€280,000 bronnta ar bheagnach trí scór ealaíontóirí Gaeltachta

Tá sparánachtaí suas le €6,000 bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar 57 ealaíontóir sa Ghaeltacht agus scríbhneoirí, ceoltóirí, lucht drámaíochta agus ealaíontóirí aitheanta ina measc

€280,000 bronnta ar bheagnach trí scór ealaíontóirí Gaeltachta

Tá os cionn ceathrú milliún euro bronnta ag an rialtas ar ealaíontóirí Gaeltachta chun tacaíocht a thabhairt don earnáil agus í buailte ag paindéim an Covid-19.

Tá sparánachtaí suas le €6,000 bronnta ag Ealaín na Gaeltachta ar 57 ealaíontóir sa Ghaeltacht agus scríbhneoirí, ceoltóirí, lucht drámaíochta agus ealaíontóirí aitheanta ina measc.

Chuir Clár Éire Ildánach an t-airgead ar fáil mar chuid de chlár spreagtha mhí Iúil chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil d’ealaíontóirí.

Dónall Ó Héalaí

Tá an t-aisteoir as Gaeltacht Chonamara Dónall Ó Héalaí, a ainmníodh le déanaí don ghradam ‘Stars of Tomorrow’ de chuid Screen International, i measc na n-ealaíontóirí ar bronnadh sparánacht air agus dúirt sé go dtabharfaidh an tacaíocht bhreise deis dó script a scríobh.

“Táim fíorbhuíoch d’Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach as an sparánacht seo. Is deis iontach dom féin go pearsanta í le ham a chur ar leataobh chun tabhairt faoi scríbhneoireacht scripte. Mar aisteoir is minic a shantaíonn tú script a scríobh. Beidh mé in ann an fhís sin a fhíorú anois mar gheall ar an tacaíocht agus an spreagadh atá ar fáil ó Ealaín na Gaeltachta agus Éire Ildánach.”

Tá Darach Mac Con Iomaire ar dhuine eile de lucht drámaíochta agus scannán ar bronnadh sparánacht orthu. Tá Muireann Nic Amhlaoibh, Peadar Ó Riada, Mairéad Ní Mhaonaigh agus Breanndán Ó Beaglaoich i measc na gceoltóirí agus amhránaithe a fuair sparánachtaí. I measc na scríbhneoirí a fuair sparánacht tá Dairena Ní Chinnéide, Cathal Ó Searcaigh, Ceaití Ní Bheildiúin agus Mike P Ó Conaola.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin go bhfuil meas tuillte acu siúd atá ag cleachtadh na n-ealaíon i nGaeilge gur “ábhar spreagtha cinnte” iad na tionscadail atá beartaithe ag na healaíontóirí Gaeltachta.

Muireann Nic Amhlaoibh

 

Chuir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers fáilte roimh an tionscnamh freisin agus mhaígh sé gur léiriú é “ar thiomantas an Rialtais d’fhorbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht mar a gealladh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030”.

“Tá na healaíona cruthaitheacha ar cheann de na hearnálacha is mó atá buailte ag COVID-19, agus an Ghaeltacht is mó a bhfuil tionchar ag an víreas uirthi agus mar sin tá tábhacht ar leith ag baint leis na sparánachtaí seo agus iad tráthúil go leor,” a dúirt an tAire Chambers. “Tá na healaíontóirí seo ag déanamh obair den scoth le linn tréimhse achrannach. Is infheistíocht an maoiniú seo i gcaomhnú agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na hÉireann tráth a bhfuil na healaíona ag teastáil go géar chun meanma na tíre a ardú.”

Chuir Micheál Ó Fearraigh, feidhmeannach forbartha Ealaín na Gaeltachta, fáilte roimh Scéim Sparánachta Ealaín na Gaeltachta.

“Gan ealaíontóirí, ní bheidh aon ealaíon ann. Tá tuiscint mhór againn ar an tábhacht atá leis na healaíona i saol na Gaeltachta. Táimid buíoch den Chlár Éire Ildánach. A bhuí leis táimid in ann tacaíocht shuntasach bhreise a chur ar fail d’ealaíontóirí sa Ghaeltacht tráth a bhfuil slad déanta ar shlí bheatha daoine ag an bpaindéim.”

Fág freagra ar '€280,000 bronnta ar bheagnach trí scór ealaíontóirí Gaeltachta'