Leabhar nua le Brian Ó Baoill le seoladh an deireadh seachtaine seo

Úrscéal staire é Ceann Fhaoladh, atá bunaithe ar shaol agus ar scríbhinní Cheann Fhaoladh, a bhain clú amach mar ollamh agus mar rí i mBaile an Easa, idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach i dTír Chonaill sa seachtú haois

Leabhar nua le Brian Ó Baoill le seoladh an deireadh seachtaine seo

Brian Ó Baoill agus a leabhar nua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Seolfar an deireadh seachtaine seo leabhar nua leis an údar Brian Ó Baoill bunaithe ar shaol saighdiúra agus scoláire cáiliúil i nDún na nGall.

Úrscéal staire é Ceann Fhaoladh, atá bunaithe ar shaol agus ar scríbhinní Cheann Fhaoladh, a bhain clú amach mar ollamh agus mar rí i mBaile an Easa, idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach i dTír Chonaill sa seachtú haois.

Chuir sé tús le litríocht na Gaeilge nuair a scríobh sé an chéad leabhar sa teanga riamh.

Ba eisean ba chúis le príomhtheanga an léinn in Éirinn a athrú ón Laidin go dtí an Ghaeilge. Ba ghaiscíoch cogaidh é freisin deirtear, a throid go cróga i gCath Mhaigh Rátha agus comhraic fhuilteacha eile na haimsire sin.

Tá an t-úrscéal nua ag Brian Ó Baoill, atá foilsithe ag Coiscéim, bunaithe ar scríbhinní Cheann Fhaoladh féin, cuntais faoi i lámhscríbhinní is i leabhair, agus scéalta a insítear faoi ina cheantar féin.

Seolfar an leabhar ar líne Dé Sathairn, an 1 Bealtaine agus reáchtálfar painéal cainteoirí mar chuid den ócáid.

Beidh Anna Ní Bhroin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in OÉ Gaillimh ina cathaoirleach ar an seisiún cainte agus beidh Brian Ó Baoill, údar an leabhair; an Dr Brian Lacey, seandálaí agus staraí; Síobhra Aiken, léachtóir in Ollscoil na Banríona; Deborah Ní Ghibne, scríbhneoir agus ealaíontóir; agus Conor Ó Gallchóir, mac léinn ollscoile agus amhránaí, i láthair freisin.

Reáchtálfar an seoladh idir 7pm-7.30pm amárach agus is féidir clárú saor in aisce ar Eventbrite le freastal air.

Is féidir breathnú ar an ócáid a chraolfar beo leathanaigh facebook Foras na Gaeilge, Glór na nGael, Molscéal, Conradh na Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Leabhar nua le Brian Ó Baoill le seoladh an deireadh seachtaine seo'