Cúig chomhlacht san iomaíocht le sraith nua drámaíochta do dhaoine óga a léiriú do TG4

Ceithre chomhlacht as Gaeltacht Chonamara agus ceann amháin as Baile Átha Cliath ar thóir coimisiúin do shraith nua roimh dheireadh na bliana seo

Cúig chomhlacht san iomaíocht le sraith nua drámaíochta do dhaoine óga a léiriú do TG4

Tá sé beartaithe ag TG4 coimisiún a thabhairt do chomhlacht léiriúcháin teilifíse roimh dheireadh na bliana seo le sraith nua drámaíochta a léiriú a bheidh dírithe go sonrach ar phobal féachana faoi 35 bliain.

Tá maoiniú suas le €50,000 an ceann tugtha do chúig chomhlacht léiriúcháin le forbairt a dhéanamh ar bhunsmaoineamh do shraith drámaíochta agus tá sé beartaithe ceann amháin de na comhlachtaí sin a roghnú le tabhairt faoin tionscnamh nua i mbliana.

Cuirfear an buiséad don tsraith féin ar fáil ó chiste €3 mhilliún a d’fhógair an Rialtas mí Iúil anuraidh le poist a spreagadh i dtionscal na teilifíse ach ní fios faoi láthair cé mhéad den mhaoiniú sin a chaithfear ar an tionscnamh nua seo.

Tá ceithre cinn de na comhlachtaí atá ar an ngearrliosta don scéim seo lonnaithe i nGaeltacht Chonamara – Fíbín Media, Rosg, Danú Media agus Tua Films agus tá an cúigiú comhlacht, Blinder Films, lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear saineolaí i ndrámaíocht na teilifíse ar fáil mar mheantóir le tacú leis na comhlachtaí i mbun a chuid oibre.

Tá TG4 ag obair i gcomhar le Fís Éireann ar an tionscnamh nua seo.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, gur aithin an tseirbhís gur ‘bearna rófhada’ cúig bliana déag ó tugadh faoin tsraith drámaíochta Aifric do dhaoine óga ach go raibh sé beartaithe anois freastal ar lucht féachana óg na hÉireann ‘ar bhealach leanúnach, inmharthana’ le sraith drámaíochta Gaeilge.

Dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann, atá ag tacú le TG4 leis an scéim seo nach féidir luach a chur ar an iarracht seo maidir le haitheantas a thabhairt don ‘dúil láidir atá go domhanda i scéalta úrnua agus iad á n-insint ag daoine níos óige na linne seo dá leithéid féin’.

Is iad na cúig dhráma as a roghnófar sraith amháin:

Saor Sin ó Olc, sraith mistéire, faoi mharú agus bean atá faoi bhrú (Fíbín Media)

Ciontach scéal cailín atá dóchasach go dtí go scriostar an dóchas sin (Rosg)

Ag Briseadh Tríd, dráma grinn faoi dhéagóir (Blinder Films)

Cailíní Aimsire sraith faoi shaol laethúil triúr meitéareolaithe ban atá ina gcónaí le chéile (Danú Media)

An Bua ina bhfuil buíon carachtar atá fiáin, scaoilte, agus éagsúil óna chéile ag éalú ó shlabhraí éagsúla (Tua Films)

Fág freagra ar 'Cúig chomhlacht san iomaíocht le sraith nua drámaíochta do dhaoine óga a léiriú do TG4'