Bhí mé i mo shuí ag a ceathrú tar éis a trí maidin inniu agus tá mé ag mo dheasc, na focail seo á gcló isteach agam, ag a 03:30. Curiarracht phearsanta, gan dabht, cé nach bhfuil a fhios agam ar chóir dom a bheith bródúil aisti.
‘I mo luí’ seachas ‘i mo chodladh’ a bhí mé an cúpla uair an chloig a chaith mé sa leaba sular éirigh mé. Níl a fhios agam cad ba chúis leis an easpa codlata an iarraidh seo: an iomarca caife, an iomarca imní nó an iomarca fear ar m’intinn, nó na trí rud.
Ach tá a fhios agam rud amháin, agus beidh eagarthóir Tuairisc.ie sásta an méid seo a chloisteáil: d’ainneoin go bhfuil úrscéal le críochnú agam, d’ainneoin go bhfuil gearrscéal ar m’intinn a bheidh orm a scríobh sula ndéanfaidh mé dearmad air agus d’ainneoin go bhfuil flúirse ama agam anois a bhuíochas leis an mochéirí, is faoin gcolún seo a thug mé ar dtús.
Bhí an feiniméan seo á phlé agam aréir le cara de mo chuid ar cumadóir ceoil é, agus más duine thú atá ag obair san earnáil chruthaitheach, chuile sheans go n-aithneoidh tú an lúb ar lár seo in aigne an ealaíontóra phroifisiúnta, más lúb ar lár é: tabharfaidh tú faoin obair a íocfas na billí sula dtabharfaidh tú faoin obair nach n-íocfaidh (ach arbh fhearr leat a bheith á déanamh.)
Tá beirt pháistí óga ag mo chara an cumadóir ceoil (agus bean chéile ar póilín í agus nach dtagann abhaile go dtí go mall san oíche); táim féin ag staid aisteach i mo shaol ag a bhfuil orm aire a thabhairt, más go sealadach féin é, do mo mháthair.
D’fhéadfadh sé a bheith níos measa. Níl páistí agamsa agus ar ámharaí an tsaoil níl an tsláinte ag cur as do thuismitheoirí mo chara, ach d’fhéadfadh a bheith: ní gan chúis a thugtar ‘an ghlúin atá i lár an cheapaire’ ar an aoisghrúpa idir 40-60 agus ní gan chúis a mhaítear gurb í 47 an aois is deacra i saol an duine.
Rud amháin atá tugtha faoi deara fúinn féin agam féin agus ag mo chara an cumadóir ceoil ná go mbímid i bhfad níos sibhialta leis na daoine atá ag brath orainn nuair a bhíonn an obair chruthaitheach a íocann na billí críochnaithe againn. Bímid in ann gáire a dhéanamh, seachas pléascadh leo, nuair a bhíonn páistí nó tuistí ag cur isteach orainn.
I ndáiríre píre is é sin, seachas an t-airgead, an chúis go mbíonn an bheirt againn inár suí nuair a bhíonn an chuid eile den saol ina luí.
Tanya
Go raibh maith agat as do chuid oibre i lár na hoíche, a Alex. Bainim an-taitneamh as do chuid scríbhneoireachta i gcónaí.