Cén fhad eile a ghlacfaidh muid leis an rialtas seo?

An bhfuil oiread is duine amháin i measc pháirtithe an rialtais a déarfaidh gur chóir stop a chur leis seo agus sainordú ceart a lorg do rialtas nua?

Cén fhad eile a ghlacfaidh muid leis an rialtas seo?

An Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney. Pictiúr: JULIEN BEHAL PHOTOGRAPHY

Cén fhad eile a chaithfeas muid cur suas leis an Rialtas seo, leis an éagumas, leis an sotal agus leis an mífheidhmiúlacht? Ní hé go bhfuil scannal cheapachán Katherine Zappone ar na cinn is measa a chonaic muid, ach léiríonn a laige is a bhí míniú an Rialtais ar an scéal gur cuma leo faoin tráth seo an gcreideann muid iad nó nach gcreideann. 

Ar ndóigh, ní chreideann formhór an phobail an leagan den scéal a bhí ag Simon Coveney. Dúirt sé gur chuir Katherine Zappone téacs chuige ag gabháil buíochais leis as an bpost mar thoscaire speisialta chuig na Náisiúin Aontaithe a thabhairt di ach gurbh amhlaidh nár thuig sí a raibh á rá aige. Ní ‘post’ ach ‘coincheap’ a bhí ann ag an am, ach faraor níor bhac sé lena míthuiscint a chur ar a súile do Zappone.  

Táthar ann ar ndóigh atá ag insint dúinn go bhfuil scéalta eile ann atá níos tábhachtaí –cúrsaí tithíochta, sláinte agus oideachais – agus tá an ceart acu. Ach ní féidir linn aon mhuinín a bheith againn as rialtas ar cuma leo faoin bhfírinne, ar cuma leo faoi chleachtas ceart, agus a thugann tús áite dá gcairde. 

Bhí Katherine Zappone féin soiléir gur theastaigh uaithi deis a bheith aici cuireadh a fháil chun casadh le Joe Biden, Uachtarán Mheiriceá, agus le daoine mór le rá eile sna Náisiúin Aontaithe. Is é an tuiscint atá agamsa air sin, agus ag gach éinne a labhraím leis faoi, ná go dtabharfadh an post sin deis di a clár oibre féin a chur chun cinn agus cead isteach aici go ceannáras na Náisiún Aontaithe. 

Cé hí féin ar aon chuma?  Níl aon mhórthaithí aici ar pholaitíocht na hÉireann. 

Faoi phráinn a ghlac RTÉ agus na meáin eile léi mar urlabhraí an liobrálachais, agus ar ndóigh ghlac sí páirt lárnach san fheachtas ar son an phósta comhghnéis. 

In éineacht lena bean Ann Gilligan, nach maireann, bhí sí gníomhach leis an gCosán, a thugann deiseanna oideachais do dhaoine fásta i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste. Bunaithe ar an dá rud sin ghlac Páirtí an Lucht Oibre chucu Zappone in ainneoin a heaspa taithí sa pholaitíocht. 

Ba bheag leo an chonspóid maidir le táillí uisce nuair a thug sí cuireadh do Joan Burton teacht go Tamhlacht le teastais oideachais a bhronnadh. Lean cásanna cúirte na hagóidí i gcoinne Burton ansin. 

Agus í molta ag Eamon Gilmore, d’ainmnigh Enda Kenny mar Sheanadóir í, agus bhí tuairim ann ar feadh tamaill go seasfadh sí do Pháirtí an Lucht Oibre i dTamhlacht. Ach bhí sé ag éirí soiléir gur mó d’ualach ná de chabhair do Pháirtí an Lucht Oibre iarrthóir toghcháin a chur san iomaíocht ansin. 

Sheas Zappone mar neamhspleách agus cé nach bhfuair sí ach 6.6% den vóta céadrogha, toghadh í a bhuíochas le vótaí aistrithe ó dhaoine nach raibh ag iarraidh Fine Gael nó Fianna Fáil. 

Ní mór an gaisce a rinne sí ina dhiaidh sin mar aire agus in ainneoin na cainte faoi chearta páistí, cuireadh bac i ndiaidh baic roimh dhul chun cinn an fhiosrúcháin faoi na hárais máithreacha agus naíonán. 

Ní hamháin sin ach nuair a d’imigh sí as oifig bhí airgead mór ann nár caitheadh ar chor ar bith – €58.7 milliún ag deireadh 2019. 

Chaill sí a suíochán in 2020. Fuair sí 5.5% den vóta céadrogha ach fíorbheagán aistriúchán a bhí aici an uair seo. 

Bunaithe air sin go léir is deacair a thuiscint cén fáth go gcaithfeadh Fine Gale oiread fuinnimh ag iarraidh í a chur chun cinn arís, sna Náisiúin Aontaithe an uair seo. 

Ach, b’fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal ná a laige is a bhí Micheál Martin.  Tá sé in ainm is a bheith ina Thaoiseach, ach is léir nach bhfuil aon mheas ag airí Fhine Gael air, ná ag airí de chuid an Chomhaontais Ghlais ach an oiread. 

Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo.  Féach go deimhin na fadhbanna móra. Féach an ghéarchéim tithíochta agus an phraiseach atá á déanamh den scéal ag Darragh O’Brien. Féach an clár Sláintecare agus beirt oifigeach shinsearacha éirithe as mar gheall ar an easpa acmhainní atá ar fáil don fhiontar. Féach na deacrachtaí leanúnacha i bhforbairt na tuaithe, i gcúrsaí oideachais agus sa chóras dlí is cirt. 

An bhfuil oiread is duine amháin i measc pháirtithe an rialtais a déarfaidh gur chóir stop a chur leis seo agus sainordú ceart a lorg do rialtas nua? Oiread is duine amháin? Nó an tábhachtaí leo go léir a gcuid jabanna, a gcuid costas agus a gcuid tuarastal mar Théachtaí Dála? 

Fág freagra ar 'Cén fhad eile a ghlacfaidh muid leis an rialtas seo?'

  • Séamus Hughes

    Is mór an náire gur scaoileadh Leo chomh fada le seo. An Páirtí Glas..cén mhaith iad i ndáiríre? Cáin. Sin an taon fhreagra atá acu don timpeallacht. Cáin ar na daoine ba lú cúis le trúailiú is rud ar bith déanta chun srian a chuir ar na monarchain agus feirmeoirí is cúis le tromlach an damáiste. ‘Punching down’ nós Fhine Ghaeil, an gluin cromtha acu in ómós do forbaitheoirí neamh chonsiasach na tíre. Fíanna Fáil?! Náireach lag gan ionsparáid ná polasaithe don 21ú aois. Gadaí ár nacmhainn nádúrtha. Talamh Coillte á dhíol go Apple chun cuisneoirí a thógáil?! Trúailliú in ionad foraoise is gan crann sa tír beagnach. Tá súil agam go ndúisíonn an phobal is bata agus bóthar a thabhairt do FF is FG. Thar am acu.