‘Tá sé go deas fear eile a bhualadh’

Tá cathú ar ár gcolúnaí nach raibh an misneach aige tabhairt faoin dornálaíocht go dtí go raibh sé i lár na ndaichidí

‘Tá sé go deas fear eile a bhualadh’

25 bliain a bhí mé nuair a thosaigh mé ag cleachtadh capoeira, 35 nuair a thug mé faoin jú-jiotsú Brasaíleach, agus 45 nuair a cheannaigh mé lámhainní agus mála dornálaíochta dom féin. Bliain níos déanaí arís, agus mé ag freastal ar ranganna dornálaíochta san ionad aclaíochta (tá a leithéid ceadaithe arís tar éis na paindéime) tá cathú orm nach raibh an misneach agam tabhairt faoin spórt sin nuair a bhí mé 15, an aois atá ag Deivisson, an t-aon duine eile sa rang.

Thug mé faoin capoeira bliain is fiche ó shin toisc gur ealaín chomhraic ‘dheas mhúinte’ gan teagmháil atá ann. Spórt teagmhála an jú-jiotsú Brasaíleach ar ndóigh ach níos minice ná a mhalairt bíonn tóin do chéile comhraic i d’aghaidh agus níorbh é sin an cineál teagmhála a shantaigh mé.

Sa dornálaíocht, tá cead agat duine eile a bhualadh. Tá sé go deas fear eile a bhualadh.

Bhí sé an-deacair orm an abairt thuas a scríobh – léiriú, is dócha, ar cé chomh mór is atá an tabú a bhaineann leis an dornálaíocht mar spórt i gcónaí, i gciorcail áirithe pé scéal é. Bíonn tú ceaptha a rá go bhfuil dúil agat sna scileanna agus sa luas, go bhfuil tú ag iarraidh do dhúshlán féin a thabhairt nó go dteastaíonn uait meáchan a chailleadh. Ní maith a rá go bhfuil dúil agat san fhoréigean.

Dá ndéarfainnse le mo mhuintir nuair a bhí mé 15 bliain d’aois go dteastódh uaim freastal ar ranganna dornálaíochta is dóichí ná a mhalairt go ndéanfaidís coinne dom le síceolaí. Ní bhuaileann buachaillí múinte buachaillí eile; thar aon rud eile, ní bhuaileann buachaillí ar múinteoirí ceoil daonlathacha sóisialta agus gníomhaithe ar son na síochána domhanda iad a dtuismitheoirí buachaillí eile.

Is léir nach mbíonn fadhbanna dá leithéid ag cur as do Deivisson, an stócach 15 bliain d’aois arb é an t-aon dalta eile é sna ranganna dornálaíochta ar a mbím ag freastal. Bíonn sé ag rá liom é a bhualadh níos láidre.

Trí oíche sa tseachtain múineann Amanda, an teagascóir, sraith nua smitíní, trasdoirne, doirne aníos, cosaintí agus coisíocht dúinn. Ina dhiaidh sin, bíonn orainn trí bhabhta trí nóiméad a chur dínn ag speáráil lena chéile. Leathchéad suíonna aniar ansin chun deireadh a chur leis an rang, duine againn ag tabhairt soncanna sa ngoile don duine eile. Leathmharbh a bhímid tar éis uair an chloig, ach cúis bhróid nach beag dom é go mbím in ann coinneáil suas, ó thaobh teacht aniar fisiciúil de pé scéal é, le Deivisson – in ainneoin go bhfuil mé 31 bliana níos sine ná é.

Ach an rang deireanach, baineadh freanga aiféala asam nuair a dúirt Amanda le Deivisson gur chóir dó smaoineamh faoi pháirt a ghlacadh i gcomórtais, agus go deimhin faoi shlí bheatha mar dhornálaí.

Dá mbeinn 15 bliain d’aois arís.

Fág freagra ar '‘Tá sé go deas fear eile a bhualadh’'

  • alan titley

    Comhghairdeachas le hAlex. Má tá sé go maith duine eile a bhualadh, níl chomh maith sin go mbuailfí tú! Dheineas féin beagán nuair a bhíos an 15 mbliana dhéag sin, ach b’fhusa spóirt eile a imirt. B’fhéidir nach raibh m’athair róshásta, mar ba dhornálaí éifeachtach amaitéarach é féin a throid ‘ar son na hÉireann’ cúpla babhta. Ach ina choinne sin, b’fhéidir go raibh faoiseamh, leis, toisc nár tugadh batráil agus leadradh dhom.

  • Gearóid

    B’aoibhinn liom an scéal agus is mór agam do chuid ionracais; ar an drochuair caithfidh mé a thuairisciú nach maolaíonn ar an chathú leis an aois! ( na seascaidí)