‘Náireach’ – aird tarraingthe ag tuismitheoirí i mBaile Átha Cliath ar an droch-chaoi atá ar Ghaelcholáiste a bpáistí

Thacaigh beirt Teachtaí Dála le tuismitheoir a chuir pictiúir amach ar Twitter a dúirt sé a léirigh an drochbhail atá Ghaelcholáiste Reachrann agus an gá atá le foirgneamh nua

‘Náireach’ – aird tarraingthe ag tuismitheoirí i mBaile Átha Cliath ar an droch-chaoi atá ar Ghaelcholáiste a bpáistí

Tá aird tarraingthe ag tuismitheoirí i mBaile Átha Cliath ar an droch-chaoi a deir siad atá ar Ghaelcholáiste a bpáistí.

Thacaigh beirt Teachtaí Dála le tuismitheoir a chuir pictiúir amach ar Twitter a dúirt sé a léirigh an drochbhail atá ar Ghaelcholáiste Reachrann agus an gá atá ag an scoil le foirgneamh nua.

Tá an drochbhail atá ar chuid de na seomraí réamhdhéanta sa scoil le feiceáil i bpictiúr amháin a roinneadh ar na meáin shóisialta agus poill sna ballaí agus sa tsíleáil sna seomraí ranga le feiceáil i bpictiúir eile.

D’fhág tuismitheoirí eile teachtaireachtaí faoi na pictiúir inár léirigh siad imní faoi shábháilteacht a bpáistí i bhfianaise dhroch-chaoi na scoile.

I ndiaidh dó na pictiúir de Ghaelcholásite Reachrann i nDomhnach Míde a fheiceáil ar Twitter, dúirt Teachta Dála amháin go ndearna sé teagmháil leis an Aire Oideachais faoin scoil.

“Ní féidir glacadh beag ná mór leis an drochbhail atá ar an scoil seo – tá an cheist ardaithe agam leis an Aire Oideachais agus táim ag iarraidh go ndéanfaí gníomh láithreach,” a dúirt Cian O’Callaghan, Teachta Dála na nDaonlathaithe Sóisialta do Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh.

Dúirt Seán Haughey, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil sa cheantar céanna, go raibh faoi an scéal a phlé leis an Roinn Oideachais.

I ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal dúradh go raibh cás na scoile á phlé acu le Bord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire agus iarrachtaí á ndéanamh “dlús” a chur le forbairt an fhoirgnimh nua.

Tá Gaelcholáiste Reachrann, ceann de na gaelcholáistí is rathúla sa tír, 20 bliain ar an bhfód i mbliana.

I mí Dheireadh Fómhair seo caite thug an Roinn Oideachais cead do Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire gearrliosta conraitheoirí a chur le chéile. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn ar an iarratas ar scoil nua ag an tráth sin agus dúradh gur chun “dlús a chur leis an tionscadal” a bhí an liosta sin á iarraidh.

“Tá an foirgneamh do Ghaelcholáiste Reachrann i gcéimeanna deiridh na pleanála, céim 2 (b) – miondearadh,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Thug an t-urlabhraí le fios gur ag céim a 2 den phleanáil atá an t-athbhreithniú go fóill agus go mbeadh tionscadal na scoile seo ag bogadh chuig céim 3, céim na tairisceana, mura mbeadh “aon cheisteanna ann” faoi chéim a dó den phróiseas.

Dhiúltaigh an Roinn Oideachais aon ráiteas a dhéanamh faoin bhuairt a d’fhéadfadh a bheith ar thuismitheoirí maidir le sábháilteacht is sláinte na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Átha Cliath agus Dhún Laoghaire faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Náireach’ – aird tarraingthe ag tuismitheoirí i mBaile Átha Cliath ar an droch-chaoi atá ar Ghaelcholáiste a bpáistí'