Ealaíontóir as an gCeathrú Rua ina ionadaí d’Éirinn ag taispeántas ealaíne idirnáisiúnta

Seo an chéad uair ar taispeánadh le chéile saothair ealaíontóirí as chuile cheann den 193 tír atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe, a bunaíodh in San Francisco sna Stáit Aontaithe i 1945

Ealaíontóir as an gCeathrú Rua ina ionadaí d’Éirinn ag taispeántas ealaíne idirnáisiúnta

Is é an t-ealaíontóir Pádraic Reaney, as an gCuileán ar an gCeathrú Rua ó dhúchas, ionadaí na tíre seo ag taispeántas ealaíne atá ar bun ar líne faoi láthair leis na 75 bliain ó bunaíodh na Náisiúin Aontaithe a cheiliúradh.

Seo an chéad uair ar taispeánadh le chéile saothair ealaíontóirí as chuile cheann den 193 tír atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe, a bunaíodh in San Francisco sna Stáit Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair, 1945.

An tsaoirse a roghnaigh an Ráinneach mar théama dá phictiúr, colúir ag eitilt ó dhorchadas an ghéibhinn i dtreo na spéire goirme.

Mar gheall ar ghéarchéim na sláinte de bharr an Covid-19 is ar líne amháin atá an taispeántas le feiceáil faoi láthair, ach táthar ag súil go mbeifear in ann é a reáchtáil i gceannáras na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an bhliain seo chugainn.

Tá Pádraic Reaney ag saothrú a bheatha mar ealaíontóir ó rinne sé staidéar ar an Ealaín i gColáiste Teicniúil Réigiúnach na Gaillimhe (nó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo an lae inniu) os cionn 40 bliain ó shin agus tá aitheantas bainte amach aige go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta dá phictiúir agus dá phíosaí dealbhadóireachta.

Tá cónaí ar Phádraic i Maigh Cuilinn le blianta fada agus is ann a bhíonn sé i mbun a cheirde i stiúideo a thóg sé féin.

Ar cheann de na chéad saothair leis a thuill cáil, bhí sraith priontaí de thithe tréigthe i Ros an Mhíl a rinne sé idir na blianta 1979 agus 1983. Bronnadh Duais Phádraic Mac Con Midhe air ag an Oireachtas i 1979 le tabhairt faoin obair sin.

Ba é a rinne an dearadh ar Ghairdín Cuimhneacháin Liam Uí Fhlaithearta ar Inis Mór agus chruthaigh sé píosa dealbhadóireachta don ghairdín sin freisin. Tá obair go leor déanta aige agus An Táin agus an Gorta Mór mar théamaí.

Is iomaí taispeántas a bhí aige, sa tír seo agus thar lear, i gcaitheamh na mblianta agus go leor gradam bronnta air. Úsáidtear pictiúir leis go rialta le leabhair a mhaisiú.

Bhí cnuasach dá chuid pictiúr d’oileáin, Inis Airc, Inis Bó Finne agus Málta mar shampla, le bheith ar taispeáint i nDánlann Uí Chionnaith i nGaillmh an fómhair seo, ach b’éigean sin a chur ar athló mar gheall ar na srianta a bhaineann le Covid-19.

Pádraic agus an t-amhránaí agus an cumadóir Róisín Seoighe as Ros an Mhíl na healaíontóirí as  Conamara a bhí sa scannán faisnéise Cumar faoi roinnt de lucht ealaíne na Gaillimhe, a rinneadh in 2019 agus a taispeánadh ar TG4 le gairid.

Fuair sé scéala le déanaí go mbeidh prionta amháin as chuile eagrán de phriontaí a rinne sé ó lár na 1970idí ar aghaidh á mbailiú ina gcartlann ag an eagraíocht an Inter-Art Foundation sa Rómáin. Tá breis is 100 eagrán de phriontaí i gceist uilig agus tá sé i mbun oibre faoi láthair ag cur ord agus eagar orthu.

Maidir leis an taispeántas nua seo atá ag comóradh bhunú na Náisiún Aontaithe, dúirt Pádraic gur mór an onóir dó gur roghnaíodh saothar leis do thaispeántas dá leithéid.

Tá an taispeántas le feiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Ealaíontóir as an gCeathrú Rua ina ionadaí d’Éirinn ag taispeántas ealaíne idirnáisiúnta'