Botún a bheadh ann a cheapadh nach bhfuil tábhacht ag baint le reachtaíocht nua

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil dul amú ar shochtheangeolaí aitheanta a deir go bhfuil an Bille Teanga nua ‘largely irrelevant’

Botún a bheadh ann a cheapadh nach bhfuil tábhacht ag baint le reachtaíocht nua

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur botún atá ann a cheapadh nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis an mBille Teanga atá á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair.

In alt leis a foilsíodh ar an Irish Times ar maidin easaontaíonn an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill le háiteamh a rinne an sochtheangeolaí aitheanta faoin reachtaíocht teanga ar an nuachtán céanna.

San alt sin, mhaígh Conchúr Ó Giollagáin go raibh an Stát ar tí tabhairt faoi “another bout of outcome-blind public spending on Irish” agus gurb é a fhianaise sin an “bureaucratic wrangling” sa Dáil faoin “largely irrelevant Official Languages Bill…” 

Ach deir an Coimisinéir go bhfuil dul amú ar an sochtheangeolaí sa chás seo agus go bhfuil an reachtaíocht teanga “ríthábhachtach”. 

“Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht Teanga níos láidre go géar uainn chun cosaint a thabhairt do chearta teanga mhuintir na Gaeltachta. 

“Agus cé gur léir nach leor aisti féin aon reachtaíocht teanga, tuigeann saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta sa réimse seo go bhfuil an reachtaíocht teanga ríthábhachtach má táthar le pobal teanga a chosaint agus a neartú.”

Deir an Coimisinéir gur “ábhar iontais” dó cuid den tuairimíocht a bhí ag an Ollamh ina alt ar an Irish Times. 

“Níorbh aon ábhar iontais dea-thaighde agus argóintí bríomhara an Ollaimh, ach b’aisteach liom éirim na hargóna gur cailicéireacht reachtaíochta a bhí sna díospóireachtaí faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais agus go raibh Bille na dTeangacha Oifigiúla ‘neamhábhartha den chuid is mó’,” a deir an Coimisinéir. 

Maíonn sé gur léirigh na tuarascálacha atá foilsithe ag a Oifig le blianta beaga anuas gur “géire anois ná riamh” an riachtanas Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a neartú. 

“Ní ghéillim go bhfuil rogha le déanamh idir forbairt phobal na Gaeltachta agus cur le stádas reachtúil na Gaeilge. Go deimhin, tá an dá rud fite fuaite lena chéile,” arsa an Coimisinéir Teanga.

Maíonn sé nach bhfuil “aon ní siombalach” faoi na fiosruithe agus na gearáin a dhéantar le hOifig an Choimisinéara Teanga. 

“Gnáthchonstaicí i ngnáthshaol daoine sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a bhíonn á bhfiosrú againn. Is rud an-ábhartha do dhuine é go ndéanfaí sárú ar a chearta teanga.”

Deir an Coimisinéir Teanga gur “éileamh dlisteanach ábhartha” é go gcuirfí seirbhísí stáit trí Ghaeilge ar fáil do dhaoine. 

“Is chuige sin atá an reachtaíocht leasaithe,” ar sé.

Ina alt a foilsíodh an tseachtain seo caite, dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin nach raibh sa bhille teanga ach “the latest version of token State provision to bolster the symbolic status of Irish – legislative fiddling while Rome burns”.

Mhaígh sé gur cosúil gur beag spéis a bhí ag “Gaeltacht officialdom” i ngalldú leanúnach na Gaeltachta. 

“The symbolic civic promotion of Irish without protecting existing communities of Irish speakers has enabled English-language majoritarianism to flourish in the social geography of the Gaels,” ar sé.

“Potemkin Gaeltacht” a bheadh againn sara fada mura dtiocfadh athrú mór ar chúrsaí, a mhaígh an sochtheangeolaí.

Mhol sé go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta agus Údaras na Gaeltachta mar atá agus go mbunófaí iontaobhas phobal na Gaeltachta agus ciste forbartha na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Botún a bheadh ann a cheapadh nach bhfuil tábhacht ag baint le reachtaíocht nua'

  • Seán Mag Leannáin

    Aontaím go hiomlán le Rónán Ó Domhnaill: “Níl rogha le déanamh idir forbairt phobal na Gaeltachta agus cur le stádas reachtúil na Gaeilge. Go deimhin, tá an dá rud fite fuaite lena chéile.” Maidir leis an alt le Conchúr Ó Giollagáin san Irish Times aithním an dea-rún atá taobh thiar de ach ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon mhaitheas do chaomhnú ná do chur chun cinn na Gaeilge. I mo thuairimse cothaíonn sé idirdhealú bréagach idir pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an chuma air freisin go ndéanann sé beag-is-fiú de na hiarrachtaí atá ar bun faoi láthair an reachtaíocht faoi chearta teanga a láidriú. Tá an téarmaíocht san alt doiléir go leor ach don ghnáth-léitheoir tuigfidh sé/sí ón bpíosa gur cur amú ama agus cur amú acmhainní é don chuid is mó an tacaíocht a thugann an stát don Ghaeilge sa chóras oideachais agus i réimsí eile nach mbaineann go díreach leis an nGaeltacht.

    Aithním ar ndóigh faillí an stáit i leith na Gaeilge ach san am céanna caithfidh ról lárnach a bheith ag an stát sa ghnó seo ar fad. Tá todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht ag brath cuid mhaith ar stádas agus dul chun cinn na teanga sa stát ar fad agus beidh na pobail Ghaeilge sa ghalltacht ag brath i gcónaí ar an nGaeltacht mar thobar na teanga agus mar inspioráid dóibh. Tá faitíos orm nach mbeidh san alt le Conchúr Ó Giollagáin ach tuilleadh uisce do mhuileann na ndaoine gur fuath leo an teanga agus gurbh fhearr leo fáil réidh léi ar fad chomh luath agus is féidir.

  • S. Mac Muirí

    Is botún a cheapadh nach raibh gearáin ábhartha á scríobh fiche 7 daichead bliain sular bunaíodh oifig an choimisinéara, nach raibh ball saonta thall is abhus i bhFF a chreid go ngaelófaí na 26 co soir amach as Gaeltacht oirthear na Gaillimhe trí Áth Luain go BÁC.
    Ba cheadmhach a bheith saonta an t-am soin faoi neathanna ábhartha.

  • Jo

    Ceart ar fad ag an gcoimisinéir. Tugtar i bhfad an iomarca airde ar thuairimí an Dr Uí Ghiollagáin agus a leithéid atá ag iarraidh diceatóime bhréagach a chruthú (sna meáin Bhéarla le déanaí). Is ar leas na Gaeilge é reachtaíocht láidir agus gach cosúlacht ann go mbeidh an leagan seo ina chuidiú.

  • S. Mac Muirí

    Meabhraíonn an cíoradh so thuas comhrá aisteach a bhí agam le hiar-Aire Gaeltachta tráthnóna amháin. Labhair an bheirt againn siar is aniar ar feadh dhá nóiméad nó mar soin. Níor labhair sé oiread is focal amháin Gaeilge liom ar feadh an achair. Bhí mé an-chuiditheach, leathmhall fiú amháin, agus soiléir ag caint leis, lena mhealladh chun na Gaeilge, agus thuig sé go rabhas ag déanamh réidh an achair dó. D’fhan sé leis an mbéarla, ar fad, agus d’fhanas féin leis an nGaeilg. Bhuail imní ansin mé go dtiocfadh mic léinn isteach an doras 7 go bhfeicfeadh siad iar-Aire Gaeltachta ag spalpadh leis i mbéarla.
    D’imigh sé. Tháinig na mic léinn. Chuaigh mé abhaile an tráthnóna soin 7 ceacht an-mhaith foghlamtha faoin aitheachtuaith 7 faoi chloíteacht an Éireannaigh. Go cinnte, ‘it’s part of what they are’ – cuid Pháidín.

  • Goll

    Is é an toradh a bheas ar an bhille teanga seo (má dhéantar Acht de) – agus is cuma cé na leasuithe a nglacfar leo – go mbeidh stádas fobhunreachtúil de facto ag an Ghaeilge feasta. Ag tagairt atá mé don leibhéal 20 % a bhfuil glactha leis ag Conradh na Gaeilge i.e. ag an phríomh-chollaborateur. Ar an ábhar sin, b’fhearr as ná ann é. Seo an buille mór a mbeidh sé deacair nó b’fhéidir dodhéanta teacht slán as. Tá an ceart ag Conchur Ó Giollagáin i ngach rud a luaitear thuas, ach amháin nach fíor dó go bhfuil an bille “largely irrelevant” – tá sé ábhartha arae tá an nimh mharfach ann. Agus tá an ceart ag Rónán Ó Domhnaill sa méid is gur fíor go bhfuil géarghá agus fíor-riachtanas le hAcht Teanga ceart! Ach ní hé sin a gheofar as an bhille seo.