Botún Gaeilge aisteach in ionad tástála Covid-19 le cur ina cheart ag an HSE

Bhí botún aisteach san aistriúchán Gaeilge ar fhógra rabhaidh in ionad tástála Covid-19 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Botún Gaeilge aisteach in ionad tástála Covid-19 le cur ina cheart ag an HSE

Tá comharthaí a fhógraíonn cosc ar cheamaraí in ionaid tástála Covid-19 le baint anuas ag an HSE de bharr gur cuireadh an botún aisteach san aistriúchán Gaeilge orthu ar a súile dóibh.

Sa bhfógra bhí an ‘No’ sa rabhadh ‘No cameras’ aistrithe go Gaeilge amhail is gur giorrúchán ar an bhfocal Béarla ‘number’ a bhí ann.

Tuairisc.ie a chuir faoi bhráid an HSE an pictiúr den fhógra thuas, pictiúr a tógadh ag Ionad Tástála Covid-19 de chuid an HSE ar Bhóthar Shrewsbury i mBaile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an fhoireann atá ag obair san ionad tástála Covid-19 sin curtha ar an eolas faoin mbotún. 

“Rachaidh an fhoireann i dteagmháil le hoifigeach Gaeilge Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte chun an botún a cheartú agus chun socrú a dhéanamh comharthaí cearta a chur ina n-áit,” arsa urlabhraí an HSE.

Dúirt an t-urlabhraí gur cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil amach ar conradh go dtí soláthróir eile. 

In oirthear na tíre amháin a bhí “an fhadhb seo”, a dúirt an t-urlabhraí.

“Is féidir liom a dheimhniú gur go háitiúil amháin a bhí an fhadhb seo agus go gcuirfear an scéal ina cheart go luath.”

Fág freagra ar 'Botún Gaeilge aisteach in ionad tástála Covid-19 le cur ina cheart ag an HSE'

  • Pádraic

    Nár cheart go mbeadh an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ar an gcomhartha freisin?

  • Antóín

    ” Cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil amach ar conradh go dtí soláthróir eile.”

    Ainm an tsoláthróra le do thoil sa dóigh is gur féidir le comhlachtaí eile é a sheachaint.

  • Liam

    🙄