Agus an tarraingt déanta, cén chuma atá ar na foirne atá cáilithe do chluichí leathcheannais Sraith na gCuradh

Tá a fhios againn anois cé hiad na foirne a bheidh ag imirt a chéíle i gcluichí leathcheannais Sraith na gCuradh – Bayern Munich v Barcelona agus Juventus v Real Madrid - ach an bhfuil tada le foghlaim ón gcaoi ar cháiligh siad?

Pep Guardiola, a thug freagra láidir ar na ceisteanna a bhí á gcur faoina ról mar bhainisteoir Bayern
Pep Guardiola, a thug freagra láidir ar na ceisteanna a bhí á gcur faoina ról mar bhainisteoir Bayern

Leigheas ag Dr. Pep ar thinneas Bayern

Tar éis an chéad chluiche i gcoinne Porto, inar chaill Bayern 3-1, chinn dochtúir na nGearmánach, Hans-Wilhelm Müller-Wohlfahrt, agus an fhoireann leighis uile, éirí as mar gur cheap siad go raibh an milleán á chur orthusan as ucht na ndrochthorthaí a bhí ag Bayern le tamall.

Bhí imreoirí móra ar nós Arjen Robben, Franck Ribery agus Bastian Schweinsteiger in easnamh orthu agus tar éis dóibh an chéad chluiche a chailleadh, bhí caint ann go raibh Pep Guardiola féin i mbaol mar bhainisteoir. Bhí taispeántas láidir ag teastáil uaidh ar an Máirt agus sin go díreach a fuair sé.

D’imir Bayern sacar den scoth sa chéad leath i gcoinne na bPortaingéalach, iad 5-0 chun cinn ag leath ama agus iad ar a suaimhneas. Chríochnaigh an cluiche 6-1 i bhfabhar na nGearmánach agus tá siad anois á áireamh in éineacht le Barcelona mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí.

Is beag creidiúint atá á tabhairt do Juventus, cé go bhfuil na cluichí leathcheannais sroichte acu anois.
Is beag creidiúint atá á tabhairt do Juventus, cé go bhfuil na cluichí leathcheannais sroichte acu anois.

Dul chun cinn i ngan fhios, geall leis, á dhéanamh ag Juventus

Leis na réalta uile atá ag foirne ar nós Bayern, Real Madrid agus Barcelona, is iad na cluichí a bhfuil siadsan páirteach iontu is mó a tharraingíonn aird an phobail agus na gcraoltóirí.

Níl sé deich mbliana fiú ó cuireadh Juventus síos go dtí an dara roinn san Iodáil mar gheall ar an gcaimiléireacht a bhí ar siúl acu le réiteoirí sa tsraith. Agus iad ar ais sa phríomhroinn anois, tá Serie A buaite acu gan stró trí bliana as a chéile, ach toisc gan mórán dul chun cinn a bheith déanta acu san Eoraip, níl mórán spéise ag daoine iontu.

Anois agus na babhtaí leathcheannais sroichte acu den chéad uair ó 2003, ní cheart iad a chur as an áireamh. Tá an t-aonad cosanta is fearr acu as measc na foirne atá fágtha sa tsraith agus le himreoirí ar nós Arturo Vidal, Paul Pogba agus Carlos Tevez, ní bheidh faitíos orthu roimh éinne.

Tá Andres Iniesta tar éis bláthú an athuair faoi chúram Luis Enrique i mbliana. Pictiúr: INPHO/Getty Images
Tá Andres Iniesta tar éis bláthú an athuair faoi chúram Luis Enrique i mbliana. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Barcelona ar ais ar a seanléim

Ba é anuraidh an chéad uair ó 2007 nár shroich Barcelona cluichí leathcheannais Sraith na gCuradh. Ní raibh an club tagtha chucu féin fós ó imeacht Pep Guardiola agus chríochnaigh siad an séasúr gan aon chorn acu den dara huair le deich mbliana.

Tháinig Luis Enrique isteach i mbliana, fear a d’imir le Guardiola ar fhoireann Barcelona sna nóchaidí, agus cé nach raibh tús iontach aige, tá cúrsaí socraithe síos anois. Tá Barcelona neadaithe ar bharr La Liga agus tá an scleondar le braistint arís ina gcuid imeartha.

Fear amháin a thugann léargas dúinn ar an athrú seo ná Andres Iniesta. Bhí gan mhaith go leor den am anuraidh ach i bhfianaise an ruathair den scoth a rinne sé chun an chéad chúl a chruthú do Neymar i gcoinne PSG aréir, tá Iniesta ar ais i mbarr a mhaitheasa arís.

 Cé go bhfuil na babhtaí leathcheannais sroichte acu, níl rudaí gan locht do Real Madrid. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Cé go bhfuil na babhtaí leathcheannais sroichte acu, níl rudaí gan locht do Real Madrid. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl an gluaiseacht chéanna ag Madrid i bliana

nár thug Atletico Madrid cead dá gcomharsana imirt mar ba mhian leo sna cluichí ceathrú ceannais, ní taicticí Diego Simeone amháin ba chúis le Real Madrid gan a bheith ach measartha sna cluichí sin. Cothrom an ama seo anuraidh, bhí foireann Carlo Ancelotti ag buachan go rábach ar na foirne timpeall orthu.

Sna babhtaí díbeartha de Shraith na gCuradh anuraidh, fuair siad an ceann is fearr ar Schalke ar scór comhiomlán 9-2. I mbliana, is ar éigean go bhfuair siad an ceann is fearr ar an bhfoireann chéanna, 5-4. Cé gur chaith siad €120M ar James Rodriguez agus Toni Kross i rith an tsamhraidh, shílfeá gur chuir sin as do chothromaíocht na foirne.

Aréir, d’imir an cosantóir Sergio Ramos i lár na páirce cé go raibh fáil ar Sami Khedira, fear a bhuaigh Corn an Domhain don Ghearmáin i lár na páirce. Dealraíonn sé go bhfuil brú ag teacht ar Ancelotti na réalta a imirt in áit an fhoireann is láidre a roghnú agus má leanann sé sin ar aghaidh, beidh sé deacair ag curaidh na bliana seo caite an beart a dhéanamh arís.

Fág freagra ar 'Agus an tarraingt déanta, cén chuma atá ar na foirne atá cáilithe do chluichí leathcheannais Sraith na gCuradh'