Cléire chun leas a bhaint as ciste €450,000 chun na healaíona a chur chun cinn

Fógraíodh maoiniú freisin go ghrúpaí pobail i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh mar chuid den chlár ‘Áiteanna Ildánacha’, chun deiseanna nua cruthaitheachta a fhorbairt agus a chothú

Cléire chun leas a bhaint as ciste €450,000 chun na healaíona a chur chun cinn

Tá Cléire ar cheann de na seacht n-oileán ar chósta thiar Chorcaí a bhainfidh leas as maoiniú €450,000 chun borradh a chur faoi chúrsaí cultúrtha ar na hoileáin.

Tá an maoiniú fógartha ag an gComhairle Ealaíon mar chuid den scéim ‘Áiteanna Ildánacha’. An aidhm atá leis an gclár trí bliana sin tacaíocht a thabhairt do na healaíona traidisiúnta agus comhaimseartha atá á gcleachtadh in áiteanna ar fud na tíre cheana féin agus iad a neartú agus dálaí a chruthú le go mbeidh rannpháirtíocht sna healaíona faoi stiúir an phobail uaidh seo amach.

Tá ciste €450,000 curtha ar fáil chun an clár a chur i bhfeidhm ar Chléire, ar an Oileán Mór, Oileán Baoi, Oileán Faoite, Inis Uí Drisceoil, Inis Fada, agus Inis Arcáin.

Dúirt Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Chomharchumann Chléire Teoranta, go bhfáiltíonn an comharchumann “roimh an tacaíocht atá á léiriú tríd an infheistiú fhadtéarmach seo, a thugann aitheantas don obair atá déanta le blianta anuas chun oileáin iarthar Chorcaí a chur chun cinn mar ionaid ealaíon agus cultúir.”

Dúirt Ó Méalóid go mbeidh deiseanna ann tógáil ar an obair atá ar bun ar Chléire chun páirtíocht níos mó ón bpobal a spreagadh i réimse na n-ealaíon sa todhchaí.

Dúirt an Comhairleoir Gillian Coughlan, Méara Chontae Chorcaí, go bhfuil ríméad orthu sa Chomhairle leis an maoiniú seo do na hoileáin.

Tá ár bpobail oileánda an-tábhachtach dúinn i gComhairle Contae Chorcaí. Cé go bhfuil ár n-oileáin faoi bhrú eacnamaíoch áirithe agus iad iargúlta ó thaobh tíre de, tá teacht aniar iontu agus nuálaíocht chomh maith.”

Tá sé fógartha freisin go bhfuil grúpaí pobail i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun maoiniú a fháil mar chuid den chlár ‘Áiteanna Ildánacha’.

Rachaidh an €40,000 atá á chur ar fáil in Uíbh Ráthach ar mhaithe leis na healaíona a chur chun cinn chun tairbhe do Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Comhairle Contae Chiarraí, Ealaín na Gaeltachta, Éigse na Brídeoige agus Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

Fág freagra ar 'Cléire chun leas a bhaint as ciste €450,000 chun na healaíona a chur chun cinn'