam nuair a dúirt Amanda le Deivisson gur chóir dó smaoineamh faoi pháirt a ghlacadh i gcomórtais, agus go deimhin faoi shlí bheatha mar dhornálaí.
Dá mbeinn 15 bliain d’aois arís.
alan titley
Comhghairdeachas le hAlex. Má tá sé go maith duine eile a bhualadh, níl chomh maith sin go mbuailfí tú! Dheineas féin beagán nuair a bhíos an 15 mbliana dhéag sin, ach b’fhusa spóirt eile a imirt. B’fhéidir nach raibh m’athair róshásta, mar ba dhornálaí éifeachtach amaitéarach é féin a throid ‘ar son na hÉireann’ cúpla babhta. Ach ina choinne sin, b’fhéidir go raibh faoiseamh, leis, toisc nár tugadh batráil agus leadradh dhom.
Gearóid
B’aoibhinn liom an scéal agus is mór agam do chuid ionracais; ar an drochuair caithfidh mé a thuairisciú nach maolaíonn ar an chathú leis an aois! ( na seascaidí)